Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "KGB"

2,054 bytes added ,  14 bliain ó shin
(Naisc +Íomhá)
I ndiaidh na bpurguithe, tosaíodh ag atógáil na heagraíochta - NKGB, nó Coimeasáracht Phobail Slándála an Stáit, a bhí uirthi anois. Níor athraigh an ceannasaí nua, Lavrentiy Beriya, a dhath faoin dóigh a raibh an tseirbhís rúnda ag iarraidh Stailín a ghiúmaráil trí chreidiúint a thabhairt dá chuid teoiricí comhcheilge. San am céanna, áfach, bhí ag éirí go maith leis an tseirbhís a cuid gníomhairí a shuí in áiteanna tábhachtacha i saol na dtíortha Iartharacha. Tháinig cuma nua ar an eagraíocht arís sa bhliain 1947, nuair a rith leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Vyacheslav Molotov "Coiste Eolais" nua a bhunú (''Комитет информации/Komitet informatsii'' as Rúisis) a bhunú. Bhí an Coiste seo ceaptha leis an rúnseirbhís - an MGB (Roinn Slándála an Stáit), a bhí uirthi anois - a chumasc le seirbhís faisnéise an Airm (GRU, nó ''Главное Разведывательное Управление/Glavnoye Razvedyvatel'noye Upravleniye'' - "Príomh-Riarachán na Faisnéise"). Nuair a chaill Molotov an meas mór a bhí ag Stailín air, ligeadh an Coiste Eolais i ndearmad.
 
Idir an dá linn, bhí Beriya, a bhí i gceannas ar an Roinn Gnóthaí Inmheánacha, bhí sé ag comhchruinniú cumhachta ina lámha féin. Bhí sé ag dréim le teacht i gcomharbas ar Stailín. Sa bhliain 1953, fuair Stailín bás, agus ansin, chumaisc Beriya an MGB agus an MVD le chéile. Bhí baill eile an Phraesaidiam (sin é an t-ainm a bhí ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh san am seo) barúlach go mbeidís féin i gcontúirt dá sealbhódh Beriya an chumhacht, agus bhain siad tosach de. Cúisíodh faoi "ghníomhaíocht choiriúil in aghaidh an Stáit agus an Pháirtí" é, agus cuireadh chun báis é faoi dheifir. Scoilteadh an MVD arís, agus fuair an sean-MGB ainm nua: an KGB, nó Coiste Slándála an Stáit ag Comhairle Airí an Aontais Shóivéadaigh.
 
An chéad chathaoirleach ar an KGB a raibh uaillmhianta thar a cheart féin aige, b'é Aleksandr Shelepin é. Bhí sé i gceannas ar an gCoiste sna blianta 1958-61, agus nuair a chaill Khrushchev a oifig mar Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh, bhí Shelepin orthu siúd a ghlac páirt sa ''c''h''oup'' seo. Mar sin féin, tugadh bata is bóthar do Shelepin agus dá choimircí, Vladimir Semichastnyi. Ba chuimhin le Brezhnev an dóigh a raibh Beriya ag iarraidh dul i gceannas ar an Aontas Sóivéadach i ndiaidh bhás Stailín, agus níor theastaigh uaidh an iomarca cumhachta a fhágáil ag ceannairí an KGB i dtréimhse na héiginnteachta i ndiaidh imeacht Khrushchev,
 
B'é Yuri Andropov a tháinig i gcomharbas ar Shelepin agus ar Semichastnyi. Bhí seisean ar an duine ab fhaide a d'fhan i gceannas ar an KGB, agus ar an duine ba mhó cumhachta, leis. D'éirigh leis suíochán an Ard-Rúnaí a bhaint amach dó féin nuair a cailleadh Brezhnev sa deireadh, ach níor mhair sé féin i bhfad ina dhiaidh sin. Fad is a d'fhan sé i gceannas, bhí an KGB an-dian ag iarraidh muintir an Aontais Shóivéadaigh a choinneáil faoi smacht agus pionós a ghearradh dóibh siúd nach dtabharfadh an urraim cheart don idé-eolaíocht.
 
B'é Vladimir Kryuchkov ceannasaí deireanach an KGB. Bhí sé míshásta leis an n[[gleasnast]] a bhí á chur chun cinn ag Mikhail Gorbachev, agus bhí sé orthu siúd a d'fhéach le Gorbachev a chur as oifig le lámh láidir sa bhliain 1991. Faoin am seo, áfach, ní raibh eagla ar na daoine roimh an KGB a thuilleadh, agus nuair a thit an tóin as an g''coup d'état'' seo, bhí port an KGB seinnte. Cuireadh an KGB ar ceal ar an 6 Samhain 1991, agus tháinig dhá eagraíocht nua ina áit: an tseirbhís státslándála, nó an FSB, agus an tseibhís spiaireachta, SVR.
 
Bhí Vladimir Putin, Príomh-Aire agus iar-Uachtarán na Rúise, ina ghníomhaire don KGB. Ar dtús, bhí sé ag coinneáil súile ar na mic léinn in Ollscoil Leningrad, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair don KGB sa Ghearmáin Thoir.