An difríocht idir athruithe ar: "Ella Mae Morse"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: fr:Ella Mae Morse
mNo edit summary
Líne 7: Líne 7:
Fuair sí bás de thairbhe easpa anála i [[Bullhead City]], [[Arizona]].
Fuair sí bás de thairbhe easpa anála i [[Bullhead City]], [[Arizona]].
{{stumpa}}
{{stumpa}}
[[Catagóir:Ceoltóirí|Morse, Ella Mae]]
[[Catagóir:Ceoltóirí Meiriceánacha|Morse, Ella Mae]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1924|Morse, Ella Mae]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1924|Morse, Ella Mae]]
[[Catagóir:Básanna i 1999|Morse, Ella Mae]]
[[Catagóir:Básanna i 1999|Morse, Ella Mae]]

Leagan ó 07:20, 9 Bealtaine 2008

B’amhránaí mór le rá Meiriceánach í Ella Mae Morse (12 Meán Fómhair 192416 Deireadh Fómhair 1999). Rugadh Ella i Mansfield, Texas.

D’fhostaigh Jimmy Dorsey í nuair a bhi sí 14 bliana d’aois. Bhí Dorsey den tuairim go raibh sí 19 mbliana d’aois, agus nuair a chuir an bord scoile in iúl dó go raibh sé freagrach as a cúram, fuair sé réidh léi. I 1942, nuair a bhí sí in aois a 17 mbliana, chuaigh sí le banna Freddie Slack. An bhliain chéanna thaifid sí “Cow Cow Boogie” le Freddie - an chéad cheirnín singil órga ag Capitol Records.

I 1943 thosaigh sí ag taifeadadh go haonarach. Chas sí amhráin i stíleanna éagsúla agus bhí amhráin aici i gcairteanna “pop” agus “rhythm and blues” araon. Níor éirigh léi bheith ina réalt mór le rá riamh, áfach. “Blacksmith Blues” (1952) an t-amhrán solo ba mhó cáil a d’eisigh sí. Níor thaifid sí aon rud i ndiaidh 1957 ach choinnigh sí uirthi ag déanamh ceoil go dtí 1987. Phós sí dhá uair agus bhí seisear páistí aici.

Fuair sí bás de thairbhe easpa anála i Bullhead City, Arizona.