An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Eabhrac (stát)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Gobharnóir nua
m robot Modifying: lij:Neuvo York (stato)
Líne 144: Líne 144:
[[la:Novum Eboracum]]
[[la:Novum Eboracum]]
[[lad:Nueva York (estado)]]
[[lad:Nueva York (estado)]]
[[lij:Nuevo York (stato)]]
[[lij:Neuvo York (stato)]]
[[lt:Niujorkas (valstija)]]
[[lt:Niujorkas (valstija)]]
[[lv:Ņujorka (štats)]]
[[lv:Ņujorka (štats)]]

Leagan ó 04:43, 7 Aibreán 2008

Is stát sna Stáit Aontaithe Mheiriceá é Nua-Eabhrac

State of New York
Bratach Séala
Leasainm Empire State (Stát an Impireacht)
Teangacha oifigiúla Níl aon cheann. Béarla i ngníomh
Príomhchathair Albany
Cathair is mó Cathair Nua-Eabhrac
Gobharnóir David Paterson
Dáta iontrála i SAM 26 Iúil, 1788
Ord iontrála i SAM 11ú
Achar
 - In iomlán
 - % uisce
 -Áit de réir Achair i measc SAM

141,205 km²
13.3%
27ú
Daonra
 - In iomlán (2002)
 - Dlús

19,190,115 (3ú)
155.18/km² (6ú)
Crios ama UTC-5
(Samhradh: UTC-4)
Leithead 455 míle
Fad 530 míle
Airde is mó 1,629 troigh
Meán airde 305 troigh
Airde is lú 0
Cód ISO US-NY

Stair

Ceann des na céad stáit a cuireadh ar bun i Meiriceá Thuaidh, ainmnítear an stát seo as cathair Nua-Eabhrac. B'iad muintir na na hÍsiltíre ar dtús a chur fúthu ag Fort Orange, ar shuíomh Albany an lae inniu, sa bhliain 1624. B'iad freisin a chur cathair Nieuw Amstardam ar bun i 1625, agus de réir an scéil choithcheannaigh, cheannaigh Peter Minuit oileán Manhattan ó na hIndiaigh ar bheagán áilleagán, arbh fhiú $24 iad. Sa bhliain 1664, thug an pobal maoirseacht do Shasana ar an gcathair. Thug siadsan New York ar an limistéir in omós do Dhiúic Eabhraic. Is de bhunús cheilteach an ainm Eabhrac.

Bhí Nua-Eabhrac ina phríomhchathair sna Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) ar feadh aistir ghearr i ndiaidh Chogadh na Saoirse.

Tionscal

I measc tionscal an stáit, tá foilsíocht agus clóbhualadh, innealra agus feisteas tionsclaíoch, innealra leictreonach, turasóireacht, agus feirmeoireacht. Meastar ar an seachtú háit é le táirgeadh tionscail. Tógtar eallach agus éanlaith clós, agus fástar glasraí, torthaí agus min. Tá tábhacht, leis, le fás caora finiúna agus déanamh fíona ar an Oileán Fada agus i ngleann an Hudson.

Gnéithe Fisiciúla na Tíre

Tá sléibhte na nAdirondack i dtuaisceart an Stáit, agus cinn ísle na Catskills siar as Albany i lár an Stáit. Ritheann abhainn mhór an Hudson ó limistéir theorainn Cheanada go cathair Nua-Eabhrac, agus seolann loingeas móra uirthi go dtí Albany. Ba é tógail an Chanáil Erie, go deimhin, a chur bun leis an dtús áite a bhí le fada ag cathair Nua-Eabhrac i gcursaí tráchtála. Bhí bealach sa chanál le táirgeadh de chuid mhór den tír a thabhairt ar uisce go dtí an cósta roimh aimsir na dtraenach.

Cathair Nua-Eabhrac

Roinntear cathair Nua-Eabhrac inniu ina cúig bhuirg:

Bhí daonra 8,008,278 i gcathair Nua-Eabhrac i 2000, rud a thugann áite di i measc chathracha na Stát Aontaithe. Ba í cathair Nua-Eabhraic longphort iontrála an-chuid d'imirceaigh na hEorpa go dtí na S.A.M. Ba í Oileán Ellis sa chalafort stáisiúin iontrála na loingeas paisnéara ón naoú haois déag go tús an fichiú haois. Roimhe sin, thigidís i dtír ar dheisceart Manhattan, in áit ar a dtugtar an Battery. Fós féin, tá pobail éagsúla le feiceáil ar fud na cathrach. Sa lá atá inniu ann, tagann a lán imirceach ar tír in Aerfort John F. Kennedy i Queens, nó in Aerfort Newark, i New Jersey, atá suite i gcóngar 35km ón gcathair.

An Oileán Fada

Síneann An Oileán Fada amach soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 km ar fhaid, ach níl sé mórán thar 30 km ar leithead in aon chuid de. De ghnáth nuair a luaitear an ainm, fágtar Queens and Brooklyn ar lár, mar go bhfuilid i gcathair Nua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iadsan maidir le tíreolaíocht.

Fuíoll an Stáit

I measc chathracha móra eile an stáit, áirítear Buffalo (d. 292,648), Syracuse (d.147,306), Yonkers (d.196,086), agus Rochester (d.219,773). Tugtar go minic "Upstate" ar chuid an Stáit a luíonn ó thuaidh ó chathair Nua-Eabhrac agus an Oileáin Fada, .i. mórchuid an stáit. "Downstate" a luaitear orthu siúd ó theas ó chathair Nua-Eabhrac, ach ní minic a úsáidtear an téarma siúd.


Stáit Aontaithe Mheiriceá Bratach
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming