An difríocht idir athruithe ar: "Nasctheanga"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: br:Pidjin
m robot Adding: be:Піджын
Líne 17: Líne 17:
[[als:Pidgin-Sprachen]]
[[als:Pidgin-Sprachen]]
[[ar:رطانة]]
[[ar:رطانة]]
[[be:Піджын]]
[[br:Pidjin]]
[[br:Pidjin]]
[[cs:Pidžin]]
[[cs:Pidžin]]

Leagan ó 00:50, 28 Márta 2008

Is é is nasctheangapidgin ann ná teanga nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine, agus í á húsáid mar ghléas comhchumarsáide nó francbhéarla idir dreamanna eitneacha éagsúla. Bíonn na nasctheangacha bunaithe ar na teangacha móra domhanda, de ghnáth, ach amháin nach bhfuil ach freastal an ghéar-riachtanais fágtha d'fhoclóir agus de ghramadach na bunteanga sin.

Teangacha is ea iad na nasctheangacha a thagann ar an bhfód go spontáineach, de thoradh na teagmhála idir teangacha éagsúla. Mar sin, ní nasctheanga í an teanga Esperanto, siúd is nach bhfuil sí ó dhúchas ag aon duine, nó is teanga í atá pleanáilte d'aon ogham.

Nasctheangacha tábhachtacha

  • Nasctheanga a bhí sa teanga Tok Pisin ar dtús. Anois, áfach, tá sí ag iompú ina fásteanga, agus cainteoirí dúchais ann.
  • Nasctheanga stairiúil ab ea í an teanga Russenorsk. Meascán den Rúisis agus den Ioruais a bhí ann agus gramadach an-simplí ag dul leo. Bhí sí á húsáid ag na hiascairí Rúiseacha agus Ioruacha ina gcuid gnóthaí tráchtála le chéile, go dtí gur dhún an réabhlóid Bhoilséiveach an teorainn.
  • Nasctheanga stairiúil eile ab ea í an teanga Chinook Jargon. Béarlagair measctha a bhí ann a fuair a chuid focal ón mBéarla, ón bhFraincis agus ó na teangacha bundúchasacha a bhain leis an ngrúpa Chinook. Chuaigh an chuid is mó de na teangacha seo in éag cheana féin. Bhí an Chinook Jargon á labhairt in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, áit a bhfuil Alasca, stát Washington, Oregon agus an Cholóim Bhriotanach inniu. D'iompaigh an teanga seo ina fásteanga chomh maith, teanga ar a dtugtar Chinook Wawa. Tá an teanga Chinook Wawa á labhairt mar theanga dhúchais in Oregon inniu féin.
  • Tá an teanga Fanakalo nó Fanagalo á labhairt sna poill mhianaigh san Afraic Theas. Tá sí bunaithe ar an teanga bhundúchasach úd Zulu. Tháinig an chuid is mó de na focail as an teanga Zulu. Thairis sin, tá focail Bhéarla, Afracáinise agus fiú Portaingéilise ann. Níl a dhath fágtha de ghramadach chasta na teanga Zulu, áfach, agus is gnách comhréir agus dul an Bhéarla a chur i bhfeidhm ar an teanga.