An difríocht idir athruithe ar: "Núiclíd"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach nua: Is é is brí leis an téarma fisice '''núiclíd''' ná cineál núicléis. Na hadaimh a bhfuil an uimhir chéanna prótón agus an uimhir chéanna neodrón acu go léir, is sampla...
(No difference)

Leagan ó 16:24, 22 Márta 2008

Is é is brí leis an téarma fisice núiclíd ná cineál núicléis. Na hadaimh a bhfuil an uimhir chéanna prótón agus an uimhir chéanna neodrón acu go léir, is samplaí den núiclíd chéanna iad.

Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna prótón acu, is iseatóip de chuid na dúile céanna iad. Iseatóip iad an gnáthcharbón 12-C agus an radacarbón 14-C.

Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna neodrón acu, is iseatoin iad. Iseatoin iad an tritiam (an hidrigin radaighníomhach 3-H) agus an gnáth-héiliam 4-He.

Is éard is maisuimhir ann ná an tsuim a gheofar má shuimítear uimhreacha prótón agus neodrón na núiclíde. Más ionann maisuimhir dhá núiclíd, is iseabair iad. Iseabair iad an radacarbón 14-C agus an gnáth-nítrigin 14-N.