An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Afra-Áiseacha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 34: Líne 34:


[[af:Afro-Asiatiese tale]]
[[af:Afro-Asiatiese tale]]
[[als:Afro-asiatische Sprachen]]
[[an:Luengas afro-asiaticas]]
[[an:Luengas afro-asiaticas]]
[[ar:لغات أفروآسيوية]]
[[ar:لغات أفروآسيوية]]

Leagan ó 20:23, 2 Márta 2008

Na teangacha Afráiseacha.

Grúpa tábhachtach teangacha is ea iad na teangacha Afráiseacha nó na teangacha Seimíteach-Cheamaiteacha a labhraítear sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice. Is iad na foghrúpaí tábhachtacha ná:

  • na teangacha Beirbreacha. Is iad seo teangacha nó canúintí dúchasacha na bhfánaithe Saháracha. Tá gaol sách dlúth acu le chéile, agus comhthuiscint mhaith eatarthu go minic. Is í an teanga Tamazight, nó teanga na dTuareg, an ceann is cáiliúla acu, ach is í an Taisilhítis (Tachelhit nó Chleuh) an teanga Bheirbreach is mó cainteoirí (labhraítear i ndeisceart Mharacó í).
  • an Éigiptis, is é sin, teanga na hÉigipte seanársaí, agus an Choptais, nach bhfuil inti ach an leagan is deireanaí den Éigiptis.
  • na teangacha Ómótacha, a labhraítear in Iardheisceart na hAetóipe. Le fírinne, níl na saineolaithe go léir cinnte, ar chóir na teangacha Ómótacha a aicmiú ar na teangacha Afráiseacha. Tá a leithéid de theanga agus Ongota á labhairt ag cupla duine in iardheisceart na hAetóipe, agus í ina cnámh spairne ag na teangeolaithe, nó níltear cinnte, ar chóir í a aithint mar cheann de na teangacha Ómótacha, nó mar chraobh inti féin i gcrann ginealais na dteangacha Afráiseacha.

Bundúchas na dTeangacha Afráiseacha

Níl lucht an tsaineolais ar aon bharúil faoin áit a raibh cónaí ar an bpobal a raibh an chéad bhunteanga Afráiseach á labhairt acu, ach creidtear go coitianta gur tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim gurb í an Aetóip í, ós ansin atá an éagsúlacht is mó de na teangacha Afráiseacha inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile. Tá taighdeoirí eile ag áitiú gurb iad an tSahára agus cósta thiar na Muire Deirge an dá áit inar fhorbair na teangacha seo - taighdeoirí ar nós Christopher Ehret. Ceapann mionlach beag de na saineolaithe, áfach, gurb é an Leiveant is fód dúchais do na teangacha Afráiseacha.

Is iad na teangacha Seimíteacha an t-aon bhrainse amháin de na teangacha seo a labhraítear go fairsing taobh amuigh den Afraic. Cuid de na taighdeoirí, síleann siad go ndeachaigh dream de chainteoirí ar ais go dtí an Afraic ón Leiveant agus gur chuir siad an chéad síol leis an Amairis agus leis na teangacha Aetóipeacha eile ansin. Tá saineolaithe eile den tuairim, áfach, gurb é a mhalairt atá fíor, is é sin, gurb í an Aetóip is fód dúchais do na teangacha Seimíteacha.

Tonúlacht

Maidir leis an tonúlacht, bíonn na teangacha Afráiseacha éagsúil go leor. Ní úsáidtear tuineacha le focail difriúla a aithint thar a chéile sna teangacha Seimíteacha ná sna teangacha Beirbreacha, agus níl aon fhianaise ón Éigiptis ná ón gCóiptis ag tabhairt le fios go raibh a leithéidí iontu ach an oiread. Sna craobhacha eile, áfach, bíonn teangacha tonúla an-choitianta.

Comh-shaintréithre na dTeangacha Afráiseacha