An difríocht idir athruithe ar: "An Chosaiv"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: an, en, fa, nah Modifying: ar, bg, hu
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíre
{{Bosca Sonraí Tíre
|ainm_dúchasach=Kosovë / Kosova <small>(''[[Albáinis]]'')</small><br/>Косово и Метохија (Космет) <small>(''[[Seirbis]]'')</small>
|ainm_dúchasach=Kosovë / {{nowrap|{{lang|sq|''Republika e Kosovës''}}<br>{{lang|sr-Cyrl|Република Косово}} / {{lang|sr-Lat|''Republika Kosovo''}}}}
|íomhá_na_brataí=Flag of the United Nations.svg
|íomhá_na_brataí=Flag of Kosovo.svg
|íomhá_an_armais=Kosovo pisg ca.png
|íomhá_an_armais=Kosovo_pisg_ca.png
|ainm_gin_bain=na Cosaive
|ainm_gin_bain=na Cosaive
|ainm_gin_fir=na Cosaive
|ainm_gin_fir=na Cosaive

Leagan ó 18:36, 17 Feabhra 2008

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Cúige de chuid na Seirbia is ea é an Chosaiv. Is í Priština an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Tá an cúige faoi chúram na Náisiún Aontaithe ón bhliain 1999. Tá an Chosaiv ag críochtanacht leis an Albáin (thiar theas), le Montainéagró (thiar) agus le Poblacht na Macadóine (theas). Sa bhliain 2005 bhí níos mó ná dhá mhilliún duine ina gcónaí sa chúige. Is Albánaigh iad an chuid is mó den daonra (92% sa bhliain 2007). Tá na Seirbigh sa dara áit le 5.3%.

Tíreolaíocht

An Chosaiv
An Chosaiv

Is iad na cathracha is mó sa Chosaiv ná Priština (600,000 duine), Prizren in iardheisceart na tíre (165,000), Peć san iarthar (154,000) agus Kosovska Mitrovica sa tuaisceart (110,000).

Cúige sléibhtiúil is ea é an Chosaiv. Tá Sléibhte Šar suite i ndeisceart agus oirdheisceart na tíre agus iad ag críochtanacht leis an Mhacadóin. Is é Đeravica (2,656m) an sliabh is airde sa chúige agus é suite in aice leis an teorainn idir an Chosaiv, an Albáin agus Montainéagró. Is iad na príomhaibhneacha ná an Drin Bán, Sitnica, Morava, agus Ibar.

Stair

Tugadh an Chosaiv isteach mar chuid de Sheirbia sa bhliain 1913 tar éis Chogadh na mBalcán. Rinneadh cuid den Iúgsláiv dí nuair a tháinig deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda sa bhliain 1918.

Sa bhliain 1974 rinneadh cúige neamhspleách de chuid na hIúgsláive Tito den Chosaiv. Bhí an stádas seo ag an gcúige go dtí an bhliain 1990. Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa bhliain 1991 ach chuir rialtas na Seirbia an cúige fá smacht go dtí Cogadh na Cosaive sa bhliain 1999. Anois, tá an cúige faoi chúram na Náisiún Aontaithe.

Naisc Sheachtracha

Tagairtí

KFOR - Óglaigh na hÉireann