An difríocht idir athruithe ar: "Yuri Gagarin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: cy:Yuri Gagarin
Líne 18: Líne 18:
[[ca:Iuri Gagarin]]
[[ca:Iuri Gagarin]]
[[cs:Jurij Gagarin]]
[[cs:Jurij Gagarin]]
[[cy:Yuri Gagarin]]
[[da:Jurij Gagarin]]
[[da:Jurij Gagarin]]
[[de:Juri Alexejewitsch Gagarin]]
[[de:Juri Alexejewitsch Gagarin]]

Leagan ó 11:51, 9 Feabhra 2008

Íomhá:Gagarin space suite.jpg
Yuri Gagarin

Ba spásaire Sóivéadach é Yuri Alekseyevich Gagarin (Rúisis: Юрий Алексеевич Гагарин) Rugadh Gagarin ar an 9 Márta, 1934 ar an taobh thiar de phríomhchathair na Rúise, Moscó. Tháinig sé i méadaíocht ar fheirm chumannach mar a raibh a athair ina shiúinéir. Chuaigh an t-athair isteach san arm nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an Rúis agus tugadh Yuri agus an chuid eile den teaghlach amach as láthair na cogaíochta. Nuiar a bhí sé san iarbhunscoil chuir Yuri spéis sa teicneolaíocht agus fuair sé oiliúint sa mhiotalóireacht. Chuir sé spéis in eitleáin ina dhiaidh sin agus é ar choláiste agus d'fhreastail sé ar ranganna eitleoireachta. Ba léir go raibh an talann aige mar phíolóta agus chuaigh sé isteach san Aerfhórsa nuair a bhí sé réish leis an choláiste.

Píolóta trialach a bhí ann, eitleáin nua á dtriail aige in aois nua na scairdeitleán. Nuair a thosaigh clár taiscéalaíocht spáis na Rúise bhí Gagarin ar bís le páirt a ghlacadh ann. Bhí sé ar dhuine den seisear a oileadh mar spásairí san Aontacht Shóivéideach agus piocadh é le bheith ina phíolóta ar an chéad spáslong. Bhí sé seacht mbliana fichead d'aois nuair a teilgeadh sa spás é as Baikonur. Turas 108 nóiméad a bhí ann agus ba é 28 260 ciliméadar san uair an luas ba airde a shroich a árthach agus é sa spás. Ar an 12 Aibreán, 1961 ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain agus a rinne timthriall ar an bpláinéad.

Bhí Gagarin ina laoch ar fud an domhain agus bhain sé an-taitneamh as a cháil. Ach laistigh de sheacht mbliana maraíodh é i dtimpiste agus eitleán nua MIG-15 á thriail aige. 34 bliana d'aois a bhí sé.