An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: ur:یورپی اتحاد
m Leathan
Líne 3: Líne 3:
|íomhá=Flag of Europe.svg
|íomhá=Flag of Europe.svg
|foscríbhinn=
|foscríbhinn=
|léarscáil=[[Image:EU location.png|280px|]]
|léarscáil=[[Image:EU location.png|255px|center]]
|fsléarscáil=
|fsléarscáil=
|ceanncheathrú=[[An Bhruiséil]] (''de facto'')
|ceanncheathrú=[[An Bhruiséil]] (''de facto'')

Leagan ó 22:54, 7 Feabhra 2008

Teimpléad:Bosca Sonraí Eagraíochta Is eagraíocht idirnáisiúnta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de tuairim is 457 milliún aige (2005). Is é Aontaithe san éagsúlacht a mhana. Is é an euro (€) an t-airgeadra le haghaidh formhór na dtíortha san Aontas Eorpach. Déantar 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar lá na hEorpa.

Stair

Tá éabhlóid mhór tagtha ar an Aontas Eorpach ón am a bunaíodh é mar fhoras trádála le 6 bhall sna 1950í go dtí an lá atá inniu ann. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí meanma i measc tíortha in iarthar na hEorpa a ghlac páirt sa chogadh straitéisí nua comhoibrithe a chruthú eatarthu le cinntiú nach dtarlódh cogadh domhanda eile. D'éiligh Winston Churchill go gcruthófaí "Stáit Aontaithe na hEorpa" i 1946 (cé nach raibh an Ríocht Aontaithe in áirithe leis seo).

I 1950, d'fhógair Aire Ghnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman moladh go ndéanfaí comhbhainistiú ar thionscal guail agus cruaiche na Fraince agus na Gearmáine. Mhaígh an chápéis (ar a thugtar Fógairt Schuman) go mbeadh an comhaontú seo mar "an chéad chéim i dtreo cónascadh Eorpach". Breathnaítear ar Fhógairt Schuman mar an chéim a chur tús le eagraíocht a d'fhás isteach san Aontas Eorpach. Cruthaíodh Comhphobal Guail agus Cruaiche na hEorpa bunaithe ar Fhógairt Schuman nuair a síníodh Conradh Páras i 1951 idir Iarthar na Gearmáine, An Fhrainc, An Iodáil, An Bheilg, An Ísiltír agus Lucsamburg.

Shínigh na tíortha seo Conradh na Róimhe i 1957 rud a chruthaigh an chéad aontas iomlán custaim - Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa (nó An Cómhargadh). D'athríodh an t-ainm seo go dtí Comhphobal na hEorpa agus breathnaítear ar seo mar an chéad cholún den Aontas Eorpach. Bunaíodh an tAontas Eorpach i 1993 nuair a shínigh an 12 ball Conradh Maastricht. Thug an Conradh sin cumhachtaí nua do Pharlaimint na hEorpa agus chruthaigh sé dhá cholún comhoibrithe eile - Comhpholasaí do Ghnóthaí Eachtracha agus Slándála agus Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile.

Mhéadaigh an líon ball thar na blianta. Seo achoimre ar na tíortha a tháinig isteach san aontas:

Tá 12 tír a bhí ann go dtí seo i limistéar an euro, agus ceaptar go dtiocfaidh an chuid is mó de na baill nua isteach chomh luath agus is féidir leo.

Méadú

an Chróit, Poblacht na Macadóine agus an Tuirc ag cur isteach ar bhallraíocht. Tá iarratas na Cróite á chur ar gcúl faoi láthair. Tá cuid den Aontas ag cur in aghaidh teacht isteach na Tuirce san AE.

Maoiniú an AE

Aontaíonn na Ballstáit buiséad an Aontais Eorpaigh ar bhonn ilbhliaintúil tar éis dóibh togra a fháil ón gCoimisiún Eorpach. D'imigh an buiséad faoi dheireadh in éag i 2006 agua caithfear buiséad nua a aontú do na blianta 2007-2013. Cuireadh tús leis na pléite ar an mbuiséad nua i 2004. Clúdóidh an socrú nua buiséad d'Aontas ina bhfuil seacht mBallstát is fiche le leibhéil éagsúla forbartha eacnamaíochta agus sóisialta bainte amach acu.

Polasaithe

Ó thaobh forbairt talmhaíochta agus tuaithe de, tá an Comhbheartas Talmhaíochta, ar a dtugtar an CAP nó an Common Agricultural Polcy as Béarla, á athchóiriú faoi láthair. Bunaíodh creat dleathach ar a tugadh an Comhbheartas Iascaireachta nó Common Fisheries Policy (CFP) i 1983. Seo an beartas faoina bhfuil forbairt na n-earnálacha iascaireachta curtha i bhfeidhm. Rinneadh athbhreithniú agus athchóiriú air sa bhliain 1992 agus arís ag deireadh na bliana 2002. Tá an bhéim curtha ar chaomhnú agus ar atógáil stoic sa CFP.

Institiúidí agus Comhlachtaí an AE

Léarscáil den Aontas Eorpach
Léarscáil den Aontas Eorpach

Is iad seo institiúidí an AE, mar atá:

Is iad seo comhlachtaí an AE, mar atá:

Naisc sheachtracha