An difríocht idir athruithe ar: "Star Trek: The Original Series"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 71: Líne 71:
[[ja:宇宙大作戦]]
[[ja:宇宙大作戦]]
[[nl:Star Trek (de oorspronkelijke serie)]]
[[nl:Star Trek (de oorspronkelijke serie)]]
[[no:Star Trek: The Original Series]]
[[pl:Star Trek: Oryginalna Seria]]
[[pl:Star Trek: Oryginalna Seria]]
[[pt:Star Trek (série original)]]
[[pt:Star Trek (série original)]]

Leagan ó 19:14, 6 Feabhra 2008

Sraith teilifíse ficsin eolaíochta Mheiriceánach ab ea é Star Trek, a dtugtar Star Trek: The Original Series (nó ST:TOS) uirthi inniu le hí a idirdhealú ó na sraitheanna eile a tháinig sna sálaí aici, agus iad bunaithe ar an gcoincheap céanna. Craoladh í ar NBC sna blianta 1966-1969. B'é Gene Roddenberry a chum is a cheap an tsraith agus an ollchruinne ina raibh sí suite. Léiríodh naoi n-eipeasóid is dhá scór san iomlán. Cé nár éirigh ach go measartha leis an tsraith nuair a chuaigh sí ar an aer an chéad uair, áirítear í ar ceann de na sraitheanna is mó ratha i stair na teilifíse inniu. Chuir sí bun le cúig shraith eile a bhí suite san ollchruinne chéanna, chomh maith le deich scannán agus na céadta leabhar. Thairis sin, tá na milliúin móidíní ag an Star Trek ar fud an domhain.

Is éard a bhí i gceist leis an Star Trek ná eachtraí an spásárthaigh úd U.S.S. Enterprise sa 23ú haois a ríomh is a reic. Spáslong de chuid an Réaltchabhlaigh (Starfleet) a bhí inti, is é sin, spásloingeas Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad (United Federation of Planets), a raibh an Domhan s'againn ina bhallphláinéad de. De réir an bhrollaigh a chloistear i dtús gach eipeasóide, b'í ba mhisiún don Enterprise ná:

aithne a fháil ar dhomhain nua aisteacha,
beatha nua agus sibhialtachtaí nua a fhionnadh,
aghaidh a thabhairt ar an áit nár tháinig aon duine go fóill.

Cruthú an Choincheapa

Bhí an-suim ag Gene Roddenberry riamh san fhicsean eolaíochta, agus sa bhliain 1960, dhréachtaigh sé an chéad ghormchló don Star Trek. Sraithscéal ficsin eolaíochta a bheadh ann faoi eachtraí spásloinge a bheadh ag taisteal an réaltra ar lorg fionnachtana éagsúla: neacha eachtardhomhanda a mbeadh caint agus ciall acu, chomh maith le feiniméin nua eolaíochtúla. D'admhaigh Roddenberry go raibh tionchar ag scéalta clasaiceacha A. E. van Vogt i stíl an cheoldráma spáis ar an Star Trek, chomh maith le scéalta Eric Frank Russell agus an scannán ficsin eolaíochta úd Forbidden Planet a tháinig ar an scáileán sa bhliain 1956. Tá siad ann a d'aithin cosúlachtaí áirithe leis an tsraith úd Rocky Jones, Space Ranger a chonacthas ar an teilifís i Meiriceá sa bhliain 1954. Cé nach raibh an tsraith róshofaisticiúil, is féidir a rá gur fhág an tsraith seo a lorg ar an Star Trek, idir an cineál misiúin a bhíonn i gceist ag an Enterprise, agus an cineál spásbhád atá ann. Scéal eile fós go raibh spéis ag Roddenberry i scéalta clasaiceacha faoi eachtraí mara, go háirithe in úrscéalta C. S. Forester faoin gCaptaen Horatio Hornblower: theastaigh uaidh, go bunúsach, Hornblower a chur sa spás. Bhí Roddenberry i ndiaidh cuid mhaith scéalta faoin Iarthar Fiáin a scríobh fosta, agus nuair a thairg sé an chéad choincheap don teilifís, mhínigh sé gur sórt scéal faoin Iarthar Fiáin a bhí ann, ach amháin go raibh sé suite sa spás - Wagon Train go dtí na réaltaí, mar a dúirt sé, ag tagairt don tsraith mhór-ratha faoin Iarthar Fiáin, Wagon Train, a bhí ar an teilifís i Meiriceá timpeall na bliana 1960.

Sa bhliain 1964, shocraigh Roddenberry leis an gcomhlacht neamhspleách léiriúcháin Desilu Productions, arbh iad Lucille Ball agus Desi Arnaz a bhunaigh é, go gcaithfeadh sé an chéad trí bliana eile ag forbairt a choincheapa, agus Desilu ag íoc leis. Mar a dhréachtaigh Roddenberry an tsraith an chéad uair, bheadh Robert April ar an bpríomhlaoch, agus é ina chaptaen ar an spáslong S.S. Yorktown. I rith an ama, fáisceadh carachtar an Chaptaein Christopher Pike as an laoch seo. Sa bhliain 1964, léiríodh an chéad eipeasóid phíolótach faoin teideal The Cage, agus b'é an t-aisteoir Jeffrey Hunter a rinne páirt Pike.

San am seo, bhí an chinedheighilt seanbhunaithe go fóill i sochaí na Stát Aontaithe. Mar sin féin, ghlac Roddenberry leis go mbeadh idir fhir agus mhná, idir Gheala agus Ghorma ag taisteal go dtí na réaltaí an lá ab fhaide anonn, agus nach mbeadh ciníochas ná gnéaschlaontacht ar bith ann sa 23ú haois. Thairis sin, chum sé carachtair eachtardhomhanda, cosúil leis an bhfear leathdhaonna, leath-Vulcánach Spock, agus iad ag comhoibriú leis na daoine ón Domhan faoi bhratach Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad.

D'fhuascail Roddenberry fadhbanna bunaidh an léiriúcháin ar bhealach seiftiúil. Maidir leis an "dlúth-thiomáint" (warp drive), is é sin, an t-inneall a chuir ar cumas na spáslong luas an tsolais a shárú, ní raibh smaoineamh úr ann san fhicsean eolaíochta, ach ar a laghad, chinntigh sé go mbeadh an fhoireann ábalta, faoi ghnáth-imthoscaí na sraithe, an spás a thaisteal go sciobtha agus teacht i dteagmháil le ciníocha nua de mhuintir an réaltra uair in aghaidh na seachtaine. Scéal eile é an gasheoltóir - an gléas leis na spásairí a sheoladh i bhfoirm gathanna fuinnimh ar dhroim an phláinéid agus a athiompú ina ndamhna ansin. Go bunúsach, ní raibh ann ach gléas plotála a rith le Roddenberry le costas an léiriúcháin a ghearradh síos: ní chaithfeá tuirlingt an spásbháid ar an bpláinéad nua a scannánú gach uair, agus an gasheoltóir agat. Ón am sin i leith, d'iompaigh an gasheoltóir ina shiombaile thábhachtach d'ollchruinne an Star Trek, agus na focail úd "Gasheol aníos mé, a Scotty" (Beam me up, Scotty) i mbéal an tsaoil mhóir.

Ar dtús, thairg Roddenberry a choincheap don CBS, ach tugadh cur ó dhoras dó, ó b'fhearr leis an gcomhlacht sin Lost in Space a chraoladh - léiriú le hIrwin Allen, agus é ní ba chóngaraí do phríomhshruth an lucht féachana, mar ba dóigh le stiúrthóirí an chomhlachta. Ansin, chuaigh Roddenberry i dteagmháil leis an NBC, agus choimisiúnaigh an comhlacht sin an chéad tuleipeasóid, The Cage. Ní raibh siad sásta leis go fóill, ach ní raibh siad fonnmhar an coincheap a chaitheamh i dtraipisí ach an oiread, agus ansin, d'iarr siad ar Roddenberry tuleipeasóid nua a scannánú, faoin teideal Where No Man Has Gone Before. Níor tháinig ach aon charachtar amháin, Spock (á dhéanamh ag Leonard Nimoy) slán ón gCage go dtí an iarracht nua, ach fuair Majel Barrett ról nua. Baineadh úsáid as cuid mhór de phictiúirí an Cage san eipeasóid The Menagerie ní ba deireanaí.

Sa tuleipeasóid nua, fuair an lucht féachana an chéad aithne ar na pearsana a chuaigh i dtáin an fhicsin eolaíochta ó sin: an Captaen James Tiberius Kirk (William Shatner); an príomhinnealtóir, an leifteanant Montgomery "Scotty" Scott (James Doohan); agus an Leifteanant Hikaru Sulu (George Takei) a bhí ina Fhisiceoir sa chéad eipeasóid, ach ina Fhear Halmadóra ina dhiaidh sin. Ní ba déanaí, tháinig an Dochtúir Leonard McCoy (DeForest Kelley), an Mionoifigeach Janice Rand (Grace Lee Whitney) agus an tOifigeach Cumarsáide Uhura (Nichelle Nichols) ar an stáitse chomh maith. Chuaigh Roddenberry d'aon ogham chun ceannairce ar réamhbhreithiúnais a linne nuair a chuir sé fear ón Áise agus bean ghorm i rólanna den chineál seo - daoine proifisiúnta a raibh deis a labhartha acu. San am sin, bheadh páirteanna cosúla sna sraithe teilifíse á ndéanamh ag aisteoirí gealchraicneacha, agus ní fheicfeá Gormach ach amháin i ról an "Ghormaigh stáitse".

B'é Matt Jefferies, stiúrthóir ealaíne na foirne a bhí ag cabhrú le Roddenberry, a dhear an Enterprise. Nuair a bhíonn na carachtair ar an Star Trek - na sraitheanna éagsúla agus na scannáin - ag trácht ar a leithéid de ghléas agus "feadán Jefferies" (Jefferies tube), is tagairt é do Matt Jefferies. B'é Jefferies a dhear droichead ceannais an Enterprise. Ó chaith sé tréimhse in Aerfhórsa na Stát Aontaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí fios a ghnó aige agus é ag forbairt an droichid. B'é Willie Ware Theiss a dhear na cultacha - go háirithe na scriosáin éadaigh a bhí á gcaitheamh ag na haoiréaltaí ban. Fostaíodh an t-ealaíontóir agus an dealbhadóir Wah Chang le fearas a dhearadh is a shaoirsiniú. B'eisean a cheap an gléas cumarsáide, an "tríocordaire" - an ionstraim ilúsáideach iniompartha - agus na "féasair", is é sin, na ga-phiostail. Níos déanaí, cheap sé cuid mhaith neachanna eachtardhomhanda freisin, cosúil leis na "Gorn".

Is iomaí smaoineamh nó coincheap ficsin eolaíochta a cuireadh os comhair an lucht féachana an chéad uair ar an tsraith seo, cosúil leis an dlúth-thiomáint, an cianiompar (nó an gasheoladh), na scanóirí láimhe is na gléis chumarsáide boise (a chuirfeadh fón póca an lae inniu i gcuimhne duit), na ríomhairí deisce, an mháinliacht léasair, na ga-phiostail, an "ceo draíochta" leis an spáslong a cheilt, agus na ríomhshintéiseoirí fuaime. Cé nach rud nua a bhí iontu sa litríocht fhicsin eolaíochta, níor tháinig siad ar an teilifís roimh an Réaltaistear. Ábhar iontais ab ea iad na doirse uathoibríocha féin sa bhliain 1966.

Roghnú na nAisteoirí

Performer Role Position
William Shatner James T. Kirk Is é James T. Kirk captaen agus oifigeach ceannais na réaltloinge úd Enterprise. Tharraing Shatner súil na léiritheoirí air féin, nuair a rinne sé páirt Alastair Mhóir i dtuleipeasóid na sraithe Alexander, nár tháinig ar an teilifís riamh.
Leonard Nimoy Spock Is é Spock an tOifigeach Eolaíochta agus an dara hoifigeach is airde céim ar bhord na réaltloinge. Chuir na léiritheoirí sonrú i Nimoy, nuair a bhí sé ina aoiréalta ar an tsraith The Lieutenant. Sraith sheachtainiúil chogaidh a bhí ann, mar The Lieutenant, agus Roddenberry tar éis cupla script a scríobh di. Chonacthas a lán aisteoirí eile ar an Lieutenant freisin a bhí le rólanna tábhachtacha a dhéanamh ar an Trek.
DeForest Kelley Leonard H. "Bones" McCoy B'é McCoy dochtúir, nó "príomhoifigeach míochaine", na réaltloinge. Bhí iomrá ar Kelley mar aisteoir Iarthair Fhiáin, ach fuair na léiritheoirí an chéad radharc air nuair a rinne sé an phríomhpháirt i dtuleipeasóid an Police Story, sraith eile nach ndearnadh aon eipeasóid eile di.
James Doohan Montgomery "Scotty" Scott B'é Scotty príomhinnealtóir na réaltloinge, agus é ar an tríú hoifigeach is airde céim.
Nichelle Nichols Uhura An tOifigeach Cumarsáide
George Takei Hikaru Sulu Fear an Halmadóra. Sa dara tuleipeasóid, bhí sé ina fhisiceoir.
Walter Koenig Pavel Andreievich Chekov Spásloingseoir (le linn an dara agus an tríú séasúr)
Grace Lee Whitney Janice Rand Mionoifigeach Stóir an Chaptaein (le linn an chéad séasúr)
Majel Barrett Christine Chapel Príomhbhanaltra