An difríocht idir athruithe ar: "Malabo"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: ksh:Malabo
m robot Adding: bg:Малабо
Líne 8: Líne 8:
[[am:ማላቦ]]
[[am:ማላቦ]]
[[ar:مالابو]]
[[ar:مالابو]]
[[bg:Малабо]]
[[br:Malabo]]
[[br:Malabo]]
[[ca:Malabo]]
[[ca:Malabo]]

Leagan ó 19:38, 5 Feabhra 2008

Radharc ón aer ar Mhalabo sa bhliain 2007

Is é Malabo príomhchathair na Guine Meánchriosaí. Bhunaigh na Sasanaigh an baile sa bhliain 1827 ar oileán Bioki (nó Fernando Pó mar a tugadh air ó shin), a fuair siad ar léas ón Spáinn. Bunáit chabhlaigh a bhí ann chun cur in aghaidh thrádáil na sclábhaithe. Ba é Port Clarence an t-ainm a thug na Sasanaigh ar an mbaile, agus nuair a tháinig sé ar ais i seilbh na Spáinne thug siadsan Santa Isabel air. Ba mar chuid d'fheachtas chun deireadh a chur le tionchar na nEorpach a bhaist an tUachtarán Nguema Malabo ar an gcathair sa bhliain 1973. Ba mhór an tubaiste dá thír an Nguema céanna nó rinne sé cinedhíothú ar mhionlaigh sa tír agus theith timpeall an tríú cuid den daonra amach aisti ar fad.

Is beag an fhorbairt atá déanta ar an gcathair go fóill, ach ó fuarthas ola sa cheantar tá an-chuid infheistíochta á dhéanamh i gcomhar leis na comhlachtaí ola. Mhéadaigh daonra na cathrach faoi dhó agus timpeall 360,000 bairille ola sa lá á bhaint as na tobracha.