An difríocht idir athruithe ar: "James Joyce"
m robot Adding: ka:ჯეიმზ ჯოისი |
|||
Líne 68: | Líne 68: | ||
[[it:James Joyce]] |
[[it:James Joyce]] |
||
[[ja:ジェイムズ・ジョイス]] |
[[ja:ジェイムズ・ジョイス]] |
||
[[ka:ჯეიმზ ჯოისი]] |
|||
[[kk:Джойс, Джеймс]] |
[[kk:Джойс, Джеймс]] |
||
[[ko:제임스 조이스]] |
[[ko:제임스 조이스]] |
Leagan ó 22:26, 3 Feabhra 2008
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (Séamas Seoige) (2 Feabhra 1882 – 13 Eanáir 1941). Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid shaothair, ach feictear ina mhór-shaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar nua-theangacha na h-Eorpa, Gaeilge san áireamh, chomh maith le Laidin. Tá easaontas imeasc lucht litríochta ar fheabhas chuid den scríbhneoireacht sna leabhair sin, mar go bhfuil an teanga casta, le meascán teangaí, agus mar gur i bhfoirm sruth smaointe atá cuid mhór de. Ach is cinnte go raibh an-thionchar ag an stíl sin ar údair eile, agus go bhfuil an-éacht déanta aige i gcuid dá chuid cur síos.
Chaith sé cuid mhór dá shaol san Eoraip, an Eilvéis agus Trieste na hIodála san áireamh. B'as Gaillimh a bhean, Nora Barnacle. Bhí iníon agus mac aige.
Is cur síos ar lá amháin i saol fhir óig an chuid is mó de Ulysses, agus ceiliúrann lucht liteartha Bhaile Átha Cliath agus a gcairde "Bloomsday" ar 16 Meitheamh in omós do laoch an leabhair, Leopold Bloom.
Saothair
I measc saothair James Joyce tá:
- Chamber Music (1907)
- Dubliners (1914)
- Exiles (1915)
- A Portrait of the Artist as a Young Man (1916)
- Ulysses (1922)
- Pomes Penyeach (1927)
- Finnegans Wake (1939)