An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Cléirigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Síntí fada arna gcur isteach chun an catagóiriú aibítreach a cheartú
Líne 5: Líne 5:
Déantar léiriú ficseanúil ar Mhicheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéal[[ An Cléireach]] ([[Leabhar Breac]] 2007) le [[Darach Ó Scolaí]].
Déantar léiriú ficseanúil ar Mhicheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéal[[ An Cléireach]] ([[Leabhar Breac]] 2007) le [[Darach Ó Scolaí]].


[[Catagóir:Stair na hÉireann|O Cleirigh, Micheal]]
[[Catagóir:Stair na hÉireann|Ó Cléirigh, Mícheál]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1590|O Cleirigh, Micheal]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1590|O Cléirigh, Mícheál]]
[[Catagóir:Básanna i 1643|O Cleirigh, Michael]]
[[Catagóir:Básanna i 1643|Ó Cléirigh, Michael]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|O Cleirigh, Micheal]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Ó Cléirigh, Mícheál]]


[[en:Mícheál Ó Cléirigh]]
[[en:Mícheál Ó Cléirigh]]

Leagan ó 15:53, 25 Eanáir 2008

Staraí agus príomhúdar Annála na gCeithre Máistrí ab ea Mícheál Ó Cléirigh (t.1590 – 1643) Scríobh sé na hAnnála in éineacht le Lughaidh Ó Cléirigh, Fearghas Ó Maolchonaire agus Lughaidh Ó Duibhgeannáin. Duine den teaghlach clúiteach staraithe ó Chill Bhairdne i dTír Chonaill. Tadhg an t-ainm a baistíodh air, agus tugadh Tadhg an tSléibhe go coitianta air, nó gur thóg sé an t-ainm Micheál nuair a chuaigh sé sa Bráithre Proinsiasacha i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin.

Faoi stiúr an ghairdiain, Aodh Buí Mac an Bhaird (1580-1635), cuireadh go hÉirinn ag bailiú seanchais ó lámhscríbhinní é, agus le cúnamh óna chomhleacaithe, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire, Lughaidh Ó Duibhgeannáin, chuir sé i dtoll a chéile An Reim Rioghroidhe i 1630, An Leabhar Gabhála i 1631, agus an t-ollsaothar ar a tugadh Annála na gCeithre Máistrí (1636). D’oibrigh sé freisin ar an naomhsheanchas agus ar fhoclóir a foilsíodh i 1643. Cailleadh i Lobháin é c.1643

Déantar léiriú ficseanúil ar Mhicheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéalAn Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.