An difríocht idir athruithe ar: "Oireachtas na Gaeilge"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Nasc seachtrach le suíomh gréasáin an Oireachtais
Líne 4: Líne 4:

Eagraítear sraith comórtas gach bliain do scríbhneoirí óga agus do scríbneoirí fásta, faoin teideal ''Comórtais Liteartha an Oireachtais'', chun cuidiú le litríocht chomhaimseartha a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 2006 ar an leabhar ''Fontenoy'' le Liam Mac Cóil ([[Leabhar Breac]] 2005) agus bronnadh Duais Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006 ar Cló Mhaigh Eo, le linn Oireachtas na Samhna i n[[Doire|Doire Cholmcille]].

==Naisc Sheachtracha==

* [http://www.antoireachtas.ie/staging_007/index.php Suíomh gréasáin an Oireachtais]

[[Catagóir:Cultúr na hÉireann]]
[[Catagóir:Cultúr na hÉireann]]

Leagan ó 17:33, 23 Nollaig 2007

Féile cultúrtha is ea An tOireachtas faoi bhráid Chonradh na Gaeilge. Cuireadh tús leis le féile aon lae i 1897, ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha i 1893. Bhí an chéad Oireachtas ar an Luan, 17 Bealtaine 1897. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Átha Cliath.

Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta - idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht - ag na féilte. Bíonn dhá fhéile eagraithe in aghaidh na bliana, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna.

Eagraítear sraith comórtas gach bliain do scríbhneoirí óga agus do scríbneoirí fásta, faoin teideal Comórtais Liteartha an Oireachtais, chun cuidiú le litríocht chomhaimseartha a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 2006 ar an leabhar Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac 2005) agus bronnadh Duais Leabhar Na Bliana do Dhaoine Óga 2006 ar Cló Mhaigh Eo, le linn Oireachtas na Samhna i nDoire Cholmcille.

Naisc Sheachtracha