An difríocht idir athruithe ar: "Tuaisceart Éireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Ag baint "Flag_of_Northern_Ireland.svg" amach, scrios Ulster_banner.svg é ón Cómhaoin mar: Siebrand.
m robot Adding: jv:Irlandia Lor
Líne 70: Líne 70:
[[it:Irlanda del Nord]]
[[it:Irlanda del Nord]]
[[ja:北アイルランド]]
[[ja:北アイルランド]]
[[jv:Irlandia Lor]]
[[ka:ჩრდილოეთი ირლანდია]]
[[ka:ჩრდილოეთი ირლანდია]]
[[ko:북아일랜드]]
[[ko:북아일랜드]]

Leagan ó 05:18, 5 Nollaig 2007

Learscáil Thuaisceart Éireann
Bratach Thuaisceart Éireann. Níl bratach seo an Tuaiscirt oifigiúil a thuilleadh, cé go bhfeictear ag cluichí sacair agus ag ócáidí lúthchleasaíochta eile í i gcónaí. Is féidir siombaileachas na hÉireann agus Shasana araon a aithint ar an mbratach, nó seasann an Lámh Dhearg do Chúige Uladh, ach fuarthas Cros Naomh Seoirse ó bhratach Shasana. Tá coróin na Ríochta Aontaithe ann freisin.

Is ionann Tuaisceart Éireann (Northern Ireland) agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Oileán na hÉireann nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922. B'é an tAcht um Rialtas na hÉireann ón mbliain 1920 a shainigh críocha agus teorainneacha an stáitín, áfach, cé nach bhfuil teorainneacha cruinne gearrtha dó inniu féin, agus tá áiteanna ann nach féidir a rá fúthu go neamhdhébhríoch cé acu sa Tuaisceart nó sa Phoblacht atá siad suite. Baineann dhá dtrian de Chúige Uladh le Tuaisceart Éireann, ach tá sé de nós ag na hAontachtóirí "Cúige Uladh" (Ulster) a thabhairt ar an stáitín. Stát féinrialaithe ann féin is ea Tuaisceart Éireann, nó go bunúsach, is slánaonad faoi fhéinrialtas é atá faoi fhorlámhas na Ríochta Aontaithe, murab ionann agus an chuid eile d'oileán na hÉireann. Mar sin, is féidir é a chur i gcomparáid le Sasana, leis an mBreatain Beag agus le hAlbain.

Go praiticiúil, áfach, ní raibh féinrialtas an Tuaiscirt ag obair ar feadh i bhfad. Bhí tionól nó dáil fhéinrialaitheach ann ar an Stormont go dtí na Trioblóidí, ach ar an tríochadú lá de Mhí na Márta sa bhliain 1972, chuir rialtas na Ríochta Aontaithe an féinrialtas áitiúil ar ceal agus thosaigh sé ag rialú an Tuaiscirt go díreach ó Londain. De thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta, tháinig Tionól nua féinrialaitheach ar an bhfód, ach nuair a chuaigh an diospóireacht faoi dhíchoimisiúnú arm na Sealadach ó smacht, cuireadh an tionól ar fionraí ar an gceathrú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2002. Cé gurb iad an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) agus Sinn Féin an dá pháirtí is láidre inniu, i ndiaidh an olltoghcháin ar an tríochadú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 2003, d'éirigh leis an tionól cromadh ar obair arís, rud nach raibh mórán súile leis, ós iad an dá pháirtí a sheasann do mheon na dígeantachta is na neamhghéilliúlachta sa dá phobal.

An Daonra

Tá corradh is 1.70 milliún duine ina gcónaí i dTuaisceart Éireann. Sa daonáireamh a rinneadh sa bhliain 2001, dúirt 45.5% den daonra gur Protastúnaigh iad, agus thug 40.3% le fios gur Caitlicigh a bhí iontu. Staon 13.3% den daonra ó aon chreideamh ar leith a admháil.

An Pholaitíocht agus na Trioblóidí

Tá polaitíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar an teorainn eitnireiligiúnda idir na Caitlicigh, a dhearcann orthu féin mar Éireannaigh is mar Ghaeil agus mar dhaonra bundúchasach, agus na Protastúnaigh, a dhearcann orthu féin mar shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe agus mar chosantóirí a dúchais. Tá sé de chlaonadh sna Caitlicigh a rá nó a shíleadh gur coilínitheoirí agus grabálaithe talún iad na Protastúnaigh nár tháinig isteach ach de thoradh na plandála. Is náisiúnaithe (baintear úsáid as an leagan "náisiúntóirí" freisin sa Ghaeilge, nuair a bhítear ag trácht ar náisiúnaithe Caitliceacha an Tuaiscirt) iad an chuid is mó de na Caitlicigh, agus teastaíonn uathu an dá stát in Oileán na hÉireann a aontú in aon stát amháin. Ón taobh eile de, is dual do na Protastúnaigh a gcomhionannú a dhéanamh leis an mBreatain Mhór agus maíomh as a ndílseacht don Choróin agus don Rí nó don Bhanríon. Dearcann siad ar an nasc idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann mar urrús riachtanach dá gcearta reiligiúnda agus sibhialta, agus bíonn siad iontach mímhuiníneach as Poblacht na hÉireann, nó tá siad den tuairim go bhfuil an iomarca cumhachta ag an Eaglais Chaitliceach sa Phoblacht, rud a d'fhágfadh nach mbeadh stádas an tsaoránaigh chothroim ar fáil dóibh dá n-aontófaí Éire.

Is follasach go bhfuil an dá sheasamh seo doréitithe le chéile, agus mar sin, d'fhág an foréigean seicteach a shliocht ar Thuaisceart Éireann ó tháinig an stáitín ar an bhfód. Bhí na hAontachtóirí den tuairim, ar dtús, gur fealltóirí agus lucht tréasa ab ea iad na Caitlicigh go léir, ó theastaigh uathu an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh agus dul le Poblacht na hÉireann. Mar sin, choinnigh siad an rialtas fúthu féin, agus iad ag dul i muinín cleasanna mí-ionraice go minic, ar nós claonroinnt na dtoghlach, lena chinntiú nach bhféadfadh na Caitlicigh teacht in aon chóngar don tromlach sna toghcháin dhaonlathacha. Chuir an chuid ba ghangaidí de na Caitlicigh cor in aghaidh an chaim trí thacaíocht a thabhairt d'fheachtas armtha an IRA leis an stáitín a scaradh ón Ríocht Aontaithe.

Sna 1960idí, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh leasuithe suntasacha polaitiúla ar na bacáin, nuair a bhain Terence O'Neill, polaiteoir Aontachtach a raibh dearcadh forásach nua-aimseartha aige, amach oifig Phríomh-Aire an Tuaiscirt. Bhí sé ag caint faoin rathúnas ábhartha mar leigheas ar an scoilt sheicteach, agus é sásta dul i dteagmháil le Seán Lemass, taoiseach Phoblacht na hÉireann san am céanna, a raibh dearcadh cosúil aige. Sa deireadh thiar thall, áfach, ní dhearna iarrachtaí Uí Néill ach an lasair a chur sa bharrach. Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i mBaile Átha Cliath, agus na Caitlicigh míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath. Mar sin, phléasc an foréigean seicteach amach arís ó thús na seachtóidí i leith. Cuid de ghnáthshaol an stáitín ab ea iad na gníomhartha sceimhlitheoireachta go dtí gur cuireadh an chéad sos cogaidh fada i bhfeidhm sna nóchaidí, agus inniu féin, spreagann an faltanas seicteach daoine chun loitiméireachta, coirlosctha, dúnmharaithe, agus bruíonachais. Tá formhór na n-iar-sceimhlitheoirí, an tIRA Sealadach thar aon dream eile, éirithe as a leithéid, agus iad ag iarraidh leas a bpobail a dhéanamh ar bhealach éigin eile, ar nós obair fhóirithinte, Gaeilgeoireacht nó polaiteoireacht dhaonlathach.

Geograife

Béal Feirste, Doire, Iúr Cinn Trá, An Ómaigh, Lios na gCearrbhach, Port an Dúnáin, Inis Ceithleann agus Droim Mór ar na cathracha is mó i dTuaisceart Éireann.

Loch Cuan faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag sroicheadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Síltear go bhfuil an loch seo ar ceann de na háiteanna is áille in Éirinn. Is féidir leat Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.

Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.

Eagraíonn maoir de chuid an Iontabhais cuid mhór siúlóidí agus turasanna thart faoi Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturasanna.