An difríocht idir athruithe ar: "Iomáint"
No edit summary |
m robot Adding: simple:Hurling |
||
Líne 144: | Líne 144: | ||
[[pl:Hurling]] |
[[pl:Hurling]] |
||
[[pt:Hurling]] |
[[pt:Hurling]] |
||
[[simple:Hurling]] |
|||
[[sv:Hurling]] |
[[sv:Hurling]] |
Leagan ó 14:18, 24 Samhain 2007
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Is de bhunadh Ghaelach an cluiche, agus is in Éirinn is mó a imrítear é. Camanachd / iomain (shinty i mBéarla), cluiche a imrítear don chuid is mó in Albain. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.
Ceann de na spóirt dúchasach Éireannach é an iomáint, in éineacht le Peil Ghaelach agus liathróid láimhe. Is é an Cumann Lúthchleas Gael a reachtálaíonn na spóirt seo.
Cluiche
Is é cuspóir an chluiche níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar scóráil tré'n sliotar a thiomáint idir chuaillí an taoibh eile. Tá diameter 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathair. Camán a dtugtar ar an maide a úsáidtear, é atá déanta as adhmad na fuinseoige. Tá an camán idir 26–40 orlach i leith, le ceann leata ar a dtugtar bas. Tá an bas seo níos mó ar chamán an chúlbáire, chun é a bheith ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 km/h agus suas go 100m i bhfad.
Rialacha
An pháirc
Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Buaitear cúl, le luach trí bpointe, nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna, agus pointe amháin nuair a chuirtear an sliotar os cionn an chuaille.
Na foirne
Tá cúig déag peileadóir i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúlbáire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lar-páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúlbáire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúig déag fear ionaid ann (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.
An liathróid
Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:
- Ag tabhairt buail (nó poc) leis an gcamán
- Ag déanamh pas boise leis an lámh
- Ag ciceáil (tá sé ceadaithe, ach níl sé ró-éifeachtúil)
Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
- Ag piocadh an liathróid go díreach ón dtalamh
- Ag caitheamh an liathróid
- Ag rith níos mó ceithre choiscéime gan pasáil nó preab a dhéanamh ar an gcamán
- Ag gabháil an liathróid trí uair i ndiaidh a chéile gan tadhall leis an talamh
- Ag caitheamh an liathróid ó lámh amháin go dtí an lámh eile
- Ag caitheamh nó ag tabhairt pas boise isteach sa chúl
- Ag caitheamh an camán
- Ag déanamh scór nuair a bhfaigheann an ionsaitheoir an liathróid isteach sa chearnóg
Ag scóráil
Déantar scóráil nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí bpointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat ghlas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar os cionn an chuaille, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deireanach Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí cúilín).
Comórtais
Is iad Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann agus Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta na príomh-chomórtais sa spórt.
Iománaithe cáiliúla
- Nioclás Mac Riocaird as Loch Garman
- Criostóir Uí Rinn as Corcaigh
- Seán Ó Dúghaill as Tiobraid Árann
- D. S. Ó Ciara as Cill Chainnigh
- Seán Ó Conghaile as Gaillimh
Foireann na Mílaoise
Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na h-imreoirí is fearr a d'imir an spóirt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'ad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.
Cúlbáire | |||
Antóin Ó Roideacháin (Tiobrad Árann) |
|||
Lán tacaí deas | Lán tacaí | Lán tacaí chlé | |
Seán Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Nioclás Ó Domhnaill (Loch Garman) |
Roibeaird Mac Riocaird (Loch Garman) | |
Leath tacaí deas | Lár leath | Leath tacaí chlé | |
Pádraig Ó Faoláin (Cill Chainnigh) |
Seán Ó Céin (Port Láirge) |
Brian Ó Faoileacháin (Uíbh Fhailí) | |
Lár na páirce | |||
Seán Ó Loingsigh (Corcaigh) |
Lorcán Ó Meachair (Cill Chainnigh) | ||
Leath tosaí deas | Leath tosaí lár | Leath tosaí chlé | |
Criostóir Uí Rinn (Corcaigh) |
Mícheál Mac Aodha (Luimneach) |
Séamas Langtún (Cill Chainnigh) | |
Lán tosaí deas | Lán tosaí | Lán tosaí chlé | |
Éadbhard Ó Cathaoir (Cill Chainnigh) |
Réamann Ó Coimín (Corcaigh) |
Séamas Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil CLG
- Treoracha iománaíochta: Uimhir a hAon, Uimhir a Dó, Uimhir a Trí.
- Sports.ie Hurling — Nuacht, cluichí agus torthaí
- The Continental Youth Championships
- Iománaíocht san Airgintín
- Iománaíocht san Astráil agus san Nua-Shéalainn
- An céad cluiche iomáint sa Stáit Aontaithe Mheiriceá