An difríocht idir athruithe ar: "Peadar de Bhulbh"
mNo edit summary |
Catagóir:Daoine as Luimneach |
||
Líne 14: | Líne 14: | ||
[[Catagóir:Ceimiceoirí|Bhulbh, Peadar de]] |
[[Catagóir:Ceimiceoirí|Bhulbh, Peadar de]] |
||
[[Catagóir:Daoine as Luimneach]] |
|||
[[de:Peter Woulfe]] |
[[de:Peter Woulfe]] |
Leagan ó 20:05, 16 Samhain 2007
Ba cheimiceoir agus mianreolaí Éireannach é Peadar de Bhulbh (1727-1803) (Peter Woulfe as Béarla) agus is ina onóir a thugtar an-tainm ar an mianra wolfraimít.
Rugadh i Luimneach é sa bhliain 1727 do chlann Normannach a chuir fúthu in iarthar an Chontae san 12ú aois. Chuaigh sé i mbun staidéir ar an eolaíocht i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sé go Sasana agus go dti Mor-Roinn na hEorpa i mbun oibre ina dhiaidh. Chaith sé seal ag obair i Madrid na Spáinne.
Bhí an tuairim aige go raibh dúil neamh-aitheanta sa wolfraimít, rud a chabharigh le fionnú an mhiotail tungsten. Chomh maith le sin, chum se próiséas nua chun fosfar a scagadh.
Sa bhliain 1779, chuir sé tuairisc síos faoi chruthú dathaigh buí nuair a measctar indigo le aigéad nitreach. Ba é sin aigéad picreach a úsáideadh san 19ú aois mar bhunús an chéad dathaigh sintéiseach sa bhliain 1849, mar ábhar pléascadh ag Jean-Baptisite Dumas sa bhliain 1885 agus mar ábhar antiseipteach i gcoinne doiteán craicean.
Chum sé an Buidéal Bhulbhach, gléas folcadh ceimiceach le trí mhuinéal air lenar féidir gás a scagadh trí leacht.
Bhí an-suim aige i rith a shaol san ailcheimic (conas ór a dhéanamh as miotail eile ar nós luaidhe).
Ceapadh mar bhall den Royal Society (An Cumann Ríoga) é agus bronnadh Bonn Copley air. Cailleadh i Lonndain é sa bhlian 1803.