An difríocht idir athruithe ar: "Iomáint"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{glanadh}}
{{glanadh}}


Cluiche foirne atá san '''iomáint''' (nó '''iománaíocht''') ina mbaintear feidhm as [[camán]] agus liathróid ar a dtugtar [[sliotar]]. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Is de bhunadh [[Ghael]]ach an [[cluiche]], agus is in [[Éire|Éirinn]] is mó a imrítear é. Tá gaol aige le [[shinty]], cluiche a imrítear don chuid is mó in [[Albain]]. Tugtar an [[camógaíocht|chamógaíocht]] ar an leagan den chluiche a imríonn mná.
Cluiche foirne atá san '''iomáint''' (nó '''iománaíocht''') ina mbaintear feidhm as [[camán]] agus liathróid ar a dtugtar [[sliotar]]. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Is de bhunadh [[Ghael]]ach an [[cluiche]], agus is in [[Éire|Éirinn]] is mó a imrítear é. Tá gaol aige le Camanachd/Iomaint [[shinty]], cluiche a imrítear don chuid is mó in [[Albain]]. Tugtar an [[camógaíocht|chamógaíocht]] ar an leagan den chluiche a imríonn mná.


Ceann de na spóirt dúchasach Éireannach é an iomáint, in éineacht le [[Peil Ghaelach]] agus [[liathróid láimhe]]. Is é an [[Cumann Lúthchleas Gael]] a reachtálaíonn na spóirt seo.
Ceann de na spóirt dúchasach Éireannach é an iomáint, in éineacht le [[Peil Ghaelach]] agus [[liathróid láimhe]]. Is é an [[Cumann Lúthchleas Gael]] a reachtálaíonn na spóirt seo.

Leagan ó 11:08, 15 Samhain 2007

Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Is de bhunadh Ghaelach an cluiche, agus is in Éirinn is mó a imrítear é. Tá gaol aige le Camanachd/Iomaint shinty, cluiche a imrítear don chuid is mó in Albain. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.

Ceann de na spóirt dúchasach Éireannach é an iomáint, in éineacht le Peil Ghaelach agus liathróid láimhe. Is é an Cumann Lúthchleas Gael a reachtálaíonn na spóirt seo.

Cluiche

Camán agus sliotar

Is é cuspóir an chluiche níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar scóráil tré'n sliotar a thiomáint idir chuaillí an taoibh eile. Tá diameter 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathair. Camán a dtugtar ar an maide a úsáidtear, é atá déanta as adhmad na fuinseoige. Tá an camán idir 26–40 orlach i leith, le ceann leata ar a dtugtar bas. Tá an bas seo níos mó ar chamán an chúlbáire, chun é a bheith ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 km/h agus suas go 100m i bhfad.

Rialacha

An pháirc.

An pháirc

Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Buaitear cúl, le luach trí bpointe, nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna, agus pointe amháin nuair a chuirtear an sliotar os cionn an chuaille.

Na foirne

Íomhá:Clg foireann.jpg
Imreoirí.

Tá cúig déag peileadóir i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúlbáire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lar-páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúlbáire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúig déag fear ionaid ann (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.

An liathróid

Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:

  • Ag tabhairt buail (nó poc) leis an gcamán
  • Ag déanamh pas boise leis an lámh
  • Ag ciceáil (tá sé ceadaithe, ach níl sé ró-éifeachtúil)

Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:

  • Ag piocadh an liathróid go díreach ón dtalamh
  • Ag caitheamh an liathróid
  • Ag rith níos mó ceithre choiscéime gan pasáil nó preab a dhéanamh ar an gcamán
  • Ag gabháil an liathróid trí uair i ndiaidh a chéile gan tadhall leis an talamh
  • Ag caitheamh an liathróid ó lámh amháin go dtí an lámh eile
  • Ag caitheamh nó ag tabhairt pas boise isteach sa chúl
  • Ag caitheamh an camán
  • Ag déanamh scór nuair a bhfaigheann an ionsaitheoir an liathróid isteach sa chearnóg

Ag scóráil

Déantar scóráil nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí bpointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat ghlas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar os cionn an chuaille, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deireanach Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí cúilín).

Comórtais

Is iad Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann agus Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta na príomh-chomórtais sa spórt.

Iománaithe cáiliúla

Foireann na Mílaoise

Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na h-imreoirí is fearr a d'imir an spóirt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'ad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.


Cúlbáire
Antóin Ó Roideacháin
(Tiobrad Árann)

Lán tacaí deas Lán tacaí Lán tacaí chlé
Seán Ó Dúghaill
(Tiobrad Árann)
Nioclás Ó Domhnaill
(Loch Garman)
Roibeaird Mac Riocaird
(Loch Garman)

Leath tacaí deas Lár leath Leath tacaí chlé
Pádraig Ó Faoláin
(Cill Chainnigh)
Seán Ó Céin
(Port Láirge)
Brian Ó Faoileacháin
(Uíbh Fhailí)

Lár na páirce
Seán Ó Loingsigh
(Corcaigh)
Lorcán Ó Meachair
(Cill Chainnigh)

Leath tosaí deas Leath tosaí lár Leath tosaí chlé
Criostóir Uí Rinn
(Corcaigh)
Mícheál Mac Aodha
(Luimneach)
Séamas Langtún
(Cill Chainnigh)

Lán tosaí deas Lán tosaí Lán tosaí chlé
Éadbhard Ó Cathaoir
(Cill Chainnigh)
Réamann Ó Coimín
(Corcaigh)
Séamas Ó Dúghaill
(Tiobrad Árann)

Naisc sheachtracha