An difríocht idir athruithe ar: "William Ramsay"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: ro:William Ramsay
Líne 15: Líne 15:


[[ar:وليم رامسي]]
[[ar:وليم رامسي]]
[[bn:উইলিয়াম রামজে]]
[[bs:William Ramsay]]
[[bs:William Ramsay]]
[[ca:William Ramsay]]
[[ca:William Ramsay]]

Leagan ó 12:12, 9 Samhain 2007

William Ramsay

Ceimiceoir Albanach ab ea an Ridire William Ramsay (2 Deireadh Fómhair, 1852 - 5 Iúil, 1916). Rugadh i nGlaschú é, mac le William Ramsay, C.E agus Catherine Ramsay a rugadh mar Robertson. Ba nia é don geolaí An Ridire Andrew Ramsay. Bhain sé clú amach mar gheall ar a chuid oibre leis na Triathgháis. D'aimsigh sé Argón (1894), Héiliam (1895), Neon (1898), Criptón (1898), agus Xeanón (1898)

Rinne Ramsay a chuid staidéir in Ollscoil Ghlascú, faoi Thomas Anderson agus ina dhiaidh sin chuaigh sé chun na Gearmáine , go dtí Ollscoil [[Tübingen], áit ar scríobh sé a thráchtas dochtúireachta dar theideal “Investigations in the Toluic and Nitrotoluic Acids”.

D'fhill Ramsay ar Ghlascú, mar chúntóir d'Anderson i gColáiste Anderson. Cheapadh é in Ollamh sa Cheimic, in Ollscoil Bhristol, sa bhliain 1879. Phós sé Margaret Buchanan sa bhliaon 1881, an bhliain chéanna ar cheapadh é ina 'Phríomhoide' nó 'Cheannaire' ar Ollscoil Bhristol. Lean sé de shíor ar aghaidh lena chuid taidhde sa Cheimic Orgánach agus sna Triathgháis.

I 1887 tháinig sé i gcomharbas ar Alexander Williamson mar 'Chathaoirleach na Ceimice' i gColáiste na hOllscoile i London. Fuair sé bás in High Wycombe, Buckinghamshire, i 1916.