An difríocht idir athruithe ar: "An Muileann gCearr"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Modifying: lt:Malingaras
m robot Adding: nn:Mullingar
Líne 49: Líne 49:
[[lt:Malingaras]]
[[lt:Malingaras]]
[[nl:Mullingar]]
[[nl:Mullingar]]
[[nn:Mullingar]]
[[pl:Mullingar]]
[[pl:Mullingar]]
[[pt:Mullingar]]
[[pt:Mullingar]]

Leagan ó 22:59, 27 Deireadh Fómhair 2007

Teimpléad:Ie baile infobox

Muileann gCearr (nó Mullingar as Béarla) ar na bailte is mó i gContae na hIarmhí i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh de 2006 tá daonra de 18,529 ag an mbaile, agus tá sé suite ar an Abhainn na Brosna idir Loch Owel agus Loch Ennell.

Téann go leor den trácht idir an Mhi agus Ros Comáin agus Baile Átha Cliath tríd an mbaile leis, agus tógadh go leor ciorcail tráchta leis an trácht a bhogadh. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Sligeach ann, maraon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart.

Tá ionad traenála ag an airm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina h-iomláine. Chuireadh Sinn Féin an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí "Éire Nua".

Cúpla míle ó dheas de bhí Lynn, mainistir a bhunaigh Naomh Colman i 780, agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár tire agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine, mar atá anois ag Arm na hÉireann. Tar éis chath a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí Meithimh 1691.

Tá forbairt mór ar siúl faoi láthair i lár an bhaile darb ainm: Lár ionad muileann gCearr. Tá dhá sráid nua á leagadh amach agus ostán urlár. An forbairt siopadóireachta is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá ann. Bíonn féile uile Éireann na drámaíocta sa Bhaile cuile bhliain. (Westmeath bachelor Festival)

Íomhá