An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh Uladh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
m robot Adding: eu, sv Modifying: simple, zh
Líne 8: Líne 8:
[[en:Ulster Volunteer Force]]
[[en:Ulster Volunteer Force]]
[[es:Fuerza Voluntaria del Ulster]]
[[es:Fuerza Voluntaria del Ulster]]
[[eu:Ulsterko Boluntarioen Indarra]]
[[fi:UVF]]
[[fi:UVF]]
[[he:כוח המתנדבים מאלסטר]]
[[he:כוח המתנדבים מאלסטר]]
[[no:Ulster Volunteer Force]]
[[no:Ulster Volunteer Force]]
[[pl:Ulster Volunteer Force]]
[[pl:Ulster Volunteer Force]]
[[simple:UVF]]
[[simple:Ulster Volunteer Force]]
[[zh:Ulster Volunteer Force]]
[[sv:Ulster Volunteer Force]]
[[zh:北爱自愿军]]

Leagan ó 14:45, 24 Meán Fómhair 2007

Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea iad Óglaigh Uladh (UVP, nó as Béarla, na Ulster Volunteers, agus ina dhiaidh sin an t-Ulster Volunteer Force, nó "Fórsa Óglaigh Uladh"). Bhunaigh an dlíodóir Edward Carson, James Craig, agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i gCúige Uladh Óglaigh Uladh an chéad uair agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i mBaile Átha Cliath. Home Rule is Rome Rule ("is é Rialtas na Róimhe an Rialtas Dúchais") agus Ulster will fight and Ulster will be right ("cuirfidh Ulaidh troid agus beidh an lá ag Ultaibh") na manaí a bhí acu. Shínigh breis is dhá chéad míle duine Cúnant Uladh lena dtacaíocht a léiriú d'Óglaigh Uladh, agus tháinig an eagraíocht ar an bhfód agus eagar míleata uirthi. Ceannaíodh na mílte gunnaí agus armlón as Hamburg sa Ghearmáin agus tugadh isteach go Latharna iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid Arm na Breataine in Éirinn gníomhú in éadan na bparaimíleatach seo, agus mar sin, cuireadh bun le Óglaigh na hÉireann (IRA an lae inniu) faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, John Redmond, mar fhreagra ar Óglaigh Uladh agus an dóigh a raibh siad ag bagairt an fhéinriail a chur ar ceal. Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i 1920 rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bparlaimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh.

Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960idí faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), agus lucht leanúna na heagraíochta ag áitiú gurb ionann í agus sean-Óglaigh Uladh. Bhí an tUVF go mór mór i mbun feallmharfóireachta agus pléascánaíochta leis an bpobal Caitliceach a chéasadh is a ghéarleanúint. Cuid de na hÓglaigh seo, bhí an-lámh acu i ngnáthchoirpeoireacht chomh maith, agus iad ag smugláil is ag díol drugaí. Dealraíonn sé go bhfuil siad i mbun na ngnóthaí seo i gcónaí. Is ar éigean a d'éirigh leo aon ionadaíocht a bhaint amach sna toghcháin leis na blianta anuas. Glactar leis gurb é an Páirtí Aontachtach Forásach an grúpa polaitiúil is cóngaraí don UVF faoi láthair.