An difríocht idir athruithe ar: "An Tuirc"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: bo:ཐུར་ཀེས
m robot Modifying: he:טורקיה
Líne 92: Líne 92:
[[gd:An Tuirc]]
[[gd:An Tuirc]]
[[gl:Turquía - Türkiye]]
[[gl:Turquía - Türkiye]]
[[he:תורכיה]]
[[he:טורקיה]]
[[hi:तुर्की]]
[[hi:तुर्की]]
[[hr:Turska]]
[[hr:Turska]]

Leagan ó 11:45, 21 Meán Fómhair 2007

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Tír is ea í Poblacht na Tuirce (Türkiye Cumhuriyeti as Tuircis) a bhfuil 7 % dá hachar suite san Eoraip agus 93 % de san Áise. Is í Ancara an phríomhchathair, ach tá Iostanbúl ar an gcathair is mó. Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (il a thugtar ar chúige as Tuircis, iller an uimhir iolra). I Mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70,413,958 duine ina gcónaí sa Tuirc. Cé go bhfuil an Tuircis ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír. Is iad na Cuirdínigh an dream eitneach is mó a bhfuil teanga agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh. Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCuirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos liobrálaí iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá Arm na Tuirce ag cur catha ar na treallchogaithe Cuirdíneacha atá ar lorg neamhspleáchais. Fuair tríocha míle duine bás sa choimhlint seo ó na seachtóidí anuas, agus an daonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.

Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus an chultúir de i rith na gcéadta bliain. Bhí an Impireacht Bhiosántach agus an Impireacht Otamánach suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agus an Áise, tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea í an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.

Poblacht shaolta dhaonlathach lárnaithe is ea í an Tuirc. B'é Mustafa Kemal Atatürk, thiar sa bhliain 1923, a chuir an chéad tús leis an gcóras polaitiúil atá i bhfeidhm sa tír inniu, nuair a thit an tóin as an Impireacht Otamánach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ó na laethanta sin ar aghaidh, tá an Tuirc ag éirí níos cóngaraí don Iarthar, cé go bhfuil sí ag coinneáil caidrimh leis an gcuid eile den tsaol Ioslamach. Tá sí ina ballstát bunaithe de na Náisiúin Aontaithe, d'Eagraíocht na Comhdhála Ioslamaí, den Eagraíocht um Chomhoibriú agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE). Tá sí ina ballstát de Chomhairle na hEorpa ón mbliain 1949 anuas, agus chuaigh sí san ECAT (NATO) sa bhliain 1952. Ón mbliain 2005 anuas, tá comhchainteanna ar siúl idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoi bhallraíocht iomlán na Tuirce san eagraíocht.

Ankara