An difríocht idir athruithe ar: "An Cheathrú Rua"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Sínte fada, mioncheartuithe ceartlitrithe.
cupla mioncheartúchán
Líne 12: Líne 12:
}}
}}


Sráidbhaile mór is ea í '''An Cheathrú Rua''' (''Carraroe'' as [[Béarla]] go traidisiúnta) atá suite i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Éire]]. Tá sí i lár [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] [[Conamara|Chonamara]]. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar [[Húicéir]]í na Gaillimhe agus ar Thrá an Doilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheicáil agus [[Gaeilge]] a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá [[Coláiste Chiaráin]] suite, agus na mílte scolairí óga ag teacht ansin gach uile bhlian chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus [[Iomradh|rásaí curach]] ar an mbaile freisin.
Sráidbhaile mór is ea í '''An Cheathrú Rua''' (''Carraroe'' as [[Béarla]] go traidisiúnta) atá suite i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Éire]]. Tá sí i lár [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] [[Conamara|Chonamara]]. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar [[Húicéir]]í na Gaillimhe agus ar Thrá an Doilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus [[Gaeilge]] a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá [[Coláiste Chiaráin]] suite, agus na mílte scolairí óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus [[Iomradh|rásaí curach]] ar an mbaile freisin.


==Gaeilge==
==Gaeilge==

Leagan ó 16:05, 20 Meán Fómhair 2007

Teimpléad:Ie baile infobox

Sráidbhaile mór is ea í An Cheathrú Rua (Carraroe as Béarla go traidisiúnta) atá suite i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sí i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar Húicéirí na Gaillimhe agus ar Thrá an Doilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus Gaeilge a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá Coláiste Chiaráin suite, agus na mílte scolairí óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus rásaí curach ar an mbaile freisin.

Gaeilge

Siopa sa Cheathrú Rua, 13 Samhain 2004

Is í an Ghaeilge (Canúint Chonnachta go sainiúil) príomhteanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnachta agus in Éirinn na laethanta seo. Tá thart ar 3,400 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus labhraíonn thart ar 85% acu Gaeilge go laethúil, de réir fhigiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge.

An sráidbhaile

Tá an ceantar meadaithe go mór le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Cúpla bliain o shin ní raibh sa mbaile ach cupla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, tá go leor tógáil á déanamh san cheantar le gairid, tá páipéar nuachta náisiúnta Foinse bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid ollscoil na Gallimhe. Tá go leoir tithíochta príomháidí agus eastáit tithíochta tógtha sa mbaile le cupla bliain anuas chomh maith le go leor tionscnamh eile atá á dtógáil faoi láthair.

Áras Mháirtín Uí Chadhain

Áras Mháirtín Uí Chadhain, foirgneamh de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina reachtáltar cúrsaí teanga, ríomhaireachta srl., lonnaithe ar an gCeathrú Rua.

Radharc sa Cheathrú Rua