An difríocht idir athruithe ar: "Tliongáinis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3: Líne 3:
B'é James Doohan, a rinne páirt Montgomery "Scotty" Scott ar an chéad sraith, a chum an chéad chupla focal, ach b'é an teangeolaí Marc Okrand a d'iompaigh ina teanga iomlán í a bhfuil idir stór cuimsitheach focal agus chóras ceart gramadaí aici. Bhí staidéar déanta ag Okrand ar theangacha bundúchasacha Mheiriceá, agus tá a lán saintréithe ag an teanga nach mbeadh i bhfad as cosán i measc theangacha dúchasacha Chalifornia. Mar sin féin, dúirt Okrand féin riamh nach raibh sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar ghramadach na dteangacha seo - bhí sé ní ba tábhachtaí an teanga a dhéanamh chomh difriúil leis an mBéarla agus ab fhéidir. Mar shampla, is é gnáthordú na rann cainte sa Tliongáinis ná OVS - is é an cuspóir a thagann roimh aon rud eile, agus an briathar ag leanúint sna sálaí aige, agus an t-ainmní fágtha ina ndiaidh. (Sa Bhéarla, is é an gnáthordú ná SVO, is é sin, ainmní - briathar - cuspóir; agus sa Ghaeilge, VSO, nó briathar - ainmní - cuspóir.)

Tá gramadach na Tliongáinise bunaithe ar an táthú, nó fiú ar an iltáthú, - is é sin, is féidir nach bhfuil ach aon fhocal fada amháin de dhíth le abairt iomlán Béarla (nó Gaeilge) a aistriú. Tá go leor eisceachtaí agus mírialtachtaí i ngramadach na Tliongáinise, ós rud é gur fhéach Okrand chuige go mbeadh mothú na teanga nádúrtha inti. Ón taobh eile de, ní teanga thonúil í an Tliongáinis, agus níl ach cúig ghuta ann.
Tá gramadach na Tliongáinise bunaithe ar an táthú, nó fiú ar an iltáthú, - is é sin, is féidir nach bhfuil ach aon fhocal fada amháin de dhíth le abairt iomlán Béarla (nó Gaeilge) a aistriú. Tá go leor eisceachtaí agus mírialtachtaí i ngramadach na Tliongáinise, ós rud é gur fhéach Okrand chuige go mbeadh mothú na teanga nádúrtha inti.

Is é an fuaimniú an chuid is lú a chuirfidh coimhthíos ar an bhfoghlaimeoir. Bhain Okrand úsáid as consain scornánaithe lena chinntiú go bhfaighfeadh na Béarlóirí an teanga neamhghnách, ach le fírinne, tá an chuid is mó de na consain speisialta sin le fáil i dteangacha a labhraítear san Eoraip.
Is é an fuaimniú an chuid is lú a chuirfidh coimhthíos ar an bhfoghlaimeoir. Bhain Okrand úsáid as consain scornánaithe lena chinntiú go bhfaighfeadh na Béarlóirí an teanga neamhghnách, ach le fírinne, tá an chuid is mó de na consain speisialta sin le fáil i dteangacha a labhraítear san Eoraip. Ón taobh eile de, ní teanga thonúil í an Tliongáinis, agus níl ach cúig ghuta ann.

{{síol}}
{{síol}}

Leagan ó 00:31, 14 Meán Fómhair 2007

Teanga shaorga í an Tliongáinis (Tliongáinis: tlhIngan Hol) a ceapadh an chéad uair le haghaidh na dTliongánach ar an scannán Star Trek: The Motion Picture. Sibhialtacht shamhlaithe is ea iad na Tliongánaigh a bhfuil an-tábhacht acu sna sraitheanna teilifíse agus sna scannáin a bhaineann le coincheap an Star Trek. D'fheictí na Tliongánaigh go minic ar an chéad sraith féin, ach níor forbraíodh an teanga dóibh roimh an chéad phríomhscannán.