An difríocht idir athruithe ar: "Dietrich Bonhoeffer"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach nua: Diagaire Protastúnach ón nGearmáin ab ea é '''Dietrich Bonhoeffer''' (saolaíodh i mBreslau ar an 4 Feabhra 1906 é, agus fuair sé bás i gcampa géibhinn [[Flossen...
 
mNo edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{glanadh}}
Diagaire Protastúnach ón nGearmáin ab ea é '''Dietrich Bonhoeffer''' (saolaíodh i m[[Wrocław|Breslau]] ar an 4 Feabhra 1906 é, agus fuair sé bás i gcampa géibhinn [[Flossenbürg]] ar an 9 Aibreán 1945) a ghlac páirt ghníomhach i gcomhcheilg Stauffenberg in aghaidh Hitler, cé go raibh sé ina chime cheana féin nuair a cuireadh iarracht mharaithe an deachtóra i gcrích. Bhain sé amach dintiúirí an dochtúra le diagacht nuair nach raibh ach ceithre bliana fichead d'aois slánaithe aige, agus chaith sé seal sna Stáit Aontaithe agus sa Spáinn, sula bhfuair sé oifig eaglasta. Nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht sa Ghearmáin, bhí sé ón tús go tréan in aghaidh an fhrith-Ghiúdachais, agus é ag cur go misniúil i gcoinne iarrachtaí na Naitsithe a n-idé-eolaíocht féin a chur i bhfeidhm ar eaglais Phrotastúnach na Gearmáine. Sa bhliain 1938, chuaigh sé leis an gcomhcheilg in aghaidh Hitler. Bhí sé ina eagraí mór i saol na heaglaise agus é i gceannas ar sheimineár rúnda diagachta i mblianta an Naitsíochais. Sa bhliain 1940, choisc na Naitsithe air óráidí poiblí a thabhairt, agus go gairid ina dhiaidh sin, choisc siad air freisin scríbhneoireacht a dhéanamh. Ar an 5 Márta 1943, rinneadh príosúnach de, agus mharaigh na Naitsithe é go gairid roimh dheireadh an chogaidh.

Leagan ó 19:10, 11 Lúnasa 2007

Diagaire Protastúnach ón nGearmáin ab ea é Dietrich Bonhoeffer (saolaíodh i mBreslau ar an 4 Feabhra 1906 é, agus fuair sé bás i gcampa géibhinn Flossenbürg ar an 9 Aibreán 1945) a ghlac páirt ghníomhach i gcomhcheilg Stauffenberg in aghaidh Hitler, cé go raibh sé ina chime cheana féin nuair a cuireadh iarracht mharaithe an deachtóra i gcrích. Bhain sé amach dintiúirí an dochtúra le diagacht nuair nach raibh ach ceithre bliana fichead d'aois slánaithe aige, agus chaith sé seal sna Stáit Aontaithe agus sa Spáinn, sula bhfuair sé oifig eaglasta. Nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht sa Ghearmáin, bhí sé ón tús go tréan in aghaidh an fhrith-Ghiúdachais, agus é ag cur go misniúil i gcoinne iarrachtaí na Naitsithe a n-idé-eolaíocht féin a chur i bhfeidhm ar eaglais Phrotastúnach na Gearmáine. Sa bhliain 1938, chuaigh sé leis an gcomhcheilg in aghaidh Hitler. Bhí sé ina eagraí mór i saol na heaglaise agus é i gceannas ar sheimineár rúnda diagachta i mblianta an Naitsíochais. Sa bhliain 1940, choisc na Naitsithe air óráidí poiblí a thabhairt, agus go gairid ina dhiaidh sin, choisc siad air freisin scríbhneoireacht a dhéanamh. Ar an 5 Márta 1943, rinneadh príosúnach de, agus mharaigh na Naitsithe é go gairid roimh dheireadh an chogaidh.