An difríocht idir athruithe ar: "An Bhainis i gCána"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
tag
Líne 7: Líne 7:


== An scéal sa Bhíobla ==
== An scéal sa Bhíobla ==
Deir sé i Soiscéal Eoin 2:1-11 go raibh Íosa ag bainis “i gCána sa Ghailíl” lena mháthair (gan ainm i Soiscéal Eoin) agus lena dheisceabail. Dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu,” agus d’fhreagair Íosa, “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair ansin leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” (Eoin 2:3-5). D’ordaigh Íosa do na seirbhísigh soithí cloiche a líonadh le huisce, iad a tharraingt amach, agus é a thabhairt go dtí máistir na fleá. Tar éis don máistir an t-uisce ina fhíon a bhlaiseadh, i ngan fhios dó cárb as ar tháinig sé, dúirt sé leis an bhfear nuaphósta gur imigh sé ón nós an fíon ab fhearr a riar ar dtús (Eoin 2:6-10). Deir an soiscéalaí mar fhocal scoir: “Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann” (Eoin 2:11).
Deir sé i Soiscéal Eoin 2:1-11 go raibh Íosa ag bainis “i gCána sa Ghailíl” lena mháthair (gan ainm i Soiscéal Eoin) agus lena dheisceabail. Dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu,” agus d’fhreagair Íosa, “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair ansin leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” (Eoin 2:3-5). D’ordaigh Íosa do na seirbhísigh soithí cloiche a líonadh le huisce, iad a tharraingt amach, agus é a thabhairt go dtí máistir na fleá. Tar éis don máistir an t-uisce ina fhíon a bhlaiseadh, i ngan fhios dó cárb as ar tháinig sé, dúirt sé leis an bhfear nuaphósta gur imigh sé ón nós an fíon ab fhearr a riar ar dtús (Eoin 2:6-10). Deir an soiscéalaí mar fhocal scoir: “Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann” (Eoin 2:11).<ref name="eoin">{{Cite book|title=An Bíobla Naofa|editor=An tAth. [[Pádraig Ó Fiannachta]]|publisher=An Sagart|year=1981|language=Gaeilge}}</ref>

== Colm Cille ==
Deirtear go ndearna [[Colm Cille|Naomh Colm Cille]] míorúilt cosúil leis seo sa séú haois nuair a bhí sé ina dheagánach in Éirinn faoi [[Fionnán Mhaigh Bhile|Fhionnán Mhaigh Bhile]]. Bhí Fionnán ag léamh Aifrinn, ach ní raibh aon fhíon acu. Chuaigh Colm Cille ar aghaidh ansin go dtí tobar agus tharraing sé uisce. Ghlaoigh sé ar ainm Chríost agus bheannaigh sé an t-uisce a tharraing sé as an tobar, agus leis sin, rinneadh fíon de, agus thug sé an fíon chuig an Aifreann.



== San ealaín ==
== San ealaín ==
Is iomaí léiriú ar an mbainis i gCána i stair na healaíne.
Is iomaí léiriú ar an mbainis i gCána i stair na healaíne.


<gallery mode="packed-hover" heights="160px">
<gallery mode="packed-hover" heights="160px">
Íomhá:Jan Cornelisz. Vermeyen 006.jpg|''An tAspal Eoin ag an mbainis i gCána'', {{circa|1530}}, [[Jan Cornelisz Vermeyen]]
Íomhá:Jan Cornelisz. Vermeyen 006.jpg|''An tAspal Eoin ag an mbainis i gCána'', {{circa|1530}}, [[Jan Cornelisz Vermeyen]]
Líne 16: Líne 22:
Íomhá:Giorgio Vasari - Marriage at Cana - WGA24290.jpg|''An Bhainis i gCána'', 1566, [[Giorgio Vasari]]
Íomhá:Giorgio Vasari - Marriage at Cana - WGA24290.jpg|''An Bhainis i gCána'', 1566, [[Giorgio Vasari]]
Íomhá:Giotto - Scrovegni - -24- - Marriage at Cana.jpg|''An Bhainis i gCána'' le [[Giotto di Bondone]], 14ú haois
Íomhá:Giotto - Scrovegni - -24- - Marriage at Cana.jpg|''An Bhainis i gCána'' le [[Giotto di Bondone]], 14ú haois
Íomhá:Bruiloft te Kana.jpg|Prionta faoin bhainis i gCána, déanta ag deireadh na 16ú haoise, i Leabharlann Ollscoil Ghent.<ref>{{Cite web|title=Bruiloft te Kana|url=https://lib.ugent.be/viewer/archive.ugent.be:3DF67A92-A6A8-11E6-B1A4-293ED43445F2#?c=&m=&s=&cv=&xywh=-2642,-228,8150,4551|access-date=2020-09-28|website=lib.ugent.be}}</ref>
Íomhá:Bruiloft te Kana.jpg|Prionta faoin bhainis i gCána, déanta ag deireadh na 16ú haoise, i Leabharlann Ollscoil Ghent.
Íomhá:Marten de Vos Cana.jpg|''An Bhainis i gCána'' le [[Maerten de Vos]], {{circa|1596}}
Íomhá:Marten de Vos Cana.jpg|''An Bhainis i gCána'' le [[Maerten de Vos]], {{circa|1596}}
</gallery>
</gallery>


== Colm Cille ==
== Tagairtí ==
{{reflist}}
Deirtear go ndearna [[Colm Cille|Naomh Colm Cille]] míorúilt cosúil leis seo sa séú haois nuair a bhí sé ina dheagánach in Éirinn faoi [[Fionnán Mhaigh Bhile|Fhionnán Mhaigh Bhile]]. Bhí Fionnán ag léamh Aifrinn, ach ní raibh aon fhíon acu. Chuaigh Colm Cille ar aghaidh ansin go dtí tobar agus tharraing sé uisce. Ghlaoigh sé ar ainm Chríost agus bheannaigh sé an t-uisce a tharraing sé as an tobar, agus leis sin, rinneadh fíon de, agus thug sé an fíon chuig an Aifreann.





Leagan ó 22:11, 14 Iúil 2022

Gerard David — An Bhainis i gCána

An chéad mhíorúilt a chuirtear i leith Íosa Críost i soiscéal Eoin ná scéal ina ndearna sé fíon d'uisce ag bainis i gCána na Gailíle.

I scéal an tSoiscéil, tugtar cuireadh d'Íosa, a mháthair, agus a dheisceabail chun bainise. Nuair a thugann a mháthair faoi deara nach bhfuil aon fhíon fágtha, déanann Íosa fíon d'uisce. Is ábhar conspóide i measc scoláirí bíobalta agus seandálaithe láthair Chána; tá roinnt sráidbhailte sa Ghailíl a d'fhéadfadh a bheith ann.

Glactar leis an gcuntas mar fhianaise ar aontú Íosa le pósadh agus le ceiliúradh saolta, agus úsáidtear é freisin mar argóint i gcoinne lánstaonta.

An scéal sa Bhíobla

Deir sé i Soiscéal Eoin 2:1-11 go raibh Íosa ag bainis “i gCána sa Ghailíl” lena mháthair (gan ainm i Soiscéal Eoin) agus lena dheisceabail. Dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu,” agus d’fhreagair Íosa, “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair ansin leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” (Eoin 2:3-5). D’ordaigh Íosa do na seirbhísigh soithí cloiche a líonadh le huisce, iad a tharraingt amach, agus é a thabhairt go dtí máistir na fleá. Tar éis don máistir an t-uisce ina fhíon a bhlaiseadh, i ngan fhios dó cárb as ar tháinig sé, dúirt sé leis an bhfear nuaphósta gur imigh sé ón nós an fíon ab fhearr a riar ar dtús (Eoin 2:6-10). Deir an soiscéalaí mar fhocal scoir: “Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann” (Eoin 2:11).[1]

Colm Cille

Deirtear go ndearna Naomh Colm Cille míorúilt cosúil leis seo sa séú haois nuair a bhí sé ina dheagánach in Éirinn faoi Fhionnán Mhaigh Bhile. Bhí Fionnán ag léamh Aifrinn, ach ní raibh aon fhíon acu. Chuaigh Colm Cille ar aghaidh ansin go dtí tobar agus tharraing sé uisce. Ghlaoigh sé ar ainm Chríost agus bheannaigh sé an t-uisce a tharraing sé as an tobar, agus leis sin, rinneadh fíon de, agus thug sé an fíon chuig an Aifreann.


San ealaín

Is iomaí léiriú ar an mbainis i gCána i stair na healaíne.


Tagairtí

  1. "An Bíobla Naofa" (as Gaeilge) (1981). An Sagart.