An difríocht idir athruithe ar: "Aogán Ó Rathaille"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
gramadach
Líne 9: Líne 9:
*'Cabhair ní Ghairfead'
*'Cabhair ní Ghairfead'
*'Is fada liom Oíche Fhírfhliuch'
*'Is fada liom Oíche Fhírfhliuch'
Is fada liom oíche fhírfhliuch gan suan, gan srann,
gan ceathra, gan maoin caoire ná buaibh na mbeann;
anfa ar toinn taoibh liom do bhuair mo cheann,
's nár chleachtas im naíon fiogaigh ná ruacain abhann.

Dá maireadh an rí díomhair ó bhruach na Leamhan
's an ghasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall
i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gcam,
go dealbh í dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.

An Carathach groí fíochmhar lér fuadh an mheang
is Carathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann;
Carathach, rí Chinn Toirc, in uaigh 's a chlann,
's is atuirse trím chroí gan a dtuairisc ann.

Do shearg mo chroí im chlíteach, do bhuair mo leann,
na seabhaic nár fríth cinnte, agár dhual an eang
ó Chaiseal go Toinn Chlíona 's go Tuamhain thall,
a mbailte 's a dtír díthchreachta ag sluaghaibh Gall.
A thonnsa thíos is airde géim go hard,
meabhair mo chinnse cloíte ód bhéiceach tá;
cabhair dá dtíodh arís ar Éirinn bhán,
do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid.


== Naisc sheachtracha ==
== Naisc sheachtracha ==

Leagan ó 18:54, 21 Iúil 2007

Ba file é Aogán Ó Rathaille (1675? – 1729), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar aisling. Rugadh Ó Rathaille i Screathan an Mhil, Sliabh Luachra, Contae Chiarraí. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.

Fuair sé teagasc sa Laidin agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na dánta ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach Seoirse I (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i gCúige Mumhan anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.

Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, Cill Airne, Co Chiarraí.

Saothar

  • 'Gile na Gile'
  • 'Cabhair ní Ghairfead'
  • 'Is fada liom Oíche Fhírfhliuch'

Is fada liom oíche fhírfhliuch gan suan, gan srann, gan ceathra, gan maoin caoire ná buaibh na mbeann; anfa ar toinn taoibh liom do bhuair mo cheann, 's nár chleachtas im naíon fiogaigh ná ruacain abhann.

Dá maireadh an rí díomhair ó bhruach na Leamhan 's an ghasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gcam, go dealbh í dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.

An Carathach groí fíochmhar lér fuadh an mheang is Carathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann; Carathach, rí Chinn Toirc, in uaigh 's a chlann, 's is atuirse trím chroí gan a dtuairisc ann.

Do shearg mo chroí im chlíteach, do bhuair mo leann, na seabhaic nár fríth cinnte, agár dhual an eang ó Chaiseal go Toinn Chlíona 's go Tuamhain thall, a mbailte 's a dtír díthchreachta ag sluaghaibh Gall. A thonnsa thíos is airde géim go hard, meabhair mo chinnse cloíte ód bhéiceach tá; cabhair dá dtíodh arís ar Éirinn bhán, do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid.

Naisc sheachtracha