An difríocht idir athruithe ar: "Chronicon Scotorum"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Botún litrithe
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{teideal iodálach}}
Croinic Gaelach na meánaoise is ea '''''Chronicon Scotorum''''' (aitheanta fosta mar ''Chronic'''um''' Scotorum'').
Croinic Gaelach na meánaoise is ea '''''Chronicon Scotorum''''' (aitheanta fosta mar ''Chronic'''um''' Scotorum'').



Leagan ó 11:14, 25 Meitheamh 2022

Croinic Gaelach na meánaoise is ea Chronicon Scotorum (aitheanta fosta mar Chronicum Scotorum).

De réir Nollag Uí Mhuraíle, is cnuasacht annál de chuid Cluain Mhic Nóis é, thar an tréimhse ón ré réamhstaire go dtí AD 1150 le roinnt bearnaí, gaolmhar le hAnnála Tiarnaigh. Caomhnaítear é a bhuí le cóip pháipéir a rinne Dubhaltach Mac Firbhisigh c. 1640, bunaithe ar foinse nach bhfuil ar marthainn.

Bhí cóip Mhic Fhirbhisigh ag a chara Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh sa 17ú haois, ach fuarathas é sa Fhrainc le linn na 1760í sular cheannaigh Coláiste na Tríonóide é sa bhliain 1776. Eagraithe agus foilsithe ag William M. Hennessy sa bhliain 1866. Meastar gurb é ar cheann desna hannála Gaelacha is fearr atá ar marthain, as ucht a chuid eoalis chruinn.

Deirtear gurbh é Giolla Críost Ó Maoil Eoin é tiomsaitheoir an téacs,[1] ach más fíor, leanadh den obair am éigin tar éis a bháis. Ní fios i ndáiríre go cruinn a chuid ionchuir maidir leis an Chronicon.

Eagráin agus foinsí

  • Mac Niocaill, Gearóid (eag. agus aistr.). Chronicon Scotorum ar CELT
  • Hennessy, William M. (eag. agus aistr.). Chronicum Scotorum. A Chronicle of Irish Affairs, from the earliest times to A.D. 1135, with a supplement containing the events from 1141 to 1150. Roll Series 46. Londain, 1866. Athchló: Wiesbaden, 1964. PDF le fáil ar Internet Archive.
  • "The Encyclopaedia of Ireland", eag. Brian Lalor, Baile Átha Cliath, 2003.

Foinsí

  • Evans, N. (2010), 'The Present and the Past in Medieval Irish Chronicles', Woodbridge & Rochester, Boydell & Brewer.
  • Grabowski, Kathryn agus David N. Dumville (1984), Chronicles and annals of medieval Ireland and Wales: the Clonmacnoise group of texts. Woodbridge.
  • Mac Niocaill, Gearóid, (1975), The medieval Irish annals. Baile Átha Cliath, ll. 18-23, 27–8.
  • Mc Carthy, Daniel P. (1998), "The chronology of the Irish annals." Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann C 98, ll. 203–55. Available from the Royal Irish Academy.
  • —, Irish chronicles and their chronology.
  • Ó Muraíle, Nollaig, (1998) The celebrated antiquary Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c. 1600-71). His lineage life and learning. Maigh Nuad, ll. 97-107, 308–9.

Tagairtí

  1. Stokes, George Thomas: Ireland and the Anglo-Norman Church. A History of Ireland and Irish Christianity from the Anglo-Norman Conquest to the Dawn of the Protestant Reformation (1889), lch. 360: "...The Chronicon Scotorum was originally compiled about the year 1150 by Christian Malone, Abbot of Clonmacnis,..."