An difríocht idir athruithe ar: "Kings (scannán)"
Guliolopez (plé | dréachtaí) IMG |
iodálach |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
{{Teideal iodálach}} |
|||
{{WD Bosca Sonraí Scannáin |
{{WD Bosca Sonraí Scannáin |
||
|image = [[Íomhá:Póstaer 'Kings'.jpg|220px]] |
|image = [[Íomhá:Póstaer 'Kings'.jpg|220px]] |
Leagan ó 04:12, 15 Meitheamh 2022
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Tommy Collins |
Príomhcharachtair | |
Dearthóir léiriúcháin | David Craig |
Ceol | Pól Ó Braonáin |
Dáileoir | Netflix |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | an Ríocht Aontaithe |
Céadléiriú | 2007 |
Fad ama | 88 min |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Dath | daite |
Cur síos | |
Bunaithe ar | The Kings of the Kilburn High Road (en) |
Seánra | scannán drámaíochta |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
Ainmnithe do | |
Suíomh gréasáin oifigiúil | highpointfilms.co.uk… |
Scannán Éireannach agus dátheangach ón mbliain 2007 is ea Kings, faoi stiúir Tom Collins. Tá an scannán bunaithe ar an dráma le Jimmy Murphy, The Kings of the Kilburn High Road. Déantar cur síos ar scéal scata cairde as Conamara a bhuaileann le chéile arís ag sochraid duine dá ngrúpa, 30 bliain tar éis dóibh dul ar imirce go Sasana.
Scéal
Gabhann scata fear óg ar imirce ó Chonamara go Sasana i lár na 1970idí, agus iad go huaillmhianach ar thóir beatha níos fearr. Bhí siad lena saibhreas a dhéanamh agus le filleadh ar an mbaile arís.
Buaileann siad le chéile arís, tríocha bliain níos déanaí ag sochraid an charad ab óige acu, Jackie. Is i gcónra a fhilleann Jackie agus bailíonn a chairde ag an tórramh.
Tá athrú mór ar an saol agus orthu féin ón gcéad lá a ndeachaigh siad ar a mbád bán[1]. "D’fhéadfadh muid a bheith mar kings” is iad na focail deireanach.
Gradaim
Roghnaíodh é mar iarrthóir na hÉireann le haghaidh chatagóir an scannáin is fearr i dteanga eachtrannach, i nGradaim an Acadaimh, 2008, cé nár éirigh leis a chraobh a thabhairt leis ar deireadh.[2] Ach d'éirigh leis cúig ghradam IFTA a bhuachan sa bhliain chéanna.[3]
Foireann aisteoirí
Is iad Colm Meaney, Brendan Conroy agus Donal O'Kelly na príomhaisteoirí
Aisteoir | Ról[4] |
---|---|
Colm Meaney | Joe Mullan |
Donal O'Kelly | Jap Kavanagh |
Brendan Conroy | Git |
Donncha Crowley | Shay |
Barry Barnes | Máirtín |
Christopher Greene | Jap Jnr |