An difríocht idir athruithe ar: "Aogán Ó Rathaille"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
grammar, wording
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Ba [[Filíocht|file]] é '''Aogán Ó Rathaille''' ([[1675]]? – [[1729]]), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar ''[[aisling]]''. Rugadh Ó Rathaille i [[Screathan an Mhil]], [[Sliabh Luachra]], [[Contae Chiarraí]]. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.
Ba [[Filíocht|file]] é '''Aogán Ó Rathaille''' ([[1675]]? – [[1729]]), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar ''[[aisling]]''. Rugadh Ó Rathaille i [[Screathan an Mhil]], [[Sliabh Luachra]], [[Contae Chiarraí]]. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.


Fuair sé teagasc sa [[Laidin]] agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na [[dán|dánta]] ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach [[Seoirse I]] (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cártaigh i réim i g[[Cúige Mumhan]] anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.
Fuair sé teagasc sa [[Laidin]] agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na [[dán|dánta]] ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach [[Seoirse I]] (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i g[[Cúige Mumhan]] anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.


Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, [[Cill Airne]], Co Chiarraí.
Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, [[Cill Airne]], Co Chiarraí.

Leagan ó 15:37, 15 Iúil 2007

Ba file é Aogán Ó Rathaille (1675? – 1729), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar aisling. Rugadh Ó Rathaille i Screathan an Mhil, Sliabh Luachra, Contae Chiarraí. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.

Fuair sé teagasc sa Laidin agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na dánta ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach Seoirse I (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i gCúige Mumhan anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.

Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, Cill Airne, Co Chiarraí.

Saothar

  • 'Gile na Gile'
  • 'Cabhair ní Ghairfead'
  • 'Is fada liom Oíche Fhírfhliuch'

Naisc sheachtracha