An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainnis"
Líne 108: | Líne 108: | ||
:''útvarp'' raidió, craolachán |
:''útvarp'' raidió, craolachán |
||
Úsáidtear téarmaí freisin a bhfuil cosúlacht éigin acu leis an mbunfhocal coimhthíoch cé go bhfuil ciall acu san Íoslainnis. Mar shampla is é an focal Íoslainnise ar "teicneolaíocht" ná ''tækni'': is léir gurb é ''teknik'' nó ''Technik'' bunús an fhocail seo, ach san am chéanna is féidir leis an gcainteoir Íoslainnise é a shamhlú leis an bhfocal dúchasach ''tæki'' = gléas (teicneolaíoch). |
Úsáidtear téarmaí freisin a bhfuil cosúlacht éigin acu leis an mbunfhocal coimhthíoch cé go bhfuil ciall acu san Íoslainnis ("comhoiriúnú fónaiséimeantach" mar a deirtear). Mar shampla is é an focal Íoslainnise ar "teicneolaíocht" ná ''tækni'': is léir gurb é ''teknik'' nó ''Technik'' bunús an fhocail seo, ach san am chéanna is féidir leis an gcainteoir Íoslainnise é a shamhlú leis an bhfocal dúchasach ''tæki'' = gléas (teicneolaíoch). |
||
== Naisc == |
== Naisc == |
Leagan ó 08:46, 23 Bealtaine 2022
Is teanga Ghearmáinice Thuaidh í an Íoslainnis (íslenska) a labhraítear don chuid is mó san Íoslainn, tír ina bhfuil sí ina teanga oifigiúil. Thairis sin, tá pobail bheaga á saothrú in áiteanna i gCeanada.
Stair
Is í an tSean-Íoslainnis, teanga Lochlannach a labhraíodh agus scríobhadh sna Meánaoiseanna, sinsearach na Nua-Íoslainnise. Go stairiúil, is as iarthar na hIorua a tháinig formhór na lonnaitheoir a chuaigh ar imirce chun na hÍoslainne. Mar sin, bhí an tSean-Íoslainnis agus an tSean-Ioruais an-chosúil lena chéile, agus is iad canúintí iarthar na hIorua na leaganacha Lochlannacha is gaolmhaire leis an Íoslainnis sa lá atá inniu ann, lasmuigh den Fharóis. Mar sin féin, toisc í a bheith scoite ó leaganacha na Mór-roinne, is ar éigean a d’athraigh gramadach na hÍoslainnise le linn na mílaoise ó shin, go háirithe ó thaobh na moirfeolaíochta de. Inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a lonnaigh an t-oileán míle bliain ó shin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann.
Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí na Meánaoiseanna, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn cainteoirí ábalta an tseanlitríocht a léamh, cé go n-úsáidtear nótaí le ciall a bhaint as an gcomhthéacs cultúrtha de ghnáth.
Gramadach
Tá gramadach ar leith ag an Íoslainnis i gcomparáid leis na teangacha Gearmáinice nua-aimseartha eile, go háirithe nuair a áirítear cé chomh saibhir agus atá a moirfeolaíocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte í, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspóireach, tabharthach agus ginideach. Tá trí inscne aici, a aithnítear thar a chéile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mó, marcáiltear na catagóirí seo go soiléir ar ainmfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha, de ghnáth i bhfoirm iarmhíreanna infhillte ag deireadh na fréamhfhoirme atá i gceist, mar a léirítear sna táblaí thíos:
FJÖRÐUR "caolsáile, fiord" (firinscneach)
uatha | iolra | |
---|---|---|
ainmneach | fjörður | firðir |
cuspóireach | fjörð | firði |
tabharthach | firði | fjörðum |
ginideach | fjarðar | fjarða |
ÁÆTLUN "amchlár, sceideal, plean" (baininscneach)
uatha | iolra | |
---|---|---|
ainmneach | áætlun | áætlanir |
cuspóireach | áætlun | áætlanir |
tabharthach | áætlun | áætlunum |
ginideach | áætlunar | áætlana |
HÚS "teach" (neodrach)
uatha | iolra | |
---|---|---|
ainmneach | hús | hús |
cuspóireach | hús | hús |
tabharthach | húsi | húsum |
ginideach | húss | húsa |
Stór focal
Cuireann muintir na hÍoslainne an-bhéim ar an nglanteangachas, agus is minic a úsáideann siad a dtéarmaí féin seachas na focail idirnáisiúnta. Samplaí is ea iad:
- efnafræði ceimic
- frumeind adamh (d'fheicfeá atóm chomh maith)
- líffræði bitheolaíocht
- orka fuinneamh
- sími teileafón, guthán
- sjónvarp teilifís
- stærðfræði matamaitic
- tölva ríomhaire
- útvarp raidió, craolachán
Úsáidtear téarmaí freisin a bhfuil cosúlacht éigin acu leis an mbunfhocal coimhthíoch cé go bhfuil ciall acu san Íoslainnis ("comhoiriúnú fónaiséimeantach" mar a deirtear). Mar shampla is é an focal Íoslainnise ar "teicneolaíocht" ná tækni: is léir gurb é teknik nó Technik bunús an fhocail seo, ach san am chéanna is féidir leis an gcainteoir Íoslainnise é a shamhlú leis an bhfocal dúchasach tæki = gléas (teicneolaíoch).
Naisc