An difríocht idir athruithe ar: "An Íoslainnis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 94: Líne 94:


== Stór focal ==
== Stór focal ==

Cuireann muintir na hÍoslainne an-bhéim ar an nglanteangachas, agus is minic a úsáideann siad a dtéarmaí féin seachas na focail idirnáisiúnta. Samplaí is ea iad:


''efnafræði'' ceimic
''frumeind'' adamh (d'fheicfeá ''atóm'' chomh maith)
''líffræði'' bitheolaíocht
''sjónvarp'' teilifís
''stærðfræði'' matamaitic
''útvarp'' raidió, craolachán

Úsáidtear téarmaí freisin a bhfuil cosúlacht éigin acu leis an mbunfhocal coimhthíoch cé go bhfuil ciall acu san Íoslainnis. Mar shampla is é an focal Íoslainnise ar "teicneolaíocht" ná ''tækni'': is léir gurb é ''teknik'' nó ''Technik'' bunús an fhocail seo, ach san am chéanna is féidir leis an gcainteoir Íoslainnise é a shamhlú leis an bhfocal dúchasach ''tæki'' = gléas (teicneolaíoch).


== Naisc ==
== Naisc ==

Leagan ó 08:20, 23 Bealtaine 2022

Teimpléad:Teanga

Is teanga Ghearmáinice Thuaidh í an Íoslainnis (íslenska) a labhraítear don chuid is mó san Íoslainn, tír ina bhfuil sí ina teanga oifigiúil. Thairis sin, tá pobail bheaga á saothrú in áiteanna i gCeanada.

Stair

Is í an tSean-Íoslainnis, teanga Lochlannach a labhraíodh agus scríobhadh sna Meánaoiseanna, sinsearach na Nua-Íoslainnise. Go stairiúil, is as iarthar na hIorua a tháinig formhór na lonnaitheoir a chuaigh ar imirce chun na hÍoslainne. Mar sin, bhí an tSean-Íoslainnis agus an tSean-Ioruais an-chosúil lena chéile, agus is iad canúintí iarthar na hIorua na leaganacha Lochlannacha is gaolmhaire leis an Íoslainnis sa lá atá inniu ann, lasmuigh den Fharóis. Mar sin féin, toisc í a bheith scoite ó leaganacha na Mór-roinne, is ar éigean a d’athraigh gramadach na hÍoslainnise le linn na mílaoise ó shin, go háirithe ó thaobh na moirfeolaíochta de. Inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a lonnaigh an t-oileán míle bliain ó shin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann.

Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí na Meánaoiseanna, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn cainteoirí ábalta an tseanlitríocht a léamh, cé go n-úsáidtear nótaí le ciall a bhaint as an gcomhthéacs cultúrtha de ghnáth.

Gramadach

Tá gramadach ar leith ag an Íoslainnis i gcomparáid leis na teangacha Gearmáinice nua-aimseartha eile, go háirithe nuair a áirítear cé chomh saibhir agus atá a moirfeolaíocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte í, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspóireach, tabharthach agus ginideach. Tá trí inscne aici, a aithnítear thar a chéile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mó, marcáiltear na catagóirí seo go soiléir ar ainmfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha, de ghnáth i bhfoirm iarmhíreanna infhillte ag deireadh na fréamhfhoirme atá i gceist, mar a léirítear sna táblaí thíos:

FJÖRÐUR "caolsáile, fiord" (firinscneach)

uatha iolra
ainmneach fjörður firðir
cuspóireach fjörð firði
tabharthach firði fjörðum
ginideach fjarðar fjarða

ÁÆTLUN "amchlár, sceideal, plean" (baininscneach)

uatha iolra
ainmneach áætlun áætlanir
cuspóireach áætlun áætlanir
tabharthach áætlun áætlunum
ginideach áætlunar áætlana

HÚS "teach" (neodrach)

uatha iolra
ainmneach hús hús
cuspóireach hús hús
tabharthach húsi húsum
ginideach húss húsa

Stór focal

Cuireann muintir na hÍoslainne an-bhéim ar an nglanteangachas, agus is minic a úsáideann siad a dtéarmaí féin seachas na focail idirnáisiúnta. Samplaí is ea iad:


efnafræði ceimic frumeind adamh (d'fheicfeá atóm chomh maith) líffræði bitheolaíocht sjónvarp teilifís stærðfræði matamaitic útvarp raidió, craolachán

Úsáidtear téarmaí freisin a bhfuil cosúlacht éigin acu leis an mbunfhocal coimhthíoch cé go bhfuil ciall acu san Íoslainnis. Mar shampla is é an focal Íoslainnise ar "teicneolaíocht" ná tækni: is léir gurb é teknikTechnik bunús an fhocail seo, ach san am chéanna is féidir leis an gcainteoir Íoslainnise é a shamhlú leis an bhfocal dúchasach tæki = gléas (teicneolaíoch).

Naisc


An Íoslainnis
Vicipéid le fáil as An Íoslainnis freisin