An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid Ó Cuinneagáin"

Jump to navigation Jump to search
m
soiléiriú agus ceart in abairt amháin
m (glanadh)
m (soiléiriú agus ceart in abairt amháin)
Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na [[Gaeilge]] ab ea é '''Gearóid Ó Cuinneagáin''' ([[1910]]-[[1991]]). Rugadh i m[[Béal Feirste]] é ar an [[2 Eanáir]] 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir [[Séamus Ó Néill]] i scoil na m[[Bráithre Críostaí]] i Sráid Duibhise.
 
Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i m[[Baile Átha Luain]] i [[1927]] mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i g[[Caisleán an Bharraigh]] agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh é faoi shaoiresaoire leathbhliana chun tréimhse a chaitheamh sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]]. Chaith sé cúpla bliain i [[Rinn na Feirste]] i d[[Tír Chonaill]] sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar [[An tÉireannach (páipéar)|An tÉireannach]], ach ní léir cén tslí bheatha a bhí aige nuair a theip ar an bpáipéar sin go dtí gur bhunaigh sé páipéar dá chuid féin, Aiséirí, sna daichidí.
 
Ar an [[26 Meán Fómhair]] [[1940]] bhunaigh sé [[Craobh na hAiséirí]] de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: [[Donncha Ó Súilleabháin]], Pádraig Ó Drisceoil, [[Séamus Ó Néill]], [[Sorcha Ní Ghuairim]], [[Aogán Brioscú]], [[Annraoi Ó Liatháin]], [[Seán Ó hÉigeartaigh]], [[Ciarán Ó Nualláin]] agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain [[1941]] agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon bheag dhíograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.
1,676

edits

Roghchlár nascleanúna