An difríocht idir athruithe ar: "Clannad"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: cy:Clannad, gl:Clannad
No edit summary
Líne 38: Líne 38:
==Naisc Gaolta==
==Naisc Gaolta==
[[Máire Ní Bhraonáin]]
[[Máire Ní Bhraonáin]]

==Naisc agus Tagairtí==
[http://www.clannad.ie Suíomh oifigiúil]





Leagan ó 19:08, 9 Iúil 2007

Íomhá:Band35p.jpg
Ceannródaithe an cheoil ceilteach, Clannad.
An dara albam a d'eisigh Clannad, Clannad 2.

Grúpa ceoil as Gaoth Dobhair i nDún na nGall, Éire, is ea Clannad. Ghlac siad páirt i gcomórtais Slógadh don óige agus cuireadh dhá rian dá gcuid ar chéirnín speisialta a cuireadh amach mar chomóradh ar an bhféile sin: amhrán dá gcuid féin 'Lisa', agus an t-amhrán traidisiúnta 'Thíos Cois na Trá'. Ba iad na deartháireacha Ciarán agus Pól Ó Braonáin, agus beirt uncail leo, Noel agus Pádraig Ó Dugáin, a bhí sa ghrúpa ar dtús, agus Máire Ní Bhraonáin, deirfiúr le Ciarán agus Pól. Chaith Eithne Ní Bhraonáin, deirfiúr níos óige tamall leis an ghrúpa mar chúlceoltóir sular thosaigh sí ar a gairm aonair mar cheoltóir ach cha raibh sí ariamh mar bhaill oifigiúil.

Meascadh ceol gaelach, snagcheol agus stíleanna eile chun stíl dá gcuid féin a chumadh. Bhí traidisiún an cheoil ag muintir Uí Bhraonáin agus Uí Dhúgáin, mar go raibh Leo Brennan ina cheoltóir le seobhanna, agus a bhean Máire 'Baba' Ní Dhugáin ina múinteoir ceoil.

Eisíodh céad albam Chlannad i 1973 agus chaith an grúpa na blianta ag taisteal ar fud na hÉireann agus na hEorpa agus a gcáil ag méadú i rith an ama.

Nuair a d'éirí go maith leis an amhrán "Theme From Harry's Game" i 1982 i gcairteanna na Breataine, tháinig tús le Clannad mar ghrúpa ceoil domhanda. Mar gheall ar rath an amhrán seo bhain siad duais mór Ivor Novello. Agus in 1984 rinne Clannad an ceoil fá choinne sraith Robin Hood de chuid an BBC, d'eisigh siad an t-albam Legend, de bharr seo bhain BAFTA, ba iad an chéad grúpa Éireannach a bhain a leithéid. I 1985 tháinig ceirnín fíor-rathúil eile, Macalla. Ba seo ceann dena ceirníní is mó a d'eisí an grúpa, d'éirí go maith leis na hamhráin "Closer To Your Heart" agus "Almost Seems (Too Late To Turn)". Ach ba é an amhrán a cheoil siad le Bono, an amhrán ba cháiliúla, rinne "In A Lifetime" go maith ar fud na cruinne.

Lean Clannad ar aghaidh ag déanmah ceirníní stairiúla, cé gur éirí go maith le fuaim s'acu féin agus leis an pop-cheol, choinnigh siad dílis dá dúchais féin. Chur leaganacha úra do sean amhráin ar ceirníní s'acu, mar shampla, "Tráthnóna Beag Aréir" agus "Buachaill Ón Éirne".

Chrúthaigh Chlannad gur grúpa den scoth a bhí iontu i 1997, nuair a bhain siad duais Grammy fá choinne an t-albam Landmarks. Ó shin, níor eisí siad aon ábhar nua, ach i ndiaidh iad a theacht le chéile i 2007 ag féile Celtic Connections agus ag na Meteor Ireland Music Awards, dúirt siad ba mhian leofa pilleadh ar ais go dtí an stiúideo.

Dioscliosta

  • 1973 - Clannad The Pretty Maid
  • 1975 - Clannad 2
  • 1976 - Dúlamán
  • 1979 - Clannad In Concert [Beo]
  • 1980 - Crann Úll
  • 1982 - Fuaim
  • 1983 - Magical Ring
  • 1984 - Legend
  • 1985 - Macalla
  • 1987 - Sirius
  • 1988 - Aatlantic Realm [Fuaimriain]
  • 1989 - Past Present
  • 1989 - The Angel and the Soldier Boy [Fuaimriain]
  • 1990 - Anam
  • 1993 - Banba
  • 1996 - Lore
  • 1997 - Landmarks
  • 1998 - An Díolaim
  • 2003 - The Best Of Clannad: In A Lifetime
  • 2005 - Clannad: Live In Concert, 1996


Naisc Gaolta

Máire Ní Bhraonáin

Naisc agus Tagairtí

Suíomh oifigiúil