An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: nl:Gweedore
No edit summary
Líne 6: Líne 6:
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteorí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteorí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.


Thuill ceoltóirí na háite an-chuid airde ó cuireadh [[Clannad]] ar bun sna 1970í, agus tá cáil dhomhanda ar leithéidí [[Altan]], [[Enya]]. Aoife Ní Fhearraigh agus ceoltóirí eile ó shin i leith.
Thuill ceoltóirí na háite an-chuid airde ó cuireadh [[Clannad]] ar bun sna 1970í, agus tá cáil dhomhanda ar leithéidí [[Altan]], [[Enya]]. [[Aoife Ní Fhearraigh]], [[Na Casaidigh]] agus ceoltóirí eile ó shin i leith.


Tá [[Gabhla]], Inis Meáin, Inis Oirthear agus oileáin eile ar an chósta. Ba as Gabhla don scríbhneoir agus don mhúinteoir clúiteach [[Seán 'ac Fhionnlaoich]].
Tá [[Gabhla]], Inis Meáin, Inis Oirthear agus oileáin eile ar an chósta. Ba as Gabhla don scríbhneoir agus don mhúinteoir clúiteach [[Seán 'ac Fhionnlaoich]].

Leagan ó 18:45, 9 Iúil 2007

Íomhá:Gaoth33.jpg
Radharc do Ghaoth Dobhair ó thrá Mhachaire Chlochair.

Gaoth Dobhair (Gweedore i mBéarla): ceantar Gaeltachta i gcontae Dhún na nGall. Paróiste atá ann chomh maith, ina bhfuil na sráidbhailte An Tor, Croithlí, An Bun Beag, Doire Beag, Cnoc Fola agus bailte beaga eile. Tá Eastáit Tionsclaíochta sa Screabán, a bunaíodh i ndeireadh na 1960í nuair a chuir coiste áitiúil brú ar na húdaráis gníomh dearfach a dhéanamh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca.

Cé nach bhfuil ionad uirbeach ar bith ann tá dlús daonra an-ard i nGaoth Dobhair le blianta fada, agus chuaigh daoine ar imirce séasúrach go hAlbain ar feadh na mblianta. Le fás na tionsclaíochta agus na turasóireachta tógadh na céadta teach úr ar fud an cheantair, iad amhail is dá gcaithfí anuas ón spéir iad.

Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteorí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.

Thuill ceoltóirí na háite an-chuid airde ó cuireadh Clannad ar bun sna 1970í, agus tá cáil dhomhanda ar leithéidí Altan, Enya. Aoife Ní Fhearraigh, Na Casaidigh agus ceoltóirí eile ó shin i leith.

Gabhla, Inis Meáin, Inis Oirthear agus oileáin eile ar an chósta. Ba as Gabhla don scríbhneoir agus don mhúinteoir clúiteach Seán 'ac Fhionnlaoich.

Ar an taobh thoir den pharóiste tá Dún Lúiche agus an Earagail go hard os a chionn.

Naisc