An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad hidreafluarach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 33: Líne 33:
Tá an fhluairíd hidrigine intuaslagtha san uisce beag beann ar choibhneas an dá chomhdhúil. Tugtar aigéad hidreafluarach ar an meascán. Sna tuaslagáin chaola tá an t-aigéad hidreafluarach réasúnta lag mar aigéad, toisc nach bhfuil sé démhéirithe, agus tá nasc láidir hidrigine idir an t-ian hiodrocsóiniam H<sub>3</sub>O<sup>+</sup> agus an t-ian fluairíde F<sup>+</sup>. Sna tuaslagáin ardtiúis bíonn an fhluairíd hidrigine démhéirithe go <chem>H2F2</chem>, agus tá an démhéir seo i bhfad níos láidire mar aigéad ná an aonmhéir HF.
Tá an fhluairíd hidrigine intuaslagtha san uisce beag beann ar choibhneas an dá chomhdhúil. Tugtar aigéad hidreafluarach ar an meascán. Sna tuaslagáin chaola tá an t-aigéad hidreafluarach réasúnta lag mar aigéad, toisc nach bhfuil sé démhéirithe, agus tá nasc láidir hidrigine idir an t-ian hiodrocsóiniam H<sub>3</sub>O<sup>+</sup> agus an t-ian fluairíde F<sup>+</sup>. Sna tuaslagáin ardtiúis bíonn an fhluairíd hidrigine démhéirithe go <chem>H2F2</chem>, agus tá an démhéir seo i bhfad níos láidire mar aigéad ná an aonmhéir HF.


Úsáidtear an fhluairíd hidrigine le sáraigéid a tháirgeadh. Má théann comhdhúil a bhfuil áit do leictreondís aici (is é sin, comhdhúil ar aigéad í de réir theoiric fhairsingithe Lewis ar an aigéad) agus an fhluairíd hidrigine le chéile, agus ceann de leictreondíseanna an adaimh fhluairín ag dul san fholúntas atá ag aigéad Lewis di, cruthófar móilín sáraigéid: gheofar aigéad fluarantamónach <chem>SbF5-FH</chem>, má théann an fhluairíd hidrigine agus an pheantafluairíd antamón <chem>SbF5</chem> le chéile.
Úsáidtear an fhluairíd hidrigine le sáraigéid (aigéid shárláidire) a tháirgeadh. Má théann comhdhúil a bhfuil áit do leictreondís aici (is é sin, comhdhúil ar aigéad í de réir theoiric fhairsingithe Lewis ar an aigéad) agus an fhluairíd hidrigine le chéile, agus ceann de leictreondíseanna an adaimh fhluairín ag dul san fholúntas atá ag aigéad Lewis di, cruthófar móilín sáraigéid: gheofar aigéad fluarantamónach <chem>SbF5-FH</chem>, má théann an fhluairíd hidrigine agus an pheantafluairíd antamón <chem>SbF5</chem> le chéile.





Leagan ó 23:52, 10 Eanáir 2022

Teimpléad:ChemboxFluairíd hidrigine, HF, nó a tuaslagán uisciúil is ea an t-aigéad hidreafluarach. Fluairídí a thugtar ar shalainn an aigéid seo. Bíodh is go bhfuil sé fíorchreimneach, níl sé ach measartha láidir mar aigéad, agus i dtuaslagán atá páirtneodraithe bíonn an pH thart ar 3. Eitseálann an t-aigéad gloine tríd an imoibriú 4 HF + SiO2 → SiF4 + 2 H2O, mar is so-ghalaithe an fhluairíd sileacain a dhéantar.

Stair

Bhí aithne ag lucht déanta na gloine le fada an lá ar an aigéad hidreafluarach, ach ba é an ceimiceoir Sualannach Carl Wilhelm Scheele a bhí in ann roimh aon duine eile cainníocht mhór den aigéad hidreafluarach a tháirgeadh. Ba é an Francach Edmond Frémy an chéad duine a d'aithin an fhluairíd hidrigine mar chomhdhúil ghlan gan uisce, nuair a bhí sé ag iarraidh fluairín a aonrú.

An Struchtúr agus na hImoibriúcháin

Níl ach dhá adamh i móilín na fluairíde hidrigine, ach is dual do na móilíní greamú dá chéile: slabhraí fada móilíní atá sa fhluairíd sholadach agus sa leacht féin. Má fhiuchtar an fhluairíd hidrigine go gás, beidh brú an gháis níos ísle ná mar a shílfeá, toisc go ngreamaíonn na móilíní dá chéile fiú sa ghás. Is é an greamú seo is cúis le chomh hard atá fiuchphointe na fluairíde hidrigine freisin - is é an fiuchphointe atá ag an bhfluairíd hidrigine ná 19.5 °C, agus na halaiginídí hidrigine eile ina ngáis i bhfad taobh thíos den nialas.

Tá an fhluairíd hidrigine intuaslagtha san uisce beag beann ar choibhneas an dá chomhdhúil. Tugtar aigéad hidreafluarach ar an meascán. Sna tuaslagáin chaola tá an t-aigéad hidreafluarach réasúnta lag mar aigéad, toisc nach bhfuil sé démhéirithe, agus tá nasc láidir hidrigine idir an t-ian hiodrocsóiniam H3O+ agus an t-ian fluairíde F+. Sna tuaslagáin ardtiúis bíonn an fhluairíd hidrigine démhéirithe go , agus tá an démhéir seo i bhfad níos láidire mar aigéad ná an aonmhéir HF.

Úsáidtear an fhluairíd hidrigine le sáraigéid (aigéid shárláidire) a tháirgeadh. Má théann comhdhúil a bhfuil áit do leictreondís aici (is é sin, comhdhúil ar aigéad í de réir theoiric fhairsingithe Lewis ar an aigéad) agus an fhluairíd hidrigine le chéile, agus ceann de leictreondíseanna an adaimh fhluairín ag dul san fholúntas atá ag aigéad Lewis di, cruthófar móilín sáraigéid: gheofar aigéad fluarantamónach , má théann an fhluairíd hidrigine agus an pheantafluairíd antamón le chéile.