An difríocht idir athruithe ar: "Formaildéad"
mNo edit summary |
Botún cló. |
||
Líne 73: | Líne 73: | ||
== Priacail don tsláinte == |
== Priacail don tsláinte == |
||
Cé gur ceimiceán nádúrtha é an formaildéad, baineann a lán contúirtí leis ó thaobh shláinte an duine de. Is carcainigin (cúis ailse) é, agus cuireann sé as do na súile. Greannaíonn sé na seicní múcasacha fosta. An dóchar atá sa |
Cé gur ceimiceán nádúrtha é an formaildéad, baineann a lán contúirtí leis ó thaobh shláinte an duine de. Is carcainigin (cúis ailse) é, agus cuireann sé as do na súile. Greannaíonn sé na seicní múcasacha fosta. An dóchar atá sa mheatanól (san alcól meitile) <chem>CH3OH</chem> don duine tá sé bunaithe ar an dóigh a n-ocsaídítear an meatanól go formaildéad san orgánach dhaonna. I gcillíní na súl is mó a bhíos an t-ocsaídiú seo ar obair, rud a mhíníonn an dochar a dhéanann an meatanól do radharc na súl ag na daoine a thagann beo as an nimhiú meatanóil. |
||
Leagan ó 04:04, 9 Eanáir 2022
Teimpléad:Chembox Is é an formaildéad nó an meatánal CH2O an ceann is simplí de na haildéid. Gás gan dath é le teocht an tseomra, agus boladh láidir sainiúil as. Inniu, is mó mar amhábhar do chomhdhúile orgánacha eile a úsáidtear é, ach sna laethanta a bhí, d'úsáidtí tuaslagán uisce an fhormaildéid, an fhormailin, le heiseamail a thaisceadh sa bhitheolaíocht, sin nó mar fhrithsheipteán, is é sin, le baictéir a mharú. Tá an formaildéad sách nimhiúil don duine, áfach, agus is mór an priacal atá ann don tsláinte, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta atá sé i gcónaí sa tionsclaíocht cheimiceach. Bíonn formaildéad le fáil go nádúrtha ar domhan.
Tá sé de chlaonadh san fhormaildéad polaiméiriú go paraformaildéad, trímhéiriú go 1,3,5-trí-ocsán, agus hiodráitiú go hiodráit formaildéid, nó meatándé-ól .
Úsáid
Baintear úsáid as formaildéad mar oibreán balsamaithe le corpáin mharbha a chaomhnú ar mhaithe le hadhlacadh nó mionghearradh.
Priacail don tsláinte
Cé gur ceimiceán nádúrtha é an formaildéad, baineann a lán contúirtí leis ó thaobh shláinte an duine de. Is carcainigin (cúis ailse) é, agus cuireann sé as do na súile. Greannaíonn sé na seicní múcasacha fosta. An dóchar atá sa mheatanól (san alcól meitile) don duine tá sé bunaithe ar an dóigh a n-ocsaídítear an meatanól go formaildéad san orgánach dhaonna. I gcillíní na súl is mó a bhíos an t-ocsaídiú seo ar obair, rud a mhíníonn an dochar a dhéanann an meatanól do radharc na súl ag na daoine a thagann beo as an nimhiú meatanóil.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |