An difríocht idir athruithe ar: "Louise Bourgeois"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
add image #lsp_drawtober #lessansimages #lessanspagEs
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Louise Bourgeois.tif|mion|Louise Bourgeois]]
[[Íomhá:Maman de Louise Bourgeois - Bilbao.jpg|mion|225px|''Maman'', dealbh le Bourgeois os comhair an Mhúsaem Guggenheim in [[Bilbao]], sa [[An Spáinn|Spáinn]]]]
[[Íomhá:Maman de Louise Bourgeois - Bilbao.jpg|mion|225px|''Maman'', dealbh le Bourgeois os comhair an Mhúsaem Guggenheim in [[Bilbao]], sa [[An Spáinn|Spáinn]]]]
Ealaíontóir [[SAM|Meiriceánach]] de bhunús na [[An Fhrainc|Fraince]] ab ea '''Louise Joséphine Bourgeois''' ([[25 Nollaig]] [[1911]] – [[31 Bealtaine]] [[2010]]). Rugadh i b[[Páras]] í, ach ba i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]] a raibh cónaí uirthi ón mbliain 1938 i leith. Thuill sí clú di féin lena [[dealbhóireacht]] ar mhórscála sa chuid is mó, ach rinne sí péintéireachtaí agus priontaí chomh maith. Bhí ceangail idir a cuid ealaíne féin agus ealaín an osnádúrachais agus an ealaín fheimíneach. Bhí sí pósta ar staraí ealaíne Meiriceánach darbh ainm [[Robert Goldwater]] (1907–1973).

Leagan ó 16:47, 1 Samhain 2021

Louise Bourgeois
Maman, dealbh le Bourgeois os comhair an Mhúsaem Guggenheim in Bilbao, sa Spáinn

Ealaíontóir Meiriceánach de bhunús na Fraince ab ea Louise Joséphine Bourgeois (25 Nollaig 191131 Bealtaine 2010). Rugadh i bPáras í, ach ba i gCathair Nua-Eabhrac a raibh cónaí uirthi ón mbliain 1938 i leith. Thuill sí clú di féin lena dealbhóireacht ar mhórscála sa chuid is mó, ach rinne sí péintéireachtaí agus priontaí chomh maith. Bhí ceangail idir a cuid ealaíne féin agus ealaín an osnádúrachais agus an ealaín fheimíneach. Bhí sí pósta ar staraí ealaíne Meiriceánach darbh ainm Robert Goldwater (1907–1973).

Rinne Louise staidéar ar an matamaitic ach nuair a fuair a máthair bás chuaigh sí leis an ealaín. Sheas a hathair ina choinne sin, ach bhí sé toilteanach cuidiú léi le siopa priontaí a chur ar siúl ar an ábhar gur gnó a bhí i gceist, agus ní ealaín. Sa bhliain 1938 bhuail Robert Goldwater isteach chun cúpla prionta de chuid Pablo Picasso a cheannach. Phós siad agus níos déanaí sa bhliain thug siad aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac mar ar thosaigh sé arís mar ollamh leis na healaíona ag an New York University Institute of Fine Arts. D'fhreastail Bourgeois ar an Art Students League of New York agus Vaclav Vytlacil mar theagascóir péintéireachta aici. Rinne sí dealbha agus priontaí ag an am céanna.[1]

Tagairtí

  1. "Louise Bourgeois, influential sculptor, dies at 98", Cotter, Holland, The New York Times, lch. 2, 31 Bealtaine 2010

Naisc sheachtracha