An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sárbhrómach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 12: Líne 12:


https://www.ch.imperial.ac.uk/rzepa/blog/?p=6467
https://www.ch.imperial.ac.uk/rzepa/blog/?p=6467
[[en:Perbromic acid]]

Leagan ó 18:32, 19 Meán Fómhair 2021

Teimpléad:ChemboxIs é an t-aigéad sárbhrómach HBrO4 an t-ocsaigéad is airde uimhir ocsaídiúcháin atá ag an mbróimín, agus é cosúil leis an aigéad sárchlórach ó thaobh struchtúr an mhóilín de. Ar feadh i bhfad ní bhítí in ann aigéad sárbhrómach ná an t-ian sárbhrómáite BrO4- a tháirgeadh ar aon nós, agus ba ghnách leis na ceimiceoirí a shíleadh nach raibh an t-aigéad seo ann ar aon nós. Sa bhliain 1968 gineadh na chéad iain sárbhrómáite i Meiriceá, ach b'éigean do na heolaithe dul i dtuilleamaí cineál "ailceimice", nó traschlaochlú radaighníomhach, leis an éacht a chur i gcrích: go bunúsach bhí iain seiléanáite SeO42- acu agus iseatóp radaighníomhach seiléiniam i gceist, agus nuair a tháinig béite-mheath radaighníomhach ar an seiléiniam, is éard a fuarthas ná iain sárbhrómáite.

Rith modhanna oibre ní b'fhusa leis na heolaithe ina dhiaidh sin chun sárbhrómáit a tháirgeadh, agus bhí siad in ann eiseamal beag den ghlanaigéad féin a ghineadh, ach tríd is tríd tá sé thar a bheith deacair inniu féin an bróimín a ocsaídiú go +VII.

Foinsí

https://www.ch.imperial.ac.uk/rzepa/blog/?p=6467