An difríocht idir athruithe ar: "Baile Átha Cliath"

Jump to navigation Jump to search
→‎Stair: No fianaise
(→‎Stair: No fianaise)
clib: Mobile edit Mobile web edit
<small>Príomhalt: [[Stair Bhaile Átha Cliath]]</small>
 
Deirtí gurbh iad na [[Lochlannaigh]] a bhunaigh an chathair sa bhliain [[988]], ach is suntasach gur dhá ainm Gaeilge atá uirthi, agus nach bhfuil aon ainm Lochlannach uirthi. Lean na [[Normannaigh]]Anglo-francesi ag cur leis an gcathair nuair a tháinig siadsan chuig an tír. Ina dhiaidh sin, leath [[Páil|an Pháil]], an chuid den tír a bhí faoi smacht na nGall, as Baile Átha Cliath amach.
 
Ach in ainneoin cháil ghallda na cathrach, tá go leor fianaise ann go raibh an Ghaeilge á labhairt go flúirseach sa chathair agus go raibh pobal dúchais Gaelach ann go dtí deireadh an 19ú haois ar a laghad, go háirithe i gceantar [[na Saoirsí]]. Bhí ciorcal liteartha Gaeilge cáiliúil le fáil ann a bhí bainteach le [[Seán Ó Neachtain (Scoláire Gaeilge)|Seán Ó Neachtain]] agus a mhac Tadhg sa 17ú agus san 18ú haois agus ba mhór a chuir siad seo le leánn na Gaeilge san Ardchathair.
 
Sa bhliain [[1916]], b'i mBaile Átha Cliath a cuireadh an chuid ba mhó de na cathanna le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus cé gur theip ar an Éirí Amach agus nach mórán tacaíochta a bhí aige ag an am, de réir a chéile d'fhás an cás náisiúnach go dtí gur troideadh [[Cogadh Angla-Éireannach|Cogadh na Saoirse]], agus gur síníodh an [[Conradh Angla-Éireannach]] sa bhliain [[1921]]. Sa chogadh sin, bhí baint mhór ag an gcathair leis an troid. Ba i mBaile Átha Cliath a bhí [[Micheál Ó Coileáin]] agus a Scuad bunaithe freisin. Sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]] ina dhiaidh, thosaigh an troid i mBaile Átha Cliath, sna [[Na Ceithre Chúirteanna|Ceithre Chúirteanna]]. Rinneadh a lán díobhála sa chogadh sin ar fud na tíre agus i mBaile Átha Cliath. Ba é sin an dara huair a scriosadh an chathair. Ina dhiaidh sin, bhí Baile Átha Cliath ina phríomhchathair ar [[Saorstát Éireann|Shaorstát Éireann]] agus ar [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]].
Úsáideoir gan ainm

Roghchlár nascleanúna