An difríocht idir athruithe ar: "Dúblóga Uamacha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 586: Líne 586:
* FGB leathadh leathadh lúitheach, numbness (of hands from cold).
* FGB leathadh leathadh lúitheach, numbness (of hands from cold).
* (Nath) Go breas nó go treas, by hook or by crook. (FGB)
* (Nath) Go breas nó go treas, by hook or by crook. (FGB)
* Humpty Dumpty. (Leagan Ciarraíoch.)

Tá Filimín Falaimín i n áird' ar an bhfalla.
Thuit Filimín Falaimín anuas ar an dtalamh;
Dá dtagadh dháréag agus triúr agus dachad
N'Fhéadfaidís filimín Falaimín a chuir i
n áird' ar an bhfalla.


==Samplaí i nGaeilge na hAlban==
==Samplaí i nGaeilge na hAlban==

Leagan ó 14:40, 15 Iúil 2021

dúblóga uamacha timpeall an domhain[1]

Is éard is dúblóga uamacha (comhaonaid, dúblóga, nathanna macallachafocail eamhnaithe uaireanta) ann ná nathanna beaga a bhfuil dhá fhocal iontu agus a bhfuil rím eatarthu de ghnáth. Is féidir an focal céanna a athrá nó athrú beag a bheith i gceist.

Tá an tógáil sách coitianta sa Ghaeilge, rí rá mar shampla.

Feictear samplaí amhail helter skelter sa Bhéarla, áit a dtugtar reduplicated words, reduplicatives, rhyme motivated compounds, echo wordsflip-flop words orthu.

Samplaí sa Ghaeilge

Sampla Míniú Foinse
beag beagadán duine beag
(seolta) bocóideacha bacóideacha bellying sails. ('chequered' dar le roinnt foinsí) Ó Dónaill
bog bogadán duine bog
briolla bhrealla/brille bhreaille seafóid chainte
briste brúite worn out
bulcánta balcánta sturdy and strong FGB
cling-cleaing clang FGB
ciolar chiot (a dhéanamh de rud) rud a bhriseadh ina phíosaí beaga, bia míoltóg a dhéanamh de dhuine
clic cleaic click-clack/Clack-clack, trup-trap FGB
cliotar cleatar racket, din FGB
clipthe cráite tormented
clú agus cáil fame
cniogaide cnagaide tap-tap (foilsíodh rainn i bhfoirm leabhair ag Nicholas Williams faoin teideal seo https://www.cic.ie/books/published-books/cniogaide-cnagaide-leabhair-cloite)
cogar mogar hugger mugger (i.e. jumble, confusion; jumbled, confused)
cosair-easair litter, mess
croí cráite broken heart, broken-hearted
dáiríre píre
de dhoirte dhairte (leagan malartach: de dhorta dharta) dartingly, suddenly. de dhorta dharta ar leathanach 226 de Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh. Rinne sé de dhurta dharta é, is é sin le rá go ndearna sé go tobann é gan smaoineamh roimh ré.
dic-dic Abhacantalóp atá dúchasach don Afraic is ea an dic-dic
diúra deabhra (nó dúra dara) Bheith i do dhiúra dheabhra, to be in a state of utter confusion, to be left speechless. FGB
thit an drioll ar an dreall aige he was flabbergasted; he lost courage
dubhdóite sick and tired
dúr dúramán duine dúr
duth is dath 'Bhí sé cinnte orm duth is dath í a choinneáil uaim.' Deoraíocht, Pádraic Ó Conaire, lch 44.
gan dubh gan dath without a trace FGB
dúrtam dártam tittle-tattle
dúirse-dáirse ráfla, on the grape-vine. Leagan eile is ea "Dubhairt sé Dabhairt sé" an leagan Gaeilge a cuireadh ar theideal dhráma Lady Gregory a d'aistrigh An Seabhac Foilsíodh é ar an An Claidheamh Soluis ar an 29 Iúil, 1911. FGB
éasca péasca easy-peasy
faoiste fáiste (a dhéanamh de rud) to pooh-pooh sth.; a bheag de dhéanamh de rud
figear feaigear An rud sin eile, thingamy cá hainm seo atá air FGB
fíge fí a trifling thing
filimín fálaimín Humpty-dumpty. FGB
fionna feanna jot, nothing. "Níor fágadh fionna feanna ann" - nothing was left there; "ní fiú fionna feanna é" - it is worth nothing.
fite fuaite (le) intertwined (with) (i.e. intricately associated with) FGB
flup flap flop (aimnfhocal) focloir.ie
ag teacht go folcanta falcanta (leagan malartach folcánta falcánta) ag teacht go neartmhar láidir FGB
frois frais (a dhéanamh de rud) praiseach a dhéanamh de rud
frumsó framsó
frum fram Fan Inti, Domhnall Mac an tSíthigh, lch 97.
"Fú Fá Féasóg" fee fo fum Sgéalta na bhFianna. Micilín Mac Donnachadha. Cárna.
fuirseadh fairseadh (a dhéanamh de rud) praiseach a dheanamh de rud
fud fad
fudar fadar praiseach; "fudar a dhéanamh de rud" - praiseach a dhéanamh de rud; Tá rudaí ar fudar fadar - things are in a state of confusion
fuile faile confusion, commotion, fuss, hubbub. Leagan malartach: fuithilí faithilí
fuithilí faithilí: f.4. duine gan chrích, rud, obair, cainnte etc. gan éifeacht. Níl it fhalla ach fuithilí faithilí oibre. Cá bhfuil an leithead ná an fhuaimeantamhlacht? anuas leis ar an gcéad ghála: obair neamhcheárdamhail: abláil. Fuithilí faithilí ná deárna faic riamh i gceart: útamálaidhe gur cuma leis. Seán a' Chóta
fuimine farc a ghabháil ar dhuine léasadh a thabhairt do dhuine
furtla fartla fuadar, tranglam
futa fata/fut fat gáróid, clismirt, cabaireacht áthais
géaraide goinide a leech
giob geab/giub geab pecking, mionchaint
ní raibh gíog ná míog as (leagan malartach 'gíocs ná míocs') Ní raibh focal le clos uaidh
gírle guairle hurly-burly (leagan malartach - gírle má guairle) Gírle-ma-guairle, 'an dusta a thagas nuair a bheitheá ag tolladh leis an tarachair, nó an trathair' dar leis An Béal Beo.
gliog gleaig click-clack, chatter. (Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne) glig gleaig caint gan chiall gan éifeacht FGB
gogaille gó (a dhéanamh de dhuine) to send someone on a fool's errand
Gugalaí gug leabhar foilsithe ag Futa Fata.
bheith i do hoibín host ag duine to be a burden-bearer, a drudge for someone
hip hap/hip hop hip hop tearma.ie, focloir.ie
holam halam/hulam holam/hulm halm commotion, uproar; confusion. (leagan malartach: hólam tró)
húirte háirte (Leagan malartach hurta harta hubbub FGB
hula hairc (call to dogs) hark (away)!
Hula hul liú fiaigh Ciarraíoch - le feiceáil mar theideal ar leabhar le Seán Mac Mathúna.
hulach halach commotion, uproar; noise of chase.
hulúiste huláiste yo-heave-ho!
hurla burla hurly-burly
hurla harla 'tharla an hurla harla' halloo Lch 95 Duinnín Bleachtaire
Ní raibh húm ná hám as There was not a sound or a move out of him
hurdaí-gurdaí hurdy-gurdy
hurlama giúrlama commotion, uproar
huth ná hath int. Huh! Ní dúirt sé huth ná hath leis, he said nothing, was non-committal, about it. FGB
(teanga) liom leat double-talk, double-dealer Ó Dónaill
liútar éatar raic agus rírá
lí-lé níl lí-lé déanta iniubh agum = níl aon ábhar gnótha déanta inniubh agum, níl lí-lé acu = táid dealamh, beó bocht Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne
longar langar disorder, confusion
luchartha lochartha decrepit
thit an lug ar an lag aige he was flabbergasted, chaill sé misneach
lúrapóg lárapóg ainm ar chluiche do pháistí ar buille faoi thuairim (FGB); nonsense phrase signifying the galloping of a horse (Dineen). FGB, Dineen
luthairt lathairt raidhse, mórán
lumpar agus lampar bailúchán seanrudaí; "idir lumpar agus lampar": everything included (fosta: "cruifleog")
míle murdal! (nó Míle murdar!) horror of horrors!
idir mhioth agus mhaith idir mhaith agus olc, de gach sórt
meascán mearaí
mugadh magadh humbug, farce
múta máta duine gan mhaith, bodach (FGB); one who can do nothing properly (Dineen) FGB, Dineen
neam neam s. (Child's talk) Sweet, titbit.
niúdar neádar 1.trifling, indecisive, insipid talk; namby pamby. 2. Hesitant person; dead-and-alive person
núscar náscar 1. insipiant talk 2. hesitant person, duine lag
gheall sé na hoirc is na hairc dom gheall sé gealach is grian dom
ping pang an cluiche leadóige boird - bunaithe ar an mBéarla
plinc pleainc De thuairt, ceann ar aghaidh, (adv.); "dúirt sé plinc pleainc é" - dúirt sé glan amach é Liosta Focal as Ros Muc
plob plab 1. bubbling, gurgling sound. 2. blubbering, incoherent speech
prup-prab 'prup-prab na tine aitinn' lch 32 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac.
rírá hubbub, uproar
de rite reaite faoi luas FGB
ruaille buaille/rúille búille commotion, tumult, confusion
rup rap buinneach agus caitheamh amach
rúp ráp confusion, din
sciobtha scuabtha spick and span
sciob sceab scrimisc, brútam
sciot sceat/sciot scot (a dhéanamh de rud) to mess up sth.; to cut up something so as only to leave the worst parts
seobob, siobab m., haste, hurry, confusion, fluster; diarrhoea. cf hubub an dhob. Dineen
(tá an bord seo) siugaí siú this table is falling apart, unsteady, wobbling
siod sead chit-chat FGB
siún sincín confused person, exhausted person
sifil seaifil '...ag síor-rith chuig dochtúirí faoi chuile shifil sheaifil. 'Chuile frois frais!' Dialann Mo Mháthar Pádhraic Breathnach.
sithe seatha tittle-tattle FGB
slis sleais Ealaín an Aistriúcháin 4: The Jabberwocky. Comhar 72 (5), 22. Antain Mac Lochlainn.
slubar slabar muck, mush
slupar slapar an fhuaim a dhéanann uisce atá ag lapadaíl
smuchar smachar 'smuchar smachar na gcapall' lch 82 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac.
snasta blasta branda seacláide
sníomhaí snámhaí feithid (spinner FGB) FGB, agus Rí na gCearrbhach le Seán Ó Dúrois, agus sa ghearrscéal seo http://www.feasta.ie/2014/meanf/alt4.html
spior spear (a dhéanamh de rud) a bheag a dhéanamh de rud
sputar spatar Lch 440 Cluiche na Corónach.
subhach sách/súch sách Conaire Mór le Diarmuid Johnson
súm sám duine leamh, díbheo, spadaire, duine fuarspreosach, duine spadánta.
tamhach táisc commotion, uproar
tiuf-teaf Chiffchaff (cineál éin) FGB
tic teaic tick-tack, tick-tock; "Cluineann sí tic teaic an chloig." FGB agus lch 71, Máire Dinny Wren, Go mbeinnse choíche saor, cnuasach gearrscéalta
toiriall tairiall stráice craiceann ó chorpán, (a ndeirtí go raibh draíocht ag roinnt leis)
(Go) torpach tiarpach all puffed up, full of pomposity. FGB
treillisg bhreillisg melee
triopall treapall trailing thing; disorder; confusion "Ná fág gach uile rud ina thriopall treapall" - Ná fág gach rud ina phraiseach.
tromach tramach pell-mell, topsy-turvy
bhí *trup trap* acu ar fud an tí bhíodar ag siúl go torannach ar fud an tí.
tuf taf rancid; "Tá an sneachta alright ach is fearr liom tuf-taf é ná ina phlub-phlab" gearrscéal Leaca an Tí Mhóir le Seán Mac Mathúna
tuirseach traochta exhausted
trut trat sound of tramping feet, noise, din. FGB

Abairtí agus eile

Ina measc seo tá abairtíní beaga agus nathanna a leanann an sainmhíniú thuas nó a thagann leis de bharr litrithe.

  • gíog (Sa nath) gíog guag a dhéanamh de dhuine, to confound s.o. utterly. FGB
  • Nath, Níl ciú ná ceá aige, he is quite illiterate. FGB
  • Niúidí-neáidí EID, boigeartán, Síle.
  • 'siúd isteach an to-tó' Tomhas de chuid Anna Nic an Luain, focal folaithe raiméise ar luchóg.
  • gib-gab, dil.ie/25821 (A.S. origin acc. to Meyer, Wortk. 78 . Cf. Scottish and N. Engl. `giff-gaff'; native formation acc. to Kelly, Celtica xxv 98 ) onomatop. unintelligible gabbling, jargon : gib-gab (gipa-gapa, giba-gapa v.ll.) na gcennaighi, Anecd. ii 72.9 . Cf. gic-goc and see Dinneen s.vv. giob , geab.
  • gan frapa gan taca
  • steig meig a dhéanamh de dhuine - cloigeann duine a scoilteadh focloir.ie
  • Gíoc bíoc! - Peep-bo! FGB
  • fuip faip - tagairt do (fhuaim?) ráipéar, An Litir, Liam Mac Cóil.
  • ar bhois agus ar bhais an mhaide rámha
  • bhain sé sliseóg dhe thaobh dúrach agus sliseóg de thaobh darach
  • Ba mhó a shola ná a dhola, he gained more than he lost. FGB
  • siúlach scéalach
  • Patairín agus Patarún – leabhar le hAilbhe Ó Monacháin
  • Gan “thú" gan “thá” as (David Copperfield, lch 801)
  • Ó Stiúcaí Stiúgtha: Bliodar bleadar, fastaím, brille breaille, amaidí-dú-dá, truflais smuflais, réiméis raiméis
  • Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire 'D'eirghi sé go hú, há, go neart a chrá[mh]...'
  • 'hólas bólas' - Alan Titley - Is fíor go raibh níos mó oideachais orainn seachas mar a bhí aimsir Vítneaim, ach shílfeá nach slogfaí a leithéid hólas bólas arís.
  • fiosach feasrach “Níl dochar a bheith fiosach feasrach an uair atá ann”. Nó ‘fiosrach feasrach’, b’fhéidir. Tá ‘fiosrach’ san fhoclóir agus níl ‘fiosach’. Níl aon sampla eile de ‘fiosach’ ach amháin ag Seán Mac Meanman.
  • Ící Pící - Amhráin nuachumtha do pháistí
  • brútam prúcam prácam Alan Titley https://www.irishtimes.com/culture/treibh/coincr%C3%A9it-anuas-ar-chne%C3%A1-1.3460643
  • Trumpaí Dumptaí agus an Falla Mór
  • 'Humtí Dumtí' aistriúchán Gaeilge ar an rann cáiliúil in An Tigh a Thóg Seáinín le Pronnséas Ó Súilleabháin.
  • Filimín Failimín - Humpty Dumpty Nicholas Williams Lastall
  • Munachar agus Manachar - Tweedledum and Tweeldledee Nicholas Williams Lastall
  • Hurú! Hurá! mar aistriú ar Callooh! Callay! an Gheabairleog, Williams
  • Fuadar ná feadar Peadar Ua Laoghaire
  • Súistín búistín - ón amhrán Léim Thart le Des Bishop agus ón rann Lúrabóg, Lárabóg."
  • Lumpar is Lampar - 'bhailíodar Lumpar is Lampar lasmuigh den sceallóglann...' Muiris Ó Meára.

"Lúrabóg Lárabóg, buidhe ó n-Éirinn, Éire plubán, plubán súlach, súil na gcaorach, dhá chéad lumán, lumán, láthaigh, súistín, búistín, buille bheag ar bhéicín, buille bheag ar bharr na gcos agus cnap isteach an fhaoideóig bhuidhe."

  • Dúidín dáidín (An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta Go bhfaighidh mé aríst é.) ón amhrán An Dreoilín.
  • Tá léimeadáin againn, preabadáin, siúladáin, scioradáin, cnagadáin, lupadáin, lapadáin, súistín, búistín, agus dib-a-deáb-a-dúistín againn. Tuairisc https://tuairisc.ie/ta-leimeadain-preabadain-siuladain-scioradain-cnagadain-lupadain-lapadain-suistin-buistin-agus-dib-a-deab-a-duistin-againn/
  • Gígí Gaigí Iontais - Ainm Gaeilge a cumadh mar leagan ar Wibbly Wobbly Wonder. https://tuairisc.ie/cen-ghaeilge-ata-ar-wibbly-wobbly-wonder-agus-loop-the-loop/
  • Aililiú Pililiú Jeepers Creepers Ingemar Lejonborg Pádraig Ua Maoileoin 1982 A0741 agus san amhrán An Poc ar Buile.
  • tamhach, s. (In phrase) ~ táisc, commotion, uproar. FGB
  • Gogaí bogaí - gogaí (Child’s name for) egg. Duinnín ar an Sceilig.
  • Rann beag ag Brian Ó Baoill faoi na méara: Ordóg, colagóg, méar fuda fada, mac an aba, lúirín beag ina luí sa log is é ag baint fug do mhamaí.
  • taoile tuile
  • scríb scrob
  • Fear scrob scrab (veidhleadóir)/Ag imirt ar a scríob scrab. lch 18 Cín Lae Amlaoibh
  • gíc goc Stair na Gaeilge.
  • Hong Cong
  • Cu-cú - gairm an éin, an chuach. NEID
  • Tic Teac - dráma le Púca Puppets
  • ho hó, int. Oho! FGB
  • had dad = háidí 1. = int. (Admonishing child) Ha! Aha! 2 :ha. FGB
  • prúta práta - sa scéal An Triú Scéal Déag, lch 204 le hAlan Titley
  • Trupall Trapall, Rainn bheaga ón mbéaloideas do pháistí óga, 1972, An Gúm, Clíodna Cussen
  • sníc píc - feicthe in úsáid
  • slug slag (gib gab i mBéarla) á rá ag foileán, http://www.potafocal.com/beo/?s=slug+slag
  • na briathra foisteanacha faisteanacha, lch 1 An Béal Beo le Tomás Ó Máille.
  • Chun gur dhein an bhean so leongó liúngó dhom chroí. Casadh an tSúgáin.
  • fuis-fais, ciall- ráiméis. Sampla(í) Úsáide: Níl sa sgéal ach fuis fais. (Focail Fholaithe) féach fuis fáis in EID agus FGB a deir gur leagan de faoiste fáiste é seo.
  • liop-a-leap; sin é an t-iasg go dtugann na béarlóírí “Sunfish” air “Sáimhín” ainm eile air. ó An Chéad La Iasgaigh ag Garsún leis an údar Common Noun.

LIOP-A-LEAP / LIOP-A-DA-LEAP, seanfhocal: Chomh sámh le liop-a-da-leap.

  • Tharraing sé (leis) é ar an iarach agus ar an árach, he tugged at it every way he could, dragged it along as best he could.
  • och óch! och ochón! Alas! FGB
  • hoibín host, s. 1. (a) Load carried on back. (b) Child being carried pick-a-back. 2. Bheith i do ~ ag duine, to be a burden-bearer, a drudge, for s.o. (Var:hoibín hos)
  • had dad = háidí
  • Haid aid! = have at you! (in beginning a fight) (Con.). Duinnín
  • 'fear frélic agus froilic, i seomra nó i halla, 'Sea Dónal na Gréine,' Dónal na Gréine, lch 146, An Blas Muimhneach, Imleabhar II.
  • FGB leathadh leathadh lúitheach, numbness (of hands from cold).
  • (Nath) Go breas nó go treas, by hook or by crook. (FGB)
  • Humpty Dumpty. (Leagan Ciarraíoch.)

Tá Filimín Falaimín i n áird' ar an bhfalla. Thuit Filimín Falaimín anuas ar an dtalamh; Dá dtagadh dháréag agus triúr agus dachad N'Fhéadfaidís filimín Falaimín a chuir i n áird' ar an bhfalla.

Samplaí i nGaeilge na hAlban

  • fìth-fàth masc - mist of invisibility (or the power to produce said mist) (féth fíada sa Ghaeilge)
  • fàth-fìth masc -mist of invisibility (or the power to produce said mist)
  • sù-sì - súisí/sushi ACDD
  • rù-ra - haphazard, jumbled The Gaelic-English Dictionary - Colin B.D. Mark
  • Hoilibheag Hilibheag - focail ráiméise san amhrán Smeòrach Clann Dòmnaill

Foinsí

  • Foinse FGB nó Dineen seachas uimh. 21 is uimh. 70. Maidir le huimh. 69, seans go gciallaíonn sé 'd'ardchaighdeán', 'an-mhaith', 'an-deas'.
  • LISTSERV.HEANET.IE
  • Tá eolas breise le fáil i mBéaldoideas, 1988, lch 141-152 agus ar http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/macalla/
  • 10459.

Ní Dhomhnaill (Cáit): Dúblóga uamacha Gaeilge. In Béaloideas 56 (1988), pp. 141�152

A collection of alliterative and riming doublets in Irish. Includes (Ÿ8) an excursus on the possible derivation of �onna feanna

Tagairtí

  1. M. Haspelmath, M. S. Dryer, D. Gil, B. Comrie (2005). "World atlas of language structures". Oxford: Oxford University Press. OCLC 252699579.