An difríocht idir athruithe ar: "Foclóir Mháirtín Uí Chadhain"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5: Líne 5:
Idir na blianta 1937 agus 1946, bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid an Ghúim ag bailiú focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Le linn na tréimhse sin, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig an nGúm, agus sin in ord agus in eagar faoi bhreis agus 1,000 ceannfhocal. Anuas air sin, chuir sé samplaí ar fáil, a bhí bunaithe ar chaint bheo na háite, mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal. Tugann na blúiríní beaga seo léargas dúinn ar ghnáthshaol na Gaeltachta.

Foireann Fhoclóir Stairiuil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, a rinne an obair ullmhúcháin ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne. Foilsíodh an foclóir mar chuid den tionscadal taighde [[Foclóir Stairiúil na Gaeilge]]. Chuir an [[Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán]] maoiniú ar fáil d'Acadamh Ríoga na hÉireann, chun foclóir stairiúil a chruthú, a thabharfadh léargas cuimsitheach ar bhrí agus úsáid na Gaeilge le linn na tréimhse c.1600-2000. Tá tuilleadh eolais maidir leis an tionscadal ar fáil ag https://www.ria.ie/research-projects/focloir-stairiuil-na-gaeilge .
Foireann Fhoclóir Stairiuil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, a rinne an obair ullmhúcháin ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne. Foilsíodh an foclóir mar chuid den tionscadal taighde [[Foclóir Stairiúil na Gaeilge]]. Chuir an [[Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán]] maoiniú ar fáil d'Acadamh Ríoga na hÉireann, chun foclóir stairiúil a chruthú, a thabharfadh léargas cuimsitheach ar bhrí agus úsáid na Gaeilge le linn na tréimhse c.1600-2000.
==Féach tuilleadh==
Tá tuilleadh eolais maidir leis an tionscadal ar fáil ag https://www.ria.ie/research-projects/focloir-stairiuil-na-gaeilge .

[[Catagóir:Leabhair le Máirtín Ó Cadhain]]
[[Catagóir:Foclóirí Gaeilge]]
[[Catagóir:Máirtín Ó Cadhain]]

Leagan ó 12:42, 18 Meitheamh 2021

Togra digiteach foclóireachta ó Acadamh Ríoga na hÉireann é Foclóir Mháirtín Uí Chadhain a tháinig amach sa bhliain 2021.

Tá sé bunaithe ar an méid a scríobh Máirtín Ó Cadhain, faoi 850 ceannfhocal, ó chanúint a dhúiche féin agus ó mhórcheantar Gaeltachta na Gaillimhe. Áirítear sa mhéid sin 16,151 de shleachta samplacha ina bhfuil breis agus 500,000 focal de théacs ina iomláine. Cuiredhn in eagar na bunlámhscríbhinní a chuir an Cadhnach chuig an nGúm idir na blianta 1937 agus 1946. Trí cinn d'eagráin den téacs atá i gceist: eagrán sa nualitriú, eagrán sa bhunlitriú, agus tras-scríbhinn den ábhar díreach mar a bhí sé ag an gCadhnach. Tá sé i gceist go gcuirfear tuilleadh ábhair leis amach anseo. Charles Dillon Eagarthóir Foclóir Stairiúil na Gaeilge ó Acadamh Ríoga na hÉireann.

Idir na blianta 1937 agus 1946, bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid an Ghúim ag bailiú focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Le linn na tréimhse sin, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig an nGúm, agus sin in ord agus in eagar faoi bhreis agus 1,000 ceannfhocal. Anuas air sin, chuir sé samplaí ar fáil, a bhí bunaithe ar chaint bheo na háite, mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal. Tugann na blúiríní beaga seo léargas dúinn ar ghnáthshaol na Gaeltachta.

Foireann Fhoclóir Stairiuil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, a rinne an obair ullmhúcháin ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne. Foilsíodh an foclóir mar chuid den tionscadal taighde Foclóir Stairiúil na Gaeilge. Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil d'Acadamh Ríoga na hÉireann, chun foclóir stairiúil a chruthú, a thabharfadh léargas cuimsitheach ar bhrí agus úsáid na Gaeilge le linn na tréimhse c.1600-2000.

Féach tuilleadh

Tá tuilleadh eolais maidir leis an tionscadal ar fáil ag https://www.ria.ie/research-projects/focloir-stairiuil-na-gaeilge .