An difríocht idir athruithe ar: "Pàrlamaid na h-Alba"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
clib: Visual edit Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Scottish Parliament, Main Debating Chamber - geograph.org.uk - 1650829.jpg|deas|250px|thumb|Pàrlamaid na h-Alba]]
[[Íomhá:Scottish Parliament, Main Debating Chamber - geograph.org.uk - 1650829.jpg|deas|250px|thumb|Pàrlamaid na h-Alba]]
Is í comhdháil reachtúil na [[Albain|hAlban]] í '''Pàrlamaid na h-Alba''', nó '''Parlaimint na hAlban''' as Gaeilge na hÉireann. Tá sí lonnaithe i bhFoirgneamh na Parlaiminte, i gceantar Theach an Róid i [[Dún Éideann|nDún Éideann]], príomhchathair na hAlban, agus is minic a thugtar 'Teach an Róid' uirthi go neamhfhoirmeálta. Tá an pharlaimint déanta de 129 ball tofa, ar a dtugtar 'Baill Pharlaimint na hAlban', nó BPAanna.
Is éard atá i gceist le '''Pàrlamaid na h-Alba''', nó '''Parlaimint na hAlban''' as Gaeilge na hÉireann, ná comhdháil reachtúil na [[Albain|hAlban]]. Tá sí lonnaithe i bhFoirgneamh na Parlaiminte, i gceantar Theach an Róid i [[Dún Éideann|nDún Éideann]], príomhchathair na hAlban, agus is minic a thugtar 'Teach an Róid' uirthi go neamhfhoirmeálta. Tá an pharlaimint déanta de 129 ball tofa, ar a dtugtar 'Baill Pharlaimint na hAlban', nó BPAanna.


== Stair ==
== Stair ==

Leagan ó 10:57, 27 Bealtaine 2021

Pàrlamaid na h-Alba

Is éard atá i gceist le Pàrlamaid na h-Alba, nó Parlaimint na hAlban as Gaeilge na hÉireann, ná comhdháil reachtúil na hAlban. Tá sí lonnaithe i bhFoirgneamh na Parlaiminte, i gceantar Theach an Róid i nDún Éideann, príomhchathair na hAlban, agus is minic a thugtar 'Teach an Róid' uirthi go neamhfhoirmeálta. Tá an pharlaimint déanta de 129 ball tofa, ar a dtugtar 'Baill Pharlaimint na hAlban', nó BPAanna.

Stair

Bhí parlaimint ag an Albain roimh 1707, ach cuireadh as di le hAcht an Aontais na bliana sin, a d'aontaigh Albain le Sasana isteach sa Ríocht Aontaithe. I ndiaidh méid mhór chaibidle i rith na 20ú haoise ar cheist logánú cumhachtaí go hAlban, chuir Acht na hAlban 1998, acht de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, parlaimint nua logánta ar bun. Tharla an chéad toghchán chun Pharlaimint na hAlban i Mí na Bealtaine 1999, agus thosaigh sí ag obair Mí Iúil na bliana céanna.

Cumhachtaí

Nicola Sturgeon, Céad-Aire reatha na hAlban

Roghnaíonn an pharlaimint Céad-Aire na hAlban, a stiúrann siansan Rialtas na hAlban.

Tig le Parlaimint na hAlban dlíthe a dhéanamh in iomaí réimsí a bhaineann le gnóthaí na tíre, agus tig léi céim bhunúsach na gcánach tuarastail a ardú nó a ísliú go dtí trí phingin sa phunt ón ráta a shocraíonn rialtas na Ríochta Aontaithe don chuid eile den ríocht. Thug Acht na hAlban 2012 agus Acht na hAlban 2016, achtanna de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, chumhachtaí leasaithe cánach do Pharlaimint na hAlban, agus tháinig siad seo i bhfeidhm go hiomlán sa bhliain 2017.

Tá cumhacht ag Parlaimint na hAlban dlíthe a dhéanamh ar raon ghnóthaí ar a thugtar “cúrsaí tiomnaithe”. Ina n-áireamh seo, tá:


Socraítear cuid de na cúrsaí a bhaineann le hAlbain ach a bhfuil tionchar acu ar an Ríocht Aontaithe, nó tionchar idirnáisiúnta, i bParlaimint na Ríochta Aontaithe i Westminster seachas i dTeach an Róid. Is é “cúrsaí in áirithe” a thugtar ar na rudaí seo, ina n-áireamh siúd:

Toghcháin

Is gnáth do thoghcháin do Pharlaimint na hAlban a tharlú gach cúig bliana. An córas vótála, is é cineál d'ionadú cionmhar atá ann ar a dtugtar an t-ainm Córas Ball Breise. Tá dhá vóta ag gach vótálaí: ceann amháin ar son feisire sa toghcheantair, agus an ceann eile ar son liosta iarrthóirí sa réigiún. Tá gach duine in Alban á ionadú le BPA áitiúil amháin agus seacht BPA réigiúnacha. Tá stádas comhionann ag gach BPA sa Pharlaimint agus is féidir le toghthóirí fios a chur chuig duine ar bith den ochtar atá á ionadú.

Lena vóta toghcheantair, déanann an vótálaí rogha idir na hiarrthóirí atá ag seasamh sa toghcheantar ina bhfuil sian. Is é an t-iarrthóir leis an uimhir is mó vótaí a bhaineann an suíochán amach. Tá 73 BPA toghcheantair go léir ann.

An vóta eile, an vóta réigiúnach, is ar son páirtí polaitiúil atá sin, nó ar son duine a sheasann go neamhspleách sa réigiún. Tá ocht réigiún toghchánacha ann do Pharlaimint na hAlban agus seacht suíochán sa Pharlaimint ag gach ceann acu, 56 suíochán uile go léir. I ngach réigiún, roinntear na suíocháin ionas gurb ionann sciar an vóta a fuair páirtí áirithe agus an méid suíochán atá acu, idir shuíocháin toghcheantair agus shuíocháin réigiúnda araon. Mar shampla, má fuair Páirtí A 50% den vóta agus gach ceann de na naoi suíochán toghcheantair a bhí le fáil sa réigiún, agus a fuair Páirtí B 30% den vóta ach suíochán toghcheantair ar bith, tabharfar b'fhéidir cúig shuíochán réigiúnda do Pháirtí B, ionas go mbeadh timpeall ar 50% de na suíocháin ar fad ag Páirtí A, agus timpeall ar 30% díobh ag Páirtí B.

Comhdhéanamh reatha

Seo hé a leanas ná tábla ag taispeáint comhdhéanaimh reatha na Parlaiminte, de réir páirtithe. I láthair na huaire, is é Páirtí Náisiúnta na hAlban atá i mbun rialtais, agus tacú acu ón bPáirtí Glas.

Páirtithe polaitíochta i bParlaimint na hAlban
Páirtí Suíocháin
Páirtí Náisiúnta na hAlban 63
Páirtí Coimeádach 31
Páirtí an Lucht Oibre 24
Páirtí Glas 6
Páirtí Daonlathach Liobrálach 5
Iomlán 129

Pobalbhreitheanna

Taispeánann na táblaí seo thíos meán gluaiseach 28-lá de na pobalbhreitheanna don chéad toghchán eile don pharlaimint, an chéad cheann ag taispeáint torthaí do na vótaí réigiúnda, agus an dara ceann ag taispeáint torthaí do na vótaí sna toghcheantair:

Vóta Réigiúnda

Vóta Toghcheantair