An difríocht idir athruithe ar: "Echtra Fergusa maic Léti"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Cuireadh píosa eolais eile leis
→‎Naisc sheachtracha: Naisc sheachtracha
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 15: Líne 15:


==Naisc sheachtracha==
==Naisc sheachtracha==
* [https://www.vanhamel.nl/codecs/Echtra_Fergusa_maic_L%C3%A9ti Echtra Fergusa maic Léti] ar CODECS
* [https://iso.ucc.ie/Echtra-fergusa/Echtra-fergusa-index.html Echtra Fergusa maic Léti] ar ''Irish Sagas Online''
* [http://sejh.pagesperso-orange.fr/keltia/version-en/fergletiA.html ''The Saga of Fergus mac Léti – Echtra Fergusa maic Léti''] le fáil ar sejh.pagesperso-orange.fr
* [http://sejh.pagesperso-orange.fr/keltia/version-en/fergletiA.html ''The Saga of Fergus mac Léti – Echtra Fergusa maic Léti''] le fáil ar sejh.pagesperso-orange.fr



Leagan ó 17:32, 15 Aibreán 2021

Is scéal na Rúraíochta é Eachtra Fhearghasa mhic Léite (Sean-Ghaeilge: Echtra Fergusa maic Léti).

Achoimre

Bhí geis ar rí na nUladh, Fearghas mac Léite gan dul ag tumadh i Loch Ruaidhrí. Lá breá éigin, gan coinne dhúisigh lúchorpáin ("beag-corp", leipreacháin) é[1] agus caitheadh san uisce é. D'éirigh leis, ámh, greim a rug ar roinnt dóibh, agus bronnadh trí ghuí air. Ba í ceann amháin acu bheith i ann análú faoin uisce - i ngach aon áit, ach amháin Loch Ruaidhrí.

In ainneoin sin, rinne sé iarracht tumadh ann, agus bhuail sé le muirdris (dris nó ollphéist mhara), a raibh in ann é féin a chrapadh agus i bpreabadh na súl arís a phléascadh. Tugadh an oiread sin geit as Fearghas gur cuireadh a aghaidh as a riocht, agus d'fhan mar a bhí.[2] Leis a leithéid d'ainimh, ní bheifí de ghnáth in ann rialú gan muinín na muintire, ach choinnigh na hUlaidh a rún faoi cheilt - chuir sé gach scáthán as radharc, go bhfana dofheicthe a aghaidh casta - agus lean air mar rí.

Seacht mbliana ina dhiaidh, ámh, bhí cailín aimsire aige ach lascadh sé í. Mar chúiteamh, thóg sí scáthán léi chuige, chonaic sé a aghaidh ann, agus d'aithin sé an fhírinne. Chuaigh sé ar ais go Loch Ruairí agus mharaigh an ollphéist tar éis catha dhá lá, agus an t-uisce dearg ina dtimpeall. Fuair sé féin bás ámh, mar nach raibh ar a chumas análú faoin uisce na locha úd.[3]

Stair

Dar le Séamas Ó Ceithearnaigh, is ar ghnéthe den saothar eolaíochta Originum Sive Etymologiarum le hIsidorus Hispalensis atá an scéal seo bunaithe.[4]

Saothair

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Seo é an chéad lua leipreachán sna seanscéalta, féach A Dictionary Of Celtic Mythology. le fáil ar books.google.at
  2. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, S. 744.
  3. A. Binchy (eag. agus aistr.): The Saga of Fergus mac Léti. Ériu journal 16, 1952, ll. 33–48.
  4. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 92-3. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.