Spalla
Cuma
Is ionann spalla (cheville sa Fhraincis) agus nath a chuirtear isteach i líne filíochta chun an mheadaracht nó an rím a shásamh. Bhí sé an-choitianta i bhfilíocht na Sean-Ghaeilge, na dánta díreacha. Shíl PW Joyce gur dhroch-chleachtas a bhí ann. Luaitear 'gan gó' a bheith cosúil leis agus é a bheith in úsáid i bhfilíocht Gaeilge na linne sin (1910). (PW Joyce, English as We Speak it in Ireland, 1910.)
Is dóigh gur ó spallaí (scealla nó scilteáin chloiche) a úsáidtear le poill a líonadh agus ballaí cloiche á dtógáil a thagann an focal Gaeilge.
Samplaí ón nGaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]- cen ainble ~ gan ainfhéile
- cen brath ~ gan feall
- amru aireg ~ amhra (an) aireag (.i. aireagán)
- cúairt n-assa ~ cuairt furasta
- anba an béd ~ ollmhór an béad