Sonas


Is mothúchán dearfach agus ilghnéitheach é sonas,[1] atá thar a bheith casta ag an am céanna. Is staid mheabhrach agus mhothúchánach é a bhaineann go minic le sástacht, dea-bhail, agus/nó pléisiúr.
I gcoitinne, tá daoine in Éirinn sona agus dearfach faoina saol ar an mórgóir. In 2023, mheas beagnach 30% de dhaoine go raibh a sástacht saoil foriomlán ‘ard’ (i.e. 9-10 as 10) – níos airde ná meán an AE – agus thuairiscigh níos lú ná aon trian go raibh siad in ísle brí nó go raibh siad faoi ghruaim i gcaitheamh na 4 seachtaine roimhe sin.[2]
Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025, ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit.[3]
Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023.
Thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine".
Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, happiness, emotions from contentment to joy
- ↑ gov.ie (2024). "An Saol in Éirinn a Thuiscint: Creat Folláine 2024". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge Londain (22 Márta 2025). "Nuacht Mhall (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-22.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |