Slinneánacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
físeán gearr de chnámh leathan sa dhorchadas agus é ag casadh timpeall
Slinneán

Is é an rud atá i gceist le slinneánachtfáistineacht le slinneáin bheithíoch (.i. cnámh leathan thanaí na gualainne[1]). Gualdhraíocht a thugtar uirthi freisin.[2]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ó slinnénacht a thagann an focal seo.[3]

Sa Chultúr Gaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nós gaelach is ea an slinneánacht a bhí fós beo i nGaeltacht na hAlban go déanach sa 19ú hAois. Bhí buanna sainiúla faoi leith ag teastáil le hí a dhéanamh.[4]

Modh a Déanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhaintí an fheoil gan uirlis ar bith a úsáid ach na méaranna amháin agus ba riachtanach gan rian a fhágáil ar an gcnámh ar eagla nach bhféadfaí ciall a bhaint aisti. Treo an chinn chaoil, sin treo an beatha; treo an chinn ramhair sin treo an bháis.[4]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Foras na Gaeilge. "slinneán". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19/03/2020. Dáta rochtana: 19/03/2020.
  2. "slinneánacht, faisdineacht re slinneánaiḃ beaṫoḋaċ, gualḋraóiḋeacht"
    Risdeard Pluincéad (1662). "Vocabularium Latinum et Hibernum / Foclóir Lainne agus Gaoidheilge": 34r, s.v. 'armomantia'. 
  3. Acadamh Ríoga na hÉireann. "slinnénacht". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18/03/2020. Dáta rochtana: 18/03/2020.
  4. 4.0 4.1 Brian Ó Cuív (1954). "Modern Irish slinnéanacht". Celtica (Imleabhar 2 cuid 2).