Sliabh na mBan (amhrán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóSliabh na mBan
Cineálsaothar ceoil
Teangaan Ghaeilge
LiriceoirMícheál Óg Ó Longáin

Is amhrán traidisiúnta Éireannach é Sliabh na mBan. Baineann sé le hÉirí amach na nÉireannach Aontaithe 1798 (Bliain na bhFrancach). Deirtear gurbh é Micheál Ó Longáin a chum an t-amhrán.

An t-amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní airím véarsa ó lon ná ó chéirseach

Is ní fhásann féar ins na coillte ceart;

Níl suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúir

Ach í ag gol is ag béiceach is ag réabadh bas.

Á rá gan faothamh, ní bhfaighidh na séimhfhir

Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast,

Ag an trúp so meirligh is iad ag teacht lena chéile,

Is go mbuailfear caoch sinn ar Shliabh na mBan.


Is oth liom féinig bualadh an lae úd

Do dhul ar Ghaeil bhocht is na céadta 'slad

Mar tá na meirligh ag déanamh géim dínn

Is a rá nach aon ní leo píc ná sleá.

Níor tháinig ár Major i dtús an lae chugainn

Is ní rabhamar féinig i gcóir ná i gceart

Ach mar a sheolfaí tréada de bha gan aoire

Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.


Mo léan léir ar an dream gan éifeacht

Nár fhan le héirim istoíche is stad

Go mbeadh dúthaí Déiseach is iarthar Éireann

Ar teacht lena chéile ón tír aneas.

Go mheadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana

Bheadh cúnamh Dé linn is an saol ar fad

Is ní dhíolfadh meirleach darbh ainm Néill sinn

Is bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan.


Is é Ros do bhreoigh is do chloígh go deo sinn,

Mar ar fágadh mórchuid dínn sínte lag.

Leanaí óga 'na smóla dóite

Is an méid a fhan beo dhíobh cois claí nó scairt.

Ach geallaim féin dhaoibh, an té dhein an foghla,

Go mbeamna i gcóir dó le píc is le sleá;

Is go gcuirfeam yeomen ag crith `na mbróga,

Ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan.


Tá an cóbaigh mhóra ag iarraidh eolais,

Tá an aimsir óg is an chabhair ag teacht;

An Té mhill na gnótha is É a leigheasfaidh fós iad,

Is ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sleá.

Píosa coróineach, an chuid ba mhó dhe,

Luach éiric bó nó teaghlach deas,

Beidh rince ar bhóithre is soilse á ndó 'gainn,

Beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.


Is mó fear aosta is crobhaire gléigeal

Ó am go chéile a chuaigh thar lear,

A bhfuil cordaí caola ag baint lúth a ngéag díobh,

I ndoinsiúin dhaora go domhain faoi ghlas.

Gardaí taobh leo ná leomhfadh sméid' orthu,

Go ndéanfadh plé dhóibh i dtírtha thar lear;

Á dtabhairt saor óna namhaid gan bhuíochas,

In am an tsaothair ar Shliabh na mBan.


Is tá an Francach faobhrach is an loingeas gléasta,

Le cranna géara acu ar muir le seal;

'Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn,

Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís 'na gceart.

Dá mba dhóigh liom féineach go mb'fhíor an scéal úd,

Bheadh mo chroí chomh héadrom le lon an sceach.

Go mbeadh cloí ar mheirligh, is an adharc á séideadh,

Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.