Slí na ríthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharSlí na ríthe
(en) The Way of Kings Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBrandon Sanderson Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh leMichael Whelan Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá, 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirTor Books
Tréith
Seánraardfhantaisíocht agus fantaisíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach1,353 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthasBarr-100 Leabhar Ficsin Eolaíochta agus Fantaisíochta de chuid NPR Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
The Stormlight Archive Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-0-7653-2635-5 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir OCLC471819495 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: wayofkingsthesto00bran

Slí na ríthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é "The Way Of Kings" nó "Slí na ríthe" Úrscéal eipiciúil fantaisíochta a bhfuil scríofa ag an údar Meiriceánach Brandon Sanderson. Is ea an chéad leabhar sa tsraith "The Stormlight Archive" nó "An cartlann solas stoirme"[1]. Bhí an túrscéal seo foilsithe ar an tríochadú lá de mhí an Lúnasa sa bhliain 2010[2] Tá 75 caibidil ann san úrscéal, le 9 hidirlinn, le réamhscéal agus réamhbheart amháin, agus le hiarfhocal amháin freisin. Is ea an céad leabhar eile sa tsraith "Words Of Radiance" nó " focail loinnir", a raibh foilsithe sa bhliain 2014[3]

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Sanderson tús leis an obair ar Slí na ríthe sa bhliain 1995.[4] Críochnaigh sé leis an céad dréacht sa bhliain 2003.[5] Ar an deichiú lá de mhí na Meitheamh sa bhliain 2010 chuir an foilsitheoir, Tor books, réamhthaispeantas ar fáil ar a suíomh idirlíon. I rith na míosa sin, agus go dtí go scaoileadh an leabhar, chuir Tor books níos mó ná 11 caibidil ar fáil roimh an tríochadú lá de mhí na Lúnasa 2010.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athraíonn an dearcadh sa scéal idir trí carachtair go príomhúil : Kaladin, Dalinar agus Shallan. Athraíonn an dearcadh freisin go dtí cúpla mioncharachtar, ar nós Szeth, feallmharfóir a bhfuil sé i ndán de géill dá chuid mháistrí, fiú má athraíonn a mháistir ó lá go lá.

Tosaíonn an scéal le Szeth agus é seolta chun rí cheann de na tír is cumhachtaí, Alethkar, ar an phláinéad a mharú.[6] Tá draíocht ag Szeth nach bhfuil ag duine ar bith a bhfuil ar eolas don tsochaí. Tá sé in ann domhantarraingt a athrú do dhaoine nó rudaí. Roimh a bhfaigheann an rí bás, tugann sé leabhar dá deartháir, Dalinar, darbh ainm "The way of kings", agus tosaíonn Dalinar ag ceistiú an modh maireachtála a bhfuil ag na Daoine dúchasacha an Alethkar, a bhfuil dírithe ar chogadh agus comórtas.

Nuair a mharaigh Szeth An rí,thóg grúpa sclábhaí, a bhfuil cine iomlán difriúil darbh ainm na "parshendi", freagracht don dúnmharú. Téann Mac an rí, fear darbh ainm Elhokar, go dtí áit dúchais na parshendi, agus tosaíonn sé ag cogadh leo. Athraíonn an dearcadh go dtí Dalinar. Is é Dalinar ceann de na ndeichniúr "ardphrionsa", na huaisle is cumhachtaí sa domhan, a bhfuil díreach faoin rí. Tosaíonn Dalinar ag fáil taispeánadh ina chuid brionglóidí, a thugann íomhá de do na "ridirí lonrach", grúpa ridirí a raibh cumhacht draíochta acu. Tá na brionglóidí seo ag athrú an tuiscint a bhfuil ag Dalinar ar na ridirí, ó grúpa uafásach a lig an cine daonna síos, go dtí grúpa laochanna a rinne gach rud a raibh siad in ann chun daoine a sábháil ó cine Ollphéisteanna darbh ainm na "Voidbringers" nó " folús-déantóirí" .De bharr gach rud a bhfuil ag tarlú dó, níl Dalinar ag iarraidh troid níos mó, rud a bhfuil tabú do na cogúil Alethi. De bharr seo, tá daoine ag iarraidh Dalinar a mharú.

Athraíonn dearcadh an scéal go dtí fear darbh ainm Kaladin, sclábhaí a bhfuil fuath aige i gcomhair na gceannairí Alethkar, daoine a bhfuil súile geal acu, ar nós Dalinar. Tá súile dorcha ag Kaladin, agus tá traenáil aige mar mháinlia, rud a bhfuil fíor aisteach i gcomhair duine leis an stádas a bhfuil ag Kaladin sa tsochaí. Thairg Kaladin chun troid don arm chun a deartháir beag a cosaint. Níl kaladin in ann a deartháir a chosaint agus de bharr sin, tosaíonn Kaladin ag traenáil go crua ionas go mbeidh sé in ann aon duine a bhfuil sé ag iarraidh a cosaint.Maraíonn Kaladin iompróir scealp, fear a bhfuil claíomh agus cathéide dhraíochta aige, a bhfuil in ann gearr tríd rud ar bith agus aon ionsaí a stopadh. Diúltaíonn Kaladin an claíomh agus cathéide a thógáil, mar is ceart dó. Tógann a cheannasaí, fear darbh ainm Amaram, na scealp agus maraíonn sé scuad Kaladin agus díolann sé Kaladin go dtí ceannaí sclábhaithe chun an gadaíocht a chur i bhfolach.

Nuair a bhfuil sé i ndaoirse, Tá Kaladin seolta go dtí na machairí scriosta, áit ina bhfuil an cogadh idir na parshendi agus an Alethi ar siúl.Tosaíonn Kaladin ag obair mar cheann de na daoine droichead. Is é seo post fíor dainséarach, ina bhfuil saighdiúirí ag scaoileadh saigheada ar na daoine droichead. De bharr go bhfuil spás ollmhór idir gach ardán a bhfuil mar bhaill do na machairí scriosta, cathaigh droichead a bheith ann ionas go bhfuil an arm in ann na machairí scriosta a trasnú. Maraítear níos mó ná céad daoine droichead ag deireadh an lae. Mar a leanann an scéal ar aghaidh, tá sé soiléir nach bhfuil an post a bhfuil ag na daoine droichead an fhíor post a bhfuil acu. Is é an fhíor post a bhfuil acu ná chun a bheith ina díthreoraí ionas go mbeidh an arm in ann an droichead a thrasnú gan a bheith buaile le saigheada.Beartaíonn sé chun an scuad a bhfuil aige anois, an grúpa daoine a bhfuil ag cabhair leis an droichead a chur síos, a chosaint. Athraíonn sé an gnáth teaictic i dtroid amháin agus de bharr sin, scriosann sé an troid iomlán agus gearradh pionóis an bháis air, tríd é a fhágáil taobh amuigh i rith stoirm ollmhór darbh ainm "high storm" nó ard-stoirm. Tar éis é a mair tríd an aird-stoirm, foghlaimíonn sé go bhfuil sé in ann draíocht a húsáid.

Athraíonn an dearcadh tríd an scéal go dtí cailín óg darbh ainm Shallan, a bhfuil ag iarraidh staidéar leis an duine is cliste sa domhan, bean darbh ainm Jasnah Kholin, a bhfuil iníon rí an Alethkar agus neacht Dalinar. Téann sí go dtí Jasnah, a bhfuil i thír iomlán difriúil ionas go mbeidh sí in ann meaisín draíochta briste a bhfuil aici a haistriú le ceann a bhfuil ag obair ag Jasnah. Goideann sí an meaisín agus aistríonn sí an ceann briste leis an cheann a bhfuil ag obair. Níl Shallan in ann an ceann a bhfuil ag obair a húsáid agus cuireann sé isteach uirthi, go dtí go haistríonn sí buidéal uisce go dtí fuil gan an meaisín draíochta a chaitheamh.Insíonn sí bréag, agus deireann sí go bhfuil an fhuil ar an hurlár de bharr iarracht lámh a chur ina bhás féin.Nuair a fhoghlaimíonn Jasnah go bhfuil Shallan in ann draíocht a dhéanamh gan an meaisín draíochta, tugann sí maithiúnas do Shallan, agus insíonn sí dí faoi na folús-déantóirí agus na ridirí lonrach.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scéal suite ar pláinéid darbh ainm Roshar, áit chrua ina bhfuil tubaiste nádúrtha darbh ainm "ard-stoirm" gach dhá sheachtaine. Tá stair an pláinéad seo dírithe ar thubaiste darbh ainm an léirscrios, am ina raibh cine ollphéist ag siúl timpeall na domhanda. Chun críoch a chur leis an léirscrios, bhunaigh daoine grúpa darbh ainm na ridirí lonrach chun troid i gcoinne an chine ollphéist seo. Tar éis an léircscrios, tréig na ridirí lonrach an cine daonna, agus d'fhág siad na huirlisí troda agus na cathéidí draíochta ar an talamh.

Tá draíocht an domhan seo bunaithe ar an solas a thagann le gach ard-stoirm. Fanann an solas seo i geamchlocha a bhfuil úsáidte mar airgeadra ar an phláinéid. Baineann na daoine leis meaisín draíochta úsáid as an solas seo mar fhuinnimh chun an draíocht a dhéanamh.Tá tábhacht ag baint leis an dath súile freisin, tá daoine le dathanna geal, ar nós gorm nó glas mar cheannairí an tsochaí, agus daoine le súile dorcha, ar nós donn, tógtha mar sclábhaí. Tá tábhachtach mór ag baint leis an solas de bharr ceangal leis na ridirí lonrach, grúpa a raibh súile lonrach acu.

Ar an bpláinéad seo, tá forbairt déanta ag gach ainmhí agus planda chun dul i ngleic leis an aimsir. Tá beagnach gach ainmhí sa scéal bunaithe ar ainmhí crústach. Tá na plandaí in ann bogadh chun an Ghaoth láidir agus na haird-stoirme a sheachaint. Tá spiorad beag ann timpeall na bpláinéad freisin, darbh ainm "spren". Téann "spren" go dtí aon fhoinse de mhothúcháin ar bith, ar nós spren sásta go dtí duine sásta agus spren brónach go dtí daoine brónach. Tá siad comónta go leor go dtí an pointe go bhfuil tuiscint ag daoine ar spren mar rud a bhfuil páirteach don domhan ar nós an grian nó an báisteach. Is é spren cliste a bhfuil foinse an chumhacht draíochtach a raibh ag na ridirí lonrach.

Pearsanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh-Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

-Kaladin: Sclábhaí le súile dorcha. Tar éis dó a bheith curtha chun bás san aird-stoirm, foghlaimíonn sé conas draíocht a húsáid. Tá spren ag leanúint é, cailín darbh ainm Sylphrena, nó Syl. Tá Syl an cúis go bhfuil Kaladin in ann draíocht a húsáid.

-Dalinar: Ard-phrionsa le súile geal. Tar éis faigheann a dheartháir ,an rí, bás, bíonn sé á ceistiú na nósanna a bhfuil ag na daoine ó Alethkar.

-Shallan: Cailín uasal le súile geala. téann sí go dtí Jasnah chun meaisín draíochta a goideadh. Foghlaimíonn sí go bhfuil sí in ann draíocht a úsáid gan aon chabhair ón meaisín draíochta. Tógann Jasnah í mar a dalta ag deireadh an scéal.

-Szeth: Feallmharfóir a mharaigh rí na Alethi. Is fuath leis ag marú ach cathaigh sé a hordanna a leanúint.

Fáilte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacadh leis an leabhar go dearfach.Ag am an scríobhneoracht seo, tá níos mó ná 1M cóipeanna díolta ón dáta foilsithe[7].Tá níos mó ná 266,420 freagraí ar goodreads le meán scór de 4.65 as 5[8] Ar an suíomh idirlíon medium.com, bhí comparáid déanta ag an údar idir Slí a Ríthe agus leabhar ollmhór eipice eile, ar nós Tiarna na bhFáinní agus an Fonn Oighir Tine.[9] Critíc comónta a bhfuil ann leis an leabhar ná go bhfuil an scéal mall[10].

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buaigh slí na ríthe duais finscéalta David Gemell sa bhliain 2011 i gcomhair an scéal is fearr fantaisíochta agus bhí an leabhar ainmnithe ag goodreads sa bhliain 2010 i gcomhair an leabhar fantaisíochta an bhliain sin.[11]

Cóiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cloisleabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cloisleabhar curtha ar fáil sa Lúnasa 2010. Tá Kate Reading agus Michael Kramer ag insint an scéal. Léigh siad cúpla leabhar eile scríofa ag Brandon Sanderson, , ar nós an Roth ama.[12][13] Bhí leagan eile curtha ar fáil ag Graphic audio, a raibh briste ina cúig chuid.[14]

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2016 ceannaigh an comhlacht DMG na cearta i gcomhair slí na ríthe. Tá siad ag déanamh gach iarracht scannán a chruthú go luath.[15]

Cluiche ríomhaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cluiche réaltacht fhíorúil ar fáil darbh ainm "Slí na ríthe: Éalú as na machairí scriosta". Bhí sé curtha ar fáil ar an 2ú Márta 2018.[16]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. chief (2009-11-21). "THE STORMLIGHT ARCHIVE® SERIES" (en-US). Brandon Sanderson. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  2. "Author Brandon Sanderson's real-life fantasy" (en-US). The Salt Lake Tribune. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  3. Tor.com (2013-07-30). "Words of Radiance Release Date Has Moved" (en-US). Tor.com. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  4. Brandon Sanderson (2010-06-10). "The Way of Kings: An Introduction" (en-US). Tor.com. Dáta rochtana: 2020-03-20.
  5. Brandon Sanderson; Internet Archive (2011). "The way of kings". Tor Fantasy. 
  6. "The Way of Kings - PDF Free Download" (en). epdf.pub. Dáta rochtana: 2020-03-20.
  7. Andrew Whalen On 1/17/19 at 6:10 AM EST (2019-01-17). "When will Book 4 of Brandon Sanderson's 'Stormlight Archive' be out?" (en). Newsweek. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  8. "The Way of Kings (The Stormlight Archive, #1)". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  9. Primo Saktyawan (2017-06-03). "The Way of Kings Review. The Start of a Groundbreaking New Epic?" (en). Medium. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  10. "SF REVIEWS.NET: The Way of Kings / Brandon Sanderson ★★★". www.sfreviews.net. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  11. "sfadb : Brandon Sanderson Awards". www.sfadb.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  12. "https://www.audible.co.uk/ep/title" (as en) . 
  13. "Audiobooks & Original Audio Shows - Get More from Audible" (as en) . 
  14. "The Stormlight Archive 1: The Way of Kings 1 of 5" (en). www.graphicaudio.net. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  15. Brent Lang, Brent Lang (2016-10-27). "DMG Nabs Rights to Brandon Sanderson’s ‘Cosmere’ Book Universe in Massive Deal (EXCLUSIVE)" (en). Variety. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  16. "The Way of Kings: Escape the Shattered Plains on Steam" (en). store.steampowered.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.