Slí Chill Mhantáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Slí Cualann Nua)
An cuimhneachán J. B. Malone agus Loch Té

Is cosán fad-achair í Slí Chill Mhantáin (Béarla: Wicklow Way)[1]'Slí Cualann''Slí Cualann Nua'. Is í an tSlí Náisiúnta Slímharcáilte is sine sa tír agus seans gurb í an ceann is mó cáil freisin.

Log na Coille[2]
Gleann Dá Loch

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní aistriúchán díreach é an t-ainm "Slí Cualann Nua". Is tagairt í do Shlíghe Chualann, ceann de chúig bhealach ársa ó Chnoc na Teamhrach a rith trí thalamh Cuala (Cill Mhantáin an lae inniu).[3]

Mhol an siúlóir J. B. Malone an tSlí sna 1960idí. Osclaíodh an cosán de réir a chéile le linn 1980-1982.

Bealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síneann an tSlí ó Páirc Mharlaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chomh fada le Cluain na nGall i gCeatharlach.[4]

An bealach is éasca ná an chéad chuid ó Bhaile Átha Cliath go hÁth na Sceirí i gCill Mhantáin. Tá beagán le cois 25km i gceist leis an lá ach is féidir stopadh i nGleann Cuilinn agus an 44B a fháil ar ais chuig an gcathair leath bealaigh tríd.[5]

Téigh ar 16 go Páirc Marley más ag siúl ó dheas atá tú agus faigh an 44 as sin. Is féidir áiteacha eile – Cúirt na bPaorach agus Coill an Chorráin a bhaint amach ó Áth na Sceirí ach siúlóid <5km a chur díot freisin.

Más maith leat an chéad chuid eile de Shlí Cualann a dhéanamh, is féidir siúl ó Choill an Chorráin chomh fada leis an Tóchar (Bus 181) nó le hÁth na mBó (an bus céanna).

Gleann Dá Loch ar an tSlí agus is féidir leanacht ar aghaidh ar an gcosán sin as seo, ach is iomaí bealach siúil atá sa Ghleann, Slí na Mianadóirí, an Spinc, agus Poll an Easa ina measc. Is féidir St Kevin’s Bus a fháil ó Bhaile Átha Cliath nó an Nasc Áitiúil a fháil ó bhaile Chill Mhantáin chomh fada le hIonad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Slí Chill Mhantáin/Wicklow Way" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-03-05.
  2. "Log na Coille/Lugnaquillia Mountain" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-03-06.
  3. Comhair / Liam Mac Mathúna (Nollaig 2017). "Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna" (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2024-03-05.
  4. "Smaointe Fánacha Aonghusa". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2024-03-06.
  5. 5.0 5.1 Maitiú Ó Coimín (2022-04-21). "10 moladh don eachtraí gan charr in Éirinn" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-03-06.